ó Dréachtaí Néillidh Ó Maolagáin
B’é Barr na Cúille an chéad port a chum mé i 1987 in ómós do m’athair Tom Mulligan (1915 – 1984) a tháinig ón bparóiste Barr na Cúille i gContae Liatroma. Ceoltóir ar an bhfidil agus píobaire ab ea é. Bhí páirt mór aige i saol an cheoil i mBaile Átha Cliath ón am gur tháinig sé chuig Baile Átha Cliath i 1935. B’é duine de na baill agus duine de na ceoltóirí a spreag Cumann na bPíobairí Uilleann sna daichidí agus ar aghaidh go dtí na seachtóidí le club ceoil eile i Sráid an Teampaill. B’é duine do na bunaitheoirí de na Píobairí Uilleann i 1968, an Cumann John McKenna agus an t-inspioráid taobh thiar de
bhunadh Scoil Shamhraidh Joe Mooney i gContae Liatroma.