Scriobh Ennis gur ó Ghaoth Dobhair an leagan seo ag Dinny. Fuair sé ó Mhairéad, Bean Uí Dhuibhir, Gaobh Dobhair é, tríocha bliain roimhe sin [c. 1914]. Bhí sise thar tar thrí scór san am.
Fear agus a bhean atá ag teacht ó thórramh agus castar fear óg orthu. Iarrann an fear óg an bhean a thabhairt leist. Imíonn sí leis an bhfear óg atá cábógach. Filleann sí abhaile tar éis trí ráithe.
Scríobh Ennis ‘Go réidh’ os cionn nodaireacht an cheoil.
Gabh thusa an miollach ‘s rachaidh mise an bóthar,
‘S óró londubh buí
‘S cibé a leanfaidh sí, bíodh sí go deo aige,
‘S óró grá mo chroí.
Chuaigh seisean an miollach ‘s chuaigh mise an bóthar,
‘S óró londubh buí
‘S lean sí an gruagach ós aige bhí’n óige,
‘S óró grá mo chroí
D’fhan sí ar shiúl ar feadh trí ráithe
‘S óró londubh buí,
‘S phill sí abhaile arís, mallaí gan náire,
‘S óró grá mo chroí.
D’fhiafraigh sí daoim caidé mar bhí’n tsláinte
‘S óró londubh buí,
Mar is maith le mo charaid ‘s mar ‘s olc le mo námhaid,
‘S óró grá mo chroí.
Caidé dhéanfása dá bhfaighinnse bás uait,
‘S óró londubh buí,
Chuirfinn i gconaér bhreá chúig clár thú
‘S óró grá mo chroí.
Nuair a chuala mé féin na briathra breátha,
‘S óró londubh buí
Luigh mé siar agus fuair mé’n bás sin,
‘S óró grá mo chroí.
Chuir sí beirt ‘n-a coille fá dhéin an adhmaid,
‘S óró londubh buí
Dhá mhaide cuilinn is trí mhaide fearna,
‘S óró grá mo chroí.
Chuir sí beirt ‘n-a cheardcha fá dhéin na dtáirní,
‘S óró londubh buí.
Táirní móra, ramhara, láidre,
‘S óró grá mo chroí.
Cuireadh isteach i gcónair cláir mé,
‘S óró londubh buí,
‘S a gceithre slata den tsaic ba bhreáichte
‘S óró grá mo chroí.
Tóigí suas ar ghuailleacha ard’ é,
‘S óró londubh buí,
Go n-insí mé scéal beag eile ar na mná daoibh,
‘S óró grá mo chroí.
Scéal beag inniu agus scéal beag amáireach,
‘S óró londubh buí
Agus scéal beag eile achan lá go cionn ráithe,
‘S óró grá mo chroí.
`ach go b’é gur bean a bhí’n mo mháthair
‘S óró londubh buí.
D’inseochainn scéal beag eile ar na mná daoibh
‘S óró 7rl
(Ó Mhaighréad, Bean Uí Ghuibhir, 30 bl. ó shin (bhí sí c. 60 bl. san am) Gaoth Dobhair, a fuair Dinny é.
Scríobh Ennis ‘Go réidh’ os cionn nodaireacht an cheoil.
Óró Londúbh Buí (Óró, Yellow Blackbird)
Ennis wrote that this version from Dinny is the Gaoth Dobhair version of the song. He got it from Mairéad, Bean Uí Ghuibhir, 30 years ago [c. 1914], (she was around 60 at the time), Gaoth Dobhair.
A man and his wife are returning from a wake when they meet a young man who asks the man for his wife. She accompanies the young man who is uncouth. After three seasons she returns home.
[See also Cuach Mo Londubh Buí]
[See NFC 1282: 20-23]
Note to music transcription:
Ennis wrote ‘easily’ in Irish, above the music notation.