Amhrán grá é seo ag teacht le hamhráin ghrá liriciúla na Gaeilge. Suitear an t-amhrán sa dúlra agus baintear leas as na híomhánna le mothúcháin láidre a chur in iúl. Tá feirmeoir óg ag mairgní faoina shaol. Tá a chuid éadach scáinte, caite agus é féin i bhfiacha. Fiafraíonn sé de chailín beag na luachra an dtiocfaidh sí in éineacht leis. Deir sise go bhfuil aiféala uirthi gur lig sí dó í a mhealladh. B’fhearr léi bheith ag baint na luachra ná a leanbh seisean a bheith ar a gualainn á iompar aici. [CBÉ 1280: 212-214]
Notá le hathscríobh an cheoil:
Scríobh Ennis i nGaeilge ar athscríobh an cheoil go bhfuil sé ‘mall’. Mhínigh sé an réiltín os cionn an dara barra ar an gceathrú líne i mBéarla mar seo: ‘This bar should probably be written 4/4 giving the first D double its duration.’
An Binsín Luachra (ceól 31)
An Bínnsín Luachra
B’fhurusd’ aithinte dhom an uair údan a luaú mé go h-óg le mnaoi
Nach ndéanfainn baint ná bualadh ná stuaim ar bith in aice ‘n tighe,
Tá mo bhothán fuadaighthe – ‘sé ‘dhualgas an sruth b[?h]eith thríd,
‘S ní fhásann cíb ná luachair ar na tuartha* seo ná mórán fraoígh.
Nuair a scallanns grian a’ tsamhra nach fánn é mo leagan súl
‘Mo sheas’ ós cíonn mo láidhe agus ‘ fánach lag mar ghearrainn fód
Mo mhallacht-sa go’n Eáglais mar sí d’fhága mé gan pléadhchain** leób
‘Snach deas a thairneóinn snáthaín fré mrá deasa ‘stigh sa ló.
Níl stoca ‘rum ‘sníl bróg a’am ‘sníl stóilín a’am a suidhfinn síos
Níl mo bhríste’r fóna’ sdar ndóinín tá mo phluid gan fíll,
Tá mo chóitín stróicithe agus ‘gearr go dtóigfear mo dhá bhó ‘n sa’ gcíos
Tá ‘lán go lucht an ósta tíocht anuas orm faoi luach na dighe.
‘Chailín deas na luachra nó’n truagh leat mo bheart ar lár,
Nó ‘dtiocá liom ar uaigneas faoi bhruach na coille’s deise bláth,
Sagart ní bhfuighidh scéal orainn ná aon duine*** beó ‘gCrích**** Fáil,
Nó go dtaga caint do’n chéirseach agus Gréigis go’n laidhirín trágha.
[ó Mháire Sheáinín Choilmín a bhfuil roimhe seo]
Mheáll tú mise bhuachaill lé do chluanaidheacht ‘sníl maith dhuit ánn,
‘Snach iomú cailín stuamdha ag iúmpar uala’ ‘gus a’ gul go fáin
B’fhearr liom ‘baint na luachair ‘sgá tuargaint***** gach uile lá,
Ná do leanabh ar mo ghualainn ‘cuir do thuairisc is gan tú le fáil.
A Mháirín thug mé grá dhuit ‘mo chrádh go deó má cheilim thú
Ar oileáinín Chruach Pháraic ‘san áit nach snámhann bád ná lúng,
Is fada na trí ráithe chaith mé’g áirdeall ort cois claidhe ‘gus túm
Mar shúil is go bhfuínn sása’ ort i’ ndearna tú go mhagadh fúm.
Ó Sheáinín Chiilmín McDonagh (74)
Chonnaic mise’ stuaimbhean ‘sí faoi bhruach na coille is glaise bheáll(?)
Beart is bínnsín buailte ‘ci dhe’n luachair ba glaise bláth
* Tuartha – “áit a mbeadh ba ar féarach”
** pléidhe – níor thuig Máire an line.
*** Ní fhuaimightear an “d”.
**** Ní fhuaimightear aon “c” ná “h” annseo
***** Tuargaint – briseadh agus brughadh luachra
Mí Iúil 1943 thug Séamus Ennis cuairt go rialta go Maínis chuig Dudley an Phortaigh [Darach Ó Clochartaigh] ar scríobh Ennis faoi go raibh ceolta aige. Dúirt sé go raibh ceolta aige a thóig sé ó phortaireacht bhéil a athar agus ó cheoltóirí taistil fadó. D’athscríobh Ennis cuid mhór ceoil ó Dudley ar a bhfuil an port luascach seo. Malairt leagan é de ‘Hardiman the Fiddler’, agus tá sé foilsithe in Dance Music of Ireland (Uimh. 412) ag O’Neill agus in The Dance Music of Willie Clancy (Uimh. 127). Foilsíodh leagan den phort luascach seo in Ceol Rince na hÉireann 4 ( Uimh. 39) agus an teideal ‘The Swaggering Jig’ air cé go ndeirtear sna nótaí gur ceol eile é seachas an port luascach den ainm céanna atá in Dance Music of Ireland (Uimh. 413) ag O’Neill.
Chuireadh Colm Ó Caodháin agus a mhuintir fáilte mhór i gcónaí roimh Shéamus Ennis. Sa dialann an 26.6.43 scríobh sé: ‘Is é Colm Ó Caodháin an fear is mó a dtaitníonn liom a bheith ag obair leis a casadh liom fós.’ Scríobh Ennis faoi Cholm: ‘Fear an-ghnaíúil é agus fonn gáirí i gcónaí air’. (26.5.43). Roinn Colm Ó Caodháin stór mór amhrán agus ceoil le Ennis agus bhailigh Ennis an-chuid go deo ó Cholm le linn a thréimhse mar bhailitheoir ceoil agus amhrán ag Coimisiún Béaloideasa Éireann. Leagan é an port seo a thóg Ennis ó Cholm, ar ‘The Bridal Jig’ a foilsíodh in Dance Music of Ireland (Uimh. 310) ag O’Neill agus i bhfoilseachán 1883 dar teideal Ryan’s Mammoth Collection (lch. 112). Tá sé freisin in Johnny O’Leary of Sliabh Luachra (Uimh. 311) agus tugadh san áireamh freisin é in Allan’s Irish Fiddler.
Tá an port seo ar an gceathrú píosa ceoil i ngrúpa cheithre cinn a chas Colm le portaireacht bhéil agus a d’athscríobh Séamus Ennis. Sna nótaí leis an athscríobh ar na ceolta scríobh Ennis ‘Sean phoirt béil ó Cholm Ó Caodháin’. Ar na ceolta bhí ‘Port na Giobóige’, port ar ar thug sé ‘Port na Sióige’ agus píosa ar a dtug sé ‘Titse Miller’. Cé go dtugtar ‘Dusty Miller’ ar an bpíosa ceoil ‘Titse Miller’ agus go seinntear go forleathan é, tá an chuma air gur ceolta áitiúla na cinn eile. Ba mhinic Ennis a rá amhrán agus ag seinm ceoil a bhí bailithe i gConamara aige. Mar shampla, nuair a thug sé cuairt ar Dhún na nGall scríobh sé ‘Iarradh orm amhrán a rá agus dúras ‘Fill, Fill a Rúin Ó’ (Spidéal). Crochadh an teach… Is maith an scéal sin d’amhráin Chonamara’. (18.8.43)
Scríobh Ennis go raibh beirt fhear, fear de mhuintir Mhic Dhonncha agus fear de mhuintir de Búrca as taobh thoir de Ghaillimh ag faire ar bhean de mhuintir Mháille. D’eitigh sí an Búrcach le dhul a damhsa i dteach an cheoil ach chuaigh sí ansin ag damhsa leis an bhfear de mhuintir Mhic Dhonncha. Ghlaoigh an Búrcach ansin droch-ainm uirthi agus bhreith Mac Dhonncha ar bharra iarainn agus mharaigh sé an Búrcach leis. Chaith sé lá is bliain ansin ar a theitheadh ag obair i Leitreach Ard. Nuair a bhí lá is bliain thuas aige d’éirigh leis an bhfear a raibh sé ag obair dhó é a shaoradh thrí sheisiún cúirte. D’imigh sé abhaile ansin agus chuaigh sé go Dubh Leitir ar a bhealach abhaile dhó agus chaith sé seachtain ag ól poitín ansin agus d’fhága sé an ‘Cóta Mór Stróicthe’ déanta ansin ag imeacht dhó. Nuair a chuaigh sé abhaile bhí an bhean ar tí pósadh agus nuair a chuala sí go raibh Mac Donnacha tagtha thréig sí an fear eile agus chuaigh sí leis féin.
Bhí an t-amhrán thart ar céad bliana d’aois sna 1940í a shíl Seáinín Choilmín Mac Donncha. San amhrán, tá an fear ag smaoineamh siar ar laethanta a bhí ní ba shona. Tá a mháthair croíbhriste ós rud é go bhfuil a fear céile marbh agus a mac ag imeacht ar fud na tíre. Deir sé nach ndéanfaidh sé cumann le bean ar bith eile feasta mar go bhfaca sé fear eile ag pógadh a stóir. I mbéal Mhic Dhonncha atá an t-amhrán agus é ag imeacht leis agus droch-chaoi air. Tá sé tinn, tuirseach ón síorshiúl.
An Cóta Mór Stróicthe
Seán ‘ac Dhonnacha as Loch Mór (taobh thoir de Ghailli’) a bhí ar a’ bhfear agus Búrcach a bhí ar a’ bhfear eile (as an áit céanna) agus de Mháilleach an bhean a ra’n bheirt ag faire uirthe. D’iarr an Búrcach an bhean a’damsa i dteach an cheóil. D’eitigh sí annsin an Búrcach. D’iarr Mac Dhonncha ‘nnsin í agus chua’ sí a damsa leis. Ghlaoidh an Búrcach annsin droch-ainim ar an bhean óg agus ní rinne Mac Dhonnacha annsin ach breith ar an iarann ar an mbeaic agus an Búrcach a mharbhú leis an iarann. Rith sé annsin agus lean na gardaí é. Chaith sé lá is bliain ansin i Leitreach Árd. Bhí sé ina bhuachaill ag Seán ‘ac Dhonncha eile annsin ar feadh bliana. Fuair Seán ‘ac Dhonncha as Leitreach Ard, fuair sé freeáilte ansin ón seisiún é nuair a bhí lá ‘s bliain thuas aige. D’imigh sé ‘bhaile ansin agus chua’ sé go Dúbh-Leitir ar a bhealach abhaile dhó agus chaith sé seachtmhain ag ól poitín annsin agus d’fhága sé ‘n ‘Cóta Mór Stróicthí’ déanta ansin ag imtheacht dhó. Nuair chua sé abhaile bhí an bhean a’ guil a’ pósadh agus nuair a chuala sí go rá’ sé ‘stigh thréig sí an fear eile agus chua sí leis féin.
Céad anois atá sé díreach ó rinniú an t-amhrán. Bhí an scéal agus an t-amhrán ag m’athair, beannacht Dé le n’anam.
Tá mo chóta mór stróicthí ó Dhónach ‘s é ‘sileadh liom síos,
An t-é chuirfeadh cóir air, mo bhrón, tá sé ‘ bhfad as mo línn,
Tá táilliúir glan cóir ‘san Áird Mhór mar tá Tomáisín Bán*
Agus cuirfe sé green velveteen air is beilt faoina lár.
Ghluais mé thar sáile le Máilligh ar uair a’ mheán-oidch’
Bhuail mé faoi Bhúrcaigh, dream diúltuíú as flaithis na naoíú,
D’fhág siad le fán mé ‘cuir fáirnéis cá gcodlochainn ‘san oidch’,
Thóig siad ‘mo cheó mé ‘stá tóir orm amach faoi Thráighlí.
Tá m’ioscaidí liúnta ó shíor-shiubhal na móinte seo siar,
Tá mo loirigní gearrtha’s níl áit a’am a leigfinn mo scíth,
Tá mé ‘bhfad ó mo mháthair ‘s níl áit a’am a leigfead mo scíth,
Tá súil le Rí na nGrást’ a’am nach mbeidh fan orm ach tamall ‘s cén bhrígh.
‘S tá céad fear a shíleanns má shaothruíonn sé gine nó dhó,
Nach mbainfe sé píghinn as sin choídhch’ nó go gceannuíghidh sé bó,
Ó’s mise nár chuímhr’ ar a’ gcríonnacht, ‘s nár chaith mé go leór,
Ní cuirfear mé choídhch’ gan bráithlín agus connra faoi’n bhfód.
Céad slán duit a Loch Mór, ‘sé mo bhrón gan mé ‘nocht lé do thaoíú
Is iomú sin bóthar fad’ uaigneach ‘ guil eidir mé’s í
‘S ann a bhíodh ceól a’ainn gach Dónach is gaisce ‘na suibhe,
‘S bhí ‘n jug ar a’mbórd ánn ‘s mo stór go fial fairsing á roínnt.
Tá mo mháithrín tinn tréith-lag, ‘s í go h-aonraic ar chaltha na mbád,
A’ gol ‘s a’ caoíneadh chuil’ oidche ‘s ag éirighe dho’n lá,
Tá ‘comrádaidhe sínte ‘gCill Bhríghde agus leac ar a cheánn,
‘S tá ‘mac ‘fud na tíortha ‘na cheánn siamsa ‘s na raluidhe le mrá.
Fad ‘s bhéas mé beó ‘n-Éirinn, ní thréigfe mé imirt ná ól,
Fad ‘s bhéas mé beó ‘n-Éirinn, ní thréigfe mé cualódar óg,
Dhiún fear a phógfadh mo stór ‘s mé bheith ar a shuídhe,
Nach mbainfinn de’n tsrón, nó ba láidir a charaid ‘sa tslighe.
Dar mo mhilleadh ‘s dar mo bhuaile(?)’s dar mo mhóide ní shuidhfe mé síos,
I gcualódar ban óg, go deó deó ní ghotha mé ‘ríst,
Chonnaic mé mo stór ‘sí dhá pógadh ag fear chois a’ tighe,
Thuit a’ sruth deór liom agus hobair go mbrisfeadh mo chroí.
Nóta le hathscríobh an cheoil:
Scríobh Ennis ‘Go réidh’ le nodaireacht an cheoil.
Scríobh Ennis go raibh bean a rá amhrán gáirsiúil fhad is bhí sí ag bleán na mbó. Bhí sagart a gabháil thar bráid agus chuala sé an t-amhrán. D’ordaigh sé don chailín, mar phionós, teacht chuig an séipéal an Domhnach dár gcinn . Bhí sí le bráillín fada bán a chaitheamh agus píosa de chnámh capaill a bheidh ina béal. Bhí sí le seasamh i ndoras an tséipéil le go gcaitheadh chuile dhuine seile uirthi agus iad ag teacht isteach. Ghlac sí leis seo. Bhí bráthair ina chónai gar di agus chuir sé fios uirthi. Chuaigh sí chuige agus d’fhiafraigh sé dhi an raibh sí in ann amhrán a fhoghlaim go sciobtha. Dúirt sí go raibh sí in ann agus rinne sí amhlaidh.
Iarrann an t-amhrán ar dhaoine aithrí a dhéanamh ina gcuid peacaí agus saol maith a chaitheamh. Iarrtar cosaint ar an Mhaighdean Mhuire agus deirtear go dtiocfaidh Lá an Bhreithiúnais. Iarrtar ar dhaoine a dhul chuig an aifreann.
Dúirt an cailín an t-amhrán ag an aifreann an Domhnach dar gcionn agus dúirt an sagart pé duine a mhúin an t-amhrán di gur mhúin sé go maith í.
Cailín Deas Crúite na mBó
Bean a bhí ann ‘sa tsean-aimsir agus bhí sí a’ bleán bó ar chúl sconsa agus bhí sí ‘góil ‘Cailín D.C. na mBó’ agus bhí an t-amhrán gáirsiúil. Bhí sagart a’ guil a’ bóthar agus sheas sé ‘g éisteacht léi. Nuair abhi’n t-amhrán críochnaithe ‘ci ghlaoigh sé amach uirthi ‘gus chuir sé ge bhreithiúnas aithrí uirthi bheith ag ‘ bPobal an chéad Domhnach eile, bráithlín gheal a bheith sios go talth’ uirthi, piossa dhe chráimh capaill ina béal seasa’ ‘ndoras a’ tséipéil go mbuailfeadh chuile dhuine ghothadh isteach nó ‘mach smugairle uirthi agus dúirt sí go mbeadh. Bhí bráthair ina chónaí congarach di agus chuir sé fios uirthi agus chuaigh sí go dtí é, agus d’fhiafraigh sé dhi a’ ra’ sí go maith a’ tóigeáil amhrán. Dúirt sí go raibh. D’árrtha’ bráthair a’ t-amhrán agus seo mar a duairt sé:
Éirígí ‘pheacaí ‘gus músclaí agus cuimhrígí ar Eón Mhac na hÓigh
Ná smaoinígí ar pheacaí na drúise nó ar mhealladh gach cúilfhinnín óg,
Ach blaoigí ar na hAingle ghár gcumhdach ‘s ar ár mbáinríoghan bhreá chumhartha na nGlór
Nár bhreá dhúinn mar charaid í lá ‘n chuntais
Ná cailín deas crúite na mbó.
Tiocfaidh Mac Muire ghár bhféachaint
‘Sa chlann bhocht ag Éansall(?) aniar
Teannaigí liúm is céad fáilte
Gon chathair a gheáll m’athair díbh.
An Mhaighdean bhreá bharrúil ‘tá láidir
Mo ghrá thú ‘s tú áilleacht gach ciall
‘S tú mo chongna’ agus our-láimh na práinne
Ag [Agus? RÓ] molaimuid go hard ainm Chríost.
Tiocfaidh an t-ard phrionsa gan aimhreas
Chun breithiúnas a thabhairt ar gach naomh
Ní leanaim gá’r cumú ná gá gcúmfar
Nach dtiocfaidh annsiúd lena ghlóir.
Tréicí an fhairrige bhrúidiúil
Agus silthe gach neon-charraig bréan (sic)
‘S nuair a shínfheas a’ t-aingeal an trónfid [tsíonfid?](trumpet)
Beidh gach ana mina chomhcholainn fhéin.
Nach truagh liom lucht drannaimh agus dróise
Lucht meisceoireacht trúm agus póit
Ag éirí ar maidin Dé Domhnaigh
Agus a’ spalpadh na miúne [?mionnaí RÓ] ag tí’n óil
Ná failígí tAifreann ar aon chor
Níl sólás ar a’ saol seo níos fearr
Ach molaimíd míle ‘gus céad buachas[?buíochas RÓ]
Leis a’ tÉan-Mhac a d’fhuiling a’ Pháis.
Fuair Vail Bheairtle óna athair é.
Dúirt an sagart léithi nuair a tháinig sí ag an bPobal an t-amhrán a rá agus dúirt sé ‘pé brí cé mhúin fios do ghroithe dhuit mhúin sé go maith dhuit é, ach beannacht duitse’ deir sé ‘agus mallacht go bhéal do mhúinte’.
Nóta le hathscríobh an cheoil:
Scríobh Ennis ‘(Ón duine céadna)’ le nodaireacht an cheoil, is é sin Vail Bheairtle Ó Donncha.
Mí na Nollag 1942 bhí Séamus Ennis i gCarna, agus tráthnóna an 14 Nollaig 1942, scríobh sé ‘Chuireas dhá cheol ó Mhicheál Choilmín Mac Fhualáin …ar an éideafón’. Bhí sé tar éis casachtáil le Maidhcil mí na Samhna roimhe sin nuair a bhí sé ag oíche mhór ag seinm ceoil i gCarna. ‘Bhí cúigear ceoltóirí ann.’ Seans maith go raibh an port seo ar cheann de na poirt a scríobh sé amach agus sna nótaí le hathscríobh an cheoil, tugann Ennis le fios gur cheap Mac Fhualáin go mba seanphort ceart é. Foilsíodh an port mar ‘The Angry Peeler’ in Music of Ireland (No. 1041) le O’Neill. Luaigh Breandán Breathnach go bhfuil baint aige b’fhéidir le ‘Carraig an tSoip’ in Ceol Rince na hÉireann 1 (No. 3). Rinne an Kilfenora Céili Band leagan de a thaifeadadh ar ar thug siad ‘Brodie Kierce’s’ agus thaifead Chris Droney, leagan eile dar teideal ‘The Clogher Rose’ ar an gconsairtín.
Chuir Ennis réiltín ar athscríobh an cheoil don dá phíosa a scríobh sé ó Mhaidhcil Choilmín agus chuir an méid seo leis: ‘These are both c# although the inclination would be to play c natural – may be the performer’s own whim.’
Scríobh Ennis nár chuala Maidhcil an ceol sin áit ar bith taobh amuigh den cheantar .
Nuair a bhí sé ar obair pháirce, thug ceoltóirí foinn agus poirt do Shéamus Ennis ar bhealaí éagsúla. Bhí uirlisí ceoil ag cuid acu, portaireacht bhéil ag cuid eile agus is ag feadaíl a bhí cuid eile fós faoi mar a rinne an Ceannabhánach, an píobaire ó An Aird Mhóir, Carna. Thug Ennis faoi ndeara go mba ‘mhilis binn uaidh feadaíl a dhéanamh’ (21.5.43). De réir na nótaí san athscríobh ceoil ag Séamus Ennis, chuala Peait an ríl seo ina portaireacht bhéil ag seandaoine sa gcomharsanacht nuair a bhí sé ina ghasúr. In athscríobh eile ar an ríl chéanna déanann Ennis cur síos ar sheanchleas píobaireachta ag tagairt don dara barra deireanach de chuid B den cheol áit a seinntear trí nóta ard B agus trí nóta ard A. Tá taifeadadh déanta ar an ríl faoin ainm ‘Ceo na gCnoc’ ag roinnt píobairí ar a bhfuil Tommy Keane (The Piper’s Apron) Jimmy O’Brien Moran (Seán Reid’s Favourite) agus Conor, Gay agus Seán McKeon (The Dusty Miller).
Scríobh Ennis go raibh sagart, Affey Gibbons, ar a theitheadh aimsir na bhFíníní. Bhíothas sa tóir air agus d’iarr sé leaba na hoíche i dteach in Iorras Mór. Tugadh sin dó agus thóg sé dhá phiostal amach as a mhála. Bhí muintir an tí in amhras faoi ansin agus chuireadar tuairisc chuig na póilíní. Mholadarsan na piostail a thógáil uaidh. Bhíodar in ann sin a dhéanamh mar go raibh an sagart traochta agus ina chodladh sámh. Gabhadh an sagart agus crochadh é. Ba é a dheartháir a rinne an t-amhrán i gcuimhne air.
Cuireann an t-amhrán an brón in iúl faoin bhfeall agus faoi bhás an tsagairt agus freisin nach raibh muintir ná cairde Affey i láthair lena chaoineadh nuair a cuireadh a chorp os cionn cláir. Bheidís ar fad tagtha le chéile lena aghaidh. Tá an dúlra brónach i mbás an tsagairt. Tá an londubh, an chuach agus an smólach ina dtost, Tá na faoileáin ag caoineadh agus níl na healaí ar Loch Éirne in ann snámh. Ní thagann torthaí ar chrainnte agus níl aon ghrian ann.
Bhailigh Séamus Ennis an t-amhrán ó Sheán Ó Gaora faoi dhó. Scríobh an bailitheoir (l.596) go raibh cuid den amhrán bailithe roimhe sin aige uaidh. Fuair Seán véarsaí breise ansin ó Mhaidhcil Foley (33), Aill na Brón. Bhí cuid de faighte ag Maidhcil ó Éamonn de Búrca agus cuid eile ó Shéamus Cheannabháin, Cora na gCapall.
Affey Gibbons*
Sagart a bhí ann agus ‘g imtheacht ar a’ theicheadh aimsir na bhFenians fadó. Casú isteach annsin go h-Iorrus Mhór é ar a theicheadh (ar a’ run) is tháinic sé ‘dteach agus bhí’n oiread seo ar a chloigeann fógraí ‘ ao’ine dhéanfadh scéal air. D’iarr sé ar a’ teach seo a’ leicidís a’ chodla tamall go’n oidhche é agus dubhairt siad go leiceadh. Thug sé siar a’ suit-case a bhí aige go’n tseomra agus thóig sé dhá phiostal amach as agus leag sé ar cholbha na leap’ iad. Bhí muínntir a’ tighe a’ breathnú air dhá dhéana’ agus dhiún blas gur chuímhreadar go mb’fhéidir gurb’ é bhí ánn. Chuadar go dtí na gárdaí ‘gus reportáladar é agus d’iarrtha na gárdaí cé’n bealach a bhí leis agus dubhradar leó gur ra’ dhá phiostal aige agus gur thóig sé as suit-case iad is gur leag sé ar cholbha na leap’ iad. “Bhuel téigí lib anois” adeir na gardaí, a deir siad “agus tóigí na piostail uaidh agus caithigí síos i mbuicéad uisc’ iad.”
Ár ndó bhí codla na seachtmhaine ar a’ gcréatúir is níor airi’ sé iad. Nuair a bhí sin déanta acub tháinic na gárdaí taoíú ‘muigh is nuair a d’airi’ sé iad chua’ sé ‘tóraidheacht na bpiostal’ ‘sní r’aon phiostal aige. Tóigiú é ‘s crochú é, is rinne ‘dhriotháir órán annsin dó.
“Phlúir ‘sa scoth na Féinne ‘gus úghdair cheart an Bhéarla
A Bhuinneáin Bháin gan aon locht ó’n bpréamh go dtige’n bárr
Nach b’é mo léan mar d’éag tú, thiar i n-íochtar Éire
Gan aon neach go do ghaolta lé thú bhréagú as cíonn chláir.
Sean-fhocal ‘s ní bréag é, seachain is ná taoíbha’
An coithidheachaí má fhéadann tú agus béidh tú níos feárr
Ach mo chreach agus mo léan géar, ‘sé Affey fuair lé léiú é
Mar is fada siar i n-Éirinn dearnú éagcóir air is feáll.
Tá’n smóilín mhilis bhréagach ‘sna faoi(igh)leáin gheala ‘géar-ghol
Tá’n eala’r bhruach Loch’ Éirne ‘sní féidir léithe snámh
Ach faoi dhuibhthean is faoi Éicliops tá’n ghealach is na réalta
Le cumha ‘ndia’ chroidhe na féile thug a’ sway leis as gach ceárd.
Níl torthaí ar bharra géaga ‘sníl meas a’ góil i n-éifeacht
Níl soillse ‘bith ar a’ ngréin, ‘s tá’n féar glas ó fhás.
Ó Sheán Geary
Aill na Brón
Cearthú eile de “Affey Gibbons” (ó Sheán Geary, Áill na Brón). (616)
Nach minic a chuala ‘ch aoin fhear gur mairig é fhéin a thréig(c)feadh
A Chúige féin ghá bhféadadh sé ‘s bheith ‘n -éanraic go brách
Nach deas a’ fortún a gheáll Mac Dé dhó a shocraíde leath ar Éirinn,
Na dártha beannacht Dé leis ‘s go dtéi sé ar staid na nGrást.
(sine an cearthú deirionnach atá ann).
Affey Gibbons ó Sheán Geary
‘gCill Eala buailiú an dé-smál na Frannca’ theacht go h-Éirinn
Muid a’ scarúint ó n-a chéile mo chreach agus mo chrá
Ó d’imi’ croí na Féinne go flaithis geal na ndéadara(?)
Tá daoiní uaisle ‘géar-ghol, gun léigheann a bheith ‘g a gclánn.
A phlúir ‘sa Scoith na Féinne ‘gus ‘úghdair cheart an Bhéarla
A bhuinneáin bháin gan aon locht ó’n bpréamh go dtige ‘n bárr
Nach b’é mo léan mar d’éag tú, thiar in íochtar Éireann
‘Sgun aon neach go do ghaolta lé thú bhréagú as cíonn cláir.
Nach iomú marcach spéiriúil is cúlógach** glan gléasta
Rachadh (ó) goit’ fhéachaint ‘s thú géanacan*** a’ bháis
Níl clúid ná ceárd in Éirinn ‘dtiocfadh ort cath ná géibhionn
Nach bhfuightheá buachaill spéiriúil a d‘eireóch in do pháirt.
(596)
Sean-fhocal ‘s ní bréag é, seachain is ná taoíobha’
‘n coithíoch choí’ má fhéadann tú ‘gus beigh tú níos feárr
Ach mo chreach agus mo léan géar ‘sé Affey fuair lé léiú é
Mar’s fada siar in Éirinn deárnú éagcóir air is feáll.
Níor bhinne leat ceól na n-éanla’ faoi chiúis na coile craovaí’
Tá’n londú ‘n chuach ‘sa’ chéirseach gun aon smid amháin
Tá’n smóilín mhilis bhréagach, tá na faoighleáin gheala ‘géar-ghol
Tá’n eala ‘r bhruach Loch’ Éirne ‘s dhiún ar féidir léithe snáú.
Níl torthaí ar bharra géaga ‘s níl meas a’ góil in-éifeacht
Níl soighillse ‘bith ar a’ ngréin ghil ‘s tá’n féar glas ó fhás
Ach faoi dhiofan**** is faoi éiclips tá’n ghealach ánn ‘s na réalta
Le cú ‘ndía’ croí na Féinne thug a’ “sway” leis as gach ceárd.
Scríobhas cuid dhe seo cheana ó Sheán ach fúair sé an méid eile ó chonnaic mé cheana é, ó Mhaidhcil Foley (33) Aill na Brón a fuair cuid ó Éamonn a’Búrc agus cuid eile ó Shéamus Cheannabháin, seanachaí nach maireann, Cora na gCapall.
* ainm an tSagairt
** Duine thiúrfá taoí thiar díot ar chapall
*** Saothrú, fáilt, bháis.
**** duibhthean
Scríobh Ennis ‘guth Choilm Ó L’[ochlainn] ar tagairt é b’fhéidir d’fhonn an amhráin. Scríobh sé freisin go bhfuair Seán Ó Gaora an t-amhrán ó Phádraig de Búrca, deartháir leis an scéalaí Éamon de Búrca. Bhí Pádraig básaithe, in aois 51, ocht mbliana sular bhailigh Ennis an t-amhrán ó Sheán. Seans gur san Aird Mhóir a fuair Pádraig an t-amhrán.
Amhrán grá é seo ina bhfuil an fear trí na chéile mar go bhfuil a stór pósta le fear eile.
Dómhnall Ó Dála’ (guth Choilm Ó L)
Ar a’ mbaile seo tá’n chúilfhionn sí’n buinneán í ‘s úire
‘Sí amh(f)arc mo shúl í le go dtug mé dhi grádh
‘Sí mo shearc, ‘sí mo ruain í, ‘sí m’óinsín a’ guil ‘un suain í
Nach b’í’n Samhradh ‘sa bhfuacht í ‘dir Nodlaic is Cáisc.
Ar maidin Dé Dóna’ ‘s mo chúl leis a’ scónnsa
Cé d’fheicfinn guil tharam ach stóirín mo chroidhe
Ná’r dhearc mé ar a bróga is shil mo shúil deóra
Gur bhain mé dhá phóg dhi, ‘s gur thóg sí mo chroidhe.
Tráthnóna lae fóvair ‘s mé siúl thrí na móinte
Cé chasfaí sa ród liom ach stóirín mo chroí
Na’r mheáll mise liúm í nó go dteidhinn (dteighinn) ‘mach sa drúcht léi,
‘Sé duairt sí “Leig liom; nó’n ar meisce tá tú?”
Gá mbeadh a’amsa páiste ‘n-aois mo bhlian nó trí ráithe
Cé bhfuighinn-se féin father go mo leannabán fhéin
‘S mise Dónall Ó Dála ‘s ná ceil ar fheara Fáil é
‘S go bhfuighidh tú ‘Sliabh bán mé ‘lár chonndae Mhuigheó.
An Cearlabhán* caoch thú nó’r cháill tú do léargus,
T’e nach n-aithnigheann tú féin mé a stóirín mo chroí
As Cúndae’n Domhain Thiar mé ó’n taobh ó thua(dh) g’Éirinn
‘S gur tháinic mé goit’ fhéachaint ar a’ mail-car ab’ fhearr.
Leitir ó do mháithrín faoi rún ag mo father
Go rai’ mé faoi’n tráigh mhór leat, ‘ógánaí(gh) óg
Gówil, sin agus do phárdún, agus spré mhaith lé fáil a’ad
Bean deas mar bháire agus dhá mhíle púnt.
Thóigfinn-se ‘n áilleán, ba rí-mhaith liom le fáil í
Bean deas már bháire agus dhá mhíle púnt
Marach go bhfuil mé meállta le tuille’s trí ráithe
Le ingheain chiúin Dála as Cúndae Mhuigheó.
Imi’ gus éalui’ má’s é do roghain fhéin é
Ní taobh leat ‘tá Éirinn ‘s tá do mhalthrait le fáil
‘Mo sheasa’ ‘n mo léine nach bhfuighinn mo rogha céile
Nach n-iarrfadh punt spré liom ‘sní faltha atáim.
Lá breagh dhá ra’ mé góil(th)ar Mhainistir an Fhówair
Dhearc mé ar an fhaoileann (a) bhuail a’ saighead thrí mo lár
Gurb ‘é ‘cúílin trom gruaige bhí fighte ‘na dhualaí
Nach trua’ gan mé ‘s í n-uaigneas nó go scallanns a’ lá.
Maidin chiúin fóvair ‘s mé siúl thrí na móinte
Bhí an drúcht ar mo bhróga ‘s mo hata ‘n mo láimh
‘S mé ‘dearc’ ar a’ móinín ‘a mbíonns mo ghrá ‘gcónuí
‘Sí bheith póst’ ag fear eile ‘sa Dhia nach b’é’n feáll.
Ar Dhroichead Buidhe Luímrighe ‘seadh d’íoc mise’n féarach
‘S nach bhfuínn-se gan píghinn é mo dhóthain go binn
Leigheas sí mo chréachta ‘gus mhíll sí a tréartha
‘S tá mé tinn tréith-lag ó d’éag an láir bhán.
*Bard O’Carollan
John Geary
Ó dhritheár Éamoinn – Páraic a’ Búrc nach maireann – 51 nuair cailleadh 8 mbl. ó shoin. ‘San Áird Mhóir is dóichí a fuair seisean é.
Thug Séamus Ennis cuairt ar Niallaí Ó Baoill, Cró na Sealg, An Clochán Liath nuair a bhí sé ar obair pháirce i nDún na nGall. Ba mhinic iad ag seinm ceoil le chéile agus ag comhrá agus i gcónaí bheadh ceolta éigin scríofa ó Niallaí ag Ennis agus é ag fágáil. Tá ‘The Castlefinn Reel’ ar cheann de dhá ríl a d’athscríobh Ennis ó fhidléireacht Niallaí tús Márta 1944.
Is iondúla an t-ainm ‘The Humours of Castlefinn’ air agus tá fáil air in Ceol Rince na hÉireann 1 (No. 186). Rinneadh é a thaifeadadh faoin ainm ‘Egan’s Reel’ ar cheann de na chéad fadcheirníní de cheol tradisiúnta All Ireland Champions Violin (1959) ar a bhfuil Paddy Canny, P.J. Hayes, Peadar O’Loughlin agus Bridie Lafferty. Samhlaítear go mór é freisin le seinm Tony MacMahon agus Noel Hill a thaifeadaigh é don chéad traic ar an albam I gCnoc Na Graí (1985).
San athscríobh, scríobh Ennis: ‘Dhá ríl a scríobhas ó Niall Ó Baoill (c.50) veidhleadóir, An Clochán Liath (gan ainm) (Castlefinn Reel) 3.3.44 agus mé aríst aige .’
Bhí ard-mheas ag Séamus Mac Aonghusa ar fhidléireacht Niallaí Uí Bhaoill agus scríobh ina dhialann an 8 Márta 1944: ‘fidléir thar barr é, agus cumas aige nach bhfuil ag níos mó ná triúr fidléirí uilig, go bhfios dom féin’. Is leagan é an ríl seo, a ndearna Ennis athscríobh air ó sheinm Niallaí, de cheol atá ar fáil an-chuid áiteacha in Éirinn. Foilsíodh é in Music of Ireland le O’Neill faoin ainm ‘The Curragh Races’ (No. 1276). I dtuairim an bhailitheora, Breandán Breathnach, is malairt leagain é ‘The Maid in the Cherry Tree’ a foilsíodh in Ceol Rince na hÉireann 1 (uimh. 103) ar ‘The Curragh Races’. Tá gaol ag an ríl freisin le ‘The Humours of Knockaney’ a thug an bailitheoir Francis Roche ó chontae Luimnigh san áireamh in Collection of Irish Airs, Marches and Dance Tunes Vol 3 (No 83).
Bhí ard-mheas agus cion ar an bhfidléir, Hughie Bonar ina cheantar dúchais, Fál Chorb, An Machaire i nDún na nGall. Scríobh Séamus Ennis faoi go mba ‘fear beag, ciúin, láidir, é tiubh téagartha agus ina veidhleadóir measartha maith’. Scríobh Ennis naoi gcinn de cheolta ó Hughie Bonar nuair a chaith sé an lá in éineacht leis an 10 Márta 1944. Orthu sin tá an ríl neamhchoitianta ‘The Blackbird among the Berries’. Tugtar freisin ‘The Camber Lasses’ air agus rinne Séamus McGuire agus John Lee é a thaifeadadh ar a n-albam The Missing Reel i 1990.
Cé gurb é ‘The Morning Dew’ an teideal a thug Séamus Ennis síos san athscríobh, tá an port seo i measc port éagsúla i nDún na nGall a dtugtar an t-ainm ‘The King of the Pipers’ orthu cé go bhfuil an ceol éagsúil i chuile cheann acu. Tá leagan eile de ‘The King of the Pipers’ in Ceol Rince na hÉireann 2 (Uimh. 45). Bhailigh Brendán Breathnach ó John Doherty é in 1966 agus luaigh sé go raibh an t-ainm céanna ar cheolta eile ach nach raibh aon ghaol acu le leagan Doherty. Tá roinnt cosúlachtaí sna páirteanna idir ‘The King of the Pipers’ a foilsíodh in Music of Ireland (Uimh. 702) le O’Neill, agus an leagan seo a d’athscríobh Séamus Ennis ó fhidléireacht Hughie Bonar Márta 1944.
Tá an-tóir ar an bport áirithe seo mórán áit in Éirinn, faoi mar is léir in an-chuid bailiúchán. Foilsíodh é chomh fada siar le 1858 nuair a chuir R.M. Levey san áireamh é sa gcéad bhailiúchán aige The Dance Music of Ireland. Chuir Captain Francis O’Neill san áireamh é sa bhfoilseachán aige féin in 1907 The Dance Music of Ireland 1001 Gems agus tá sé ag an mbailitheoir, Francis Roche ó Chorcaigh, sa gcéad bhailiúchán aige in 1912. Cé gur iondúil an port á sheinm i ngléas D, is i ngléas C atá an leagan a d’athscríobh Séamus Mac Aonghusa ó Hughie Bonar. Anuas ar an obair bhailithe ó cheoltóirí agus ó amhránaithe, ba mhinic a théadh Mac Aonghusa i bpáirt leo agus uirlisí éagsúla á seinm aige. Tá an-chuid tagairtí sa dialann aige dó féin ag seinm ar an bhfidil i nDún na nGall agus tharla sé seo, mar shampla, oíche i dtús Márta 1944 nuair a scríobh Mac Aonghusa an port seo ó Hughie Bonar. Scríobh sé gur: ‘chruinnigh triúr nó ceathrar fear óg isteach agus chaitheamar triúr againn an oíche ag uainíocht ar a chéile le veidheal Hughie’. Scríobh Mac Aonghusa ar an athscríobh don bport áirithe seo, uimhir 9: ‘(Deireadh na gceolta seo ó Hughie Bonar)’.
Léiríonn nóta san athscríobh gur shíl Séamus Ennis go mb’fhéidir gur ríl Albanach an chéad ríl agus gur chreid Frank Cassidy go bhféadfadh sé gur ‘Bean an Tí ar Lár’ a theideal. Tugtar ‘The Nine Points of Roguery’, coitianta air agus freisin tugtar ‘The Black Mare of Fanad’ nó ‘The Black Fanad Mare’, air. Díol spéise go bhfuil an-chosúlacht ag leagan Frank Cassidy le leagan ar a dtugtar ‘The Kiltyfanad Reel’ a sheinn Francie Dearg, fidléir ó Chill Charthaigh trasna an uisce ó theach Frank Cassidy i dTeileann. Sa leabhar The Northern Fiddler (Feldman/O’Doherty), in agallamh le Con Cassidy, thug Con faoi ndeara go raibh cónaí ar Francie Dearg an taobh eile den uisce ó Theileann agus go dtagadh sé go rialta i mbád thar uisce ar cuairt chuig Frank. Thugadh sé ceolta nua leis chuile chuairt. Thug Ennis faoi ndeara nach raibh ainm ag Frank ar an dara ríl agus ar an athscríobh is é an t-ainm a d’úsáid Ennis an t-ainm a bhí ag a athair féin, an píobaire James Ennis, ‘The Pinch of Snuff’.
Scríobh Ennis, i nGaeilge, os cionn an chorda sa dara barra ón deireadh ‘le críochnú, fantar ar an nóta seo’.
Meán Fómhair 1943 a thug Ennis a chéad chuairt ar Frank Cassidy. Ón gcéad chuairt seo bhí ard-mheas ag Ennis ar fhidléireacht Frank agus scríobh sé ina dhialann an 17 Meán Fómhair 1943: ‘da mbeadh sé ag ceol as seo go deireadh na seachtaine, cos ní chorróinn amach as an gcistineach sin go dtí sin’. Ní raibh aon ainm ag Ennis don phort seo ach i nDún na nGall tugtar ‘Australian waters’ air, port a shamhlaítear go mór le fidléireacht Jimmy Lyons (1903-1977), a bhí ar chomhaimsir le Frank Cassidy agus lena cholceathrar, an fidléir Con Cassidy ó Theileann. Bhí cáil mar fhidléir binn ar Jimmy Lyons agus d’fhoghlaim seisean cuid mhór dá chuid ceoil ó phortaireacht bhéil a athar, John, a bhí mar fhoinse ag Frank freisin do chuid mhór dá chuid ceoil.
Ón gcéad lá ar casadh air é, bhí Séamus Ennis an-tógtha le Darach Ó Clochartaigh, lena cheol, lena phortaireacht bhéil agus lena phearsantacht. Sa dialann an 1.7.1943 scríobh sé gur ‘seanfhear é atá beagán le cois 70 mbliana d’aois’ agus guth an-bhinn aige’. Scríobh Ennis gur mhaith le Darach gáire a bhaint as daoine agus go gcaillfí thú ‘ag breathnú ar a chuid geaitsí’. D’úsáideadh sé maide siúil ‘ag déanamh aithrise ar veidheal agus ar fhideog agus ag baint gháirí amach. Is é an cleas is greannmhaire atá aige a chos chlé d’ardú ar a ghlúin dheis ag aithris ar phíobaireacht’. Is leagan é an port luascach seo ó Dharach den phorg luascach ‘The Silvermore’ atá in Music of Ireland (Uimh. 1141) ag O’Neill agus tá gaol gairid aige le ‘The Humours of Whiskey’ in Ceol Rince na hÉireann 1 (Uimh. 66).
Níl ciall ‘Mo Chúranán’ soiléir ach chuile sheans gur focal muirneach é.
Scríobh Ennis go bhfuair Dinny an suantraí seo ó chailín ó Chontae Aontroma oíche amháin a raibh sí ag gabháil fhoinn i nGort an Choirce. Níor chuimhin leis a hainm ná a seoladh agus níor bhuail sé léi ach an t-aon uair amháin.
Dúirt Seán Ó hEochaidh le Ennis gur minic a chuala sé an fonn sin thiar i ndúthaigh Theileann, ach nárbh iad sin na focla a bhí leis, dúirt sé. Níor chuimhin leis cén t-amhrán a mbíodh sé leis.
Nóta le hathscríobh an cheoil:
Scríobh Ennis an méid seo a leanas os cionn nodaireacht an cheoil:
Ceolta Dhonnacha Uí Bhaoill as Leitir Catha, Clochán Liath, Tír Chonaill.
‘Mo Chúranán’ suantraí.
Go mall, rialta. Scríobh sé ‘ralle[n]tando’ [ag moilliú] le líne dheireanach an cheoil.
Thug sé cur síos ar an suantraí freisin: ‘Fuair Donnacha an suantraí seo ó bhean as Co. Aontroma, oíche dá rabhthas ag gabháil cheoil sa teach ósta i nGort an Choirce. Níor chuimhin leis a hainm ná a seoladh. Deir Seán Ó hEochaidh liom gur minic a chuala sé an fonn ceoil seo thiar i dTeileann, Tír Chonaill ach nárbh iad seo na focail a bhí leis. Níor chuimhin leis na focail, ámh. Tá an suantraí uilig scríofa agam ó Dhonncha.’
Mo Chúranán. (ó Dinny)
Ó’s mo chúranán, mo chúranán,
Mo chúranán ‘s mo phlúirín bheag,
Grá mo chroí a sheóidín tsíoda
Seachta mo chroí is mo chúranán.
Ó’s mo dhamhna bheag, mo dhamhna bheag, (foster-child = damhna)
Mo dhamhna bheag, an t-úcaire, (fuller, dyer)
Grá mo chroí a sheóidín tsíoda
Seachta mo chroí ‘s mo dhamhna bheag.
Ó’s m’aingeal thú, is m’aingeal thú,
Is m’aingeal thú is béi go deó
Grá mo chroí a sheóidín tsíoda
Seachta mo chroí is m’aingeal thú.
Ó chailín as Co. Aontroma a thóig Dinny an suantraighe seo thuas, oidhche dá rabh sí ag ceól i nGort a’ Choirce. Níor chuimhin leis a h-ainm ná a seóladh, mar níor casú dhó í ach an oidhche sin.
Deir Seán liom (Ó h-Eochaidh) gur minic a chuala sé an fonn seo thiar i ndúthaigh Theileann, ach ní h-iad seo na foclaí a bhí leis, deir sé.
Ní cuimhin leis, ámh, cé’n t-amhrán a mbíodh sé leis.
Nóta le hathscríobh an cheoil:
Scríobh Ennis an méid seo a leanas os cionn nodaireacht an cheoil:
Ceolta Dhonnchadha Uí Bhaoighill as Leitir Chatha, Clochán Liath, Tír Chonaill.
‘Mo Chúranán’ suantraighe.
Go mall, rialta. Scríobh sé ‘ralle[n]tando’ [ag moilliú] le líne dheireanach an cheoil.
Thug sé cur síos ar an suantraí freisin: ‘Fuair Donncha an suantraighe seo ó bhean as Co. Aontroma, oidhche dá rabhthas ag guil cheoil sa teach ósta i nGort a’Choirce. Níor chuimhin leis a h-ainm ná a seóladh. Deir Seán Ó h-Eochaidh liom gur minic a chuala sé an fonn ceóil seo thiar i dTeileann, Tír Chonaill ach nárbh’ iad seo na focail a bhí leis. Níor chuimhin leis na focail, ámh. Tá an suantraighe uilig scríobtha agam ó Dhonnacha.
Scríobh Ennis gur óna athair a fuair Dinny an t-amhrán.
Tá an bhean ag mairgní go bhfuil sí pósta le fear nach dtabharfaidh cead di freastal ar aifreann, nach gceannóidh deoch di ná nach n-ólfaidh deoch in éineacht léi sa teach leanna. Agus ní theannann sé isteach lena chroí í mar a dhéanfadh fear óg.
Fuígfí Mise’n Baile Seo (ó Dinny – ó n’-athair).
Fuígfí mise’n baile seo gídh go bhfuil sé dú gránna,
Agus racha mé go Connachta nó siar go Lai’in Uí Eádhra
‘San áit a bhfuí mé póg ó mo stór is míle fáilte
Sealawán deas bólaí ‘s cead mo phósú ar an táilliúir.
Pósú go h-óg mé mar gheall ar na puntaí
Lán mo dhá láimh daíobh níor shásuí ‘riaú m’inntinn
‘S trua’ nach dtig sé ‘reacht amach mar thig ar bha ‘s ar chaoirí
‘Té nach dtaitníonn a mharagú leis a sheólú ‘mach ‘un aonaígh.
Is mairg atá ceangailte go síorruí do’n ránaí (stróinse)
Cha leigeann sé ‘un aifrinn mé lá saoire ná Dé Dónaí
Cha dtugann sé ‘dtoigh a’ leanna mé, chan ólann sé giní óir liom
Cha dteannann sé le n-a chroí mé mar dheanthú ‘ buachaill óg liom .*
Nuair a bhí mise óg gheóinn ól agus aoibhneas
Cuideachta ban óg’ agus ógánach caoimh(w)iúil,
‘Nois nuair tá mé pósta charbh’ fhiú leobhtha lóirt liom
Mo mhallacht ar an lá sin aduairt mise “góim leat”.
A tháilliúir, a tháilliúir, a ghearras a’ t-éadach
Ní deise mar a chumas tú ná chanas tú na bréaga
Chraith mé mo lámh leat ‘s bárr mo chúig méara
‘S na dhéi’ sin a tháilliúir go deárn tú an bhréag liom.
*[Séamus Ennis also included the following variant for this verse, from Peig (Ní Dhufaigh?)]
Spleóid ort, a sclábhuí, ‘s tú doracha(sic) gránna
Ní thug tusa ‘un aifrinn mé lá saoire ná Dé Dónaí
Ní thórtha go toigh a’ leanna mé, ‘s ní ólthá sé gini óir liom
‘Sní theannthá sé le do chroí mé mar dheanthú ‘n buachaill óg liom.
Nóta le hathscríobh an cheoil:
Tá na focail ‘Go h-aerach, croíthiúil’ scríofa le hathscríobh an cheoil féin ag Ennis.
Seo ceann de na hamhráin ghrá is minicí a chloistear agus is fearr aithne i nGaeilge. Amhrán míshona é, ar aon dul le cuid mhór d’amhráin ghrá na Gaeilge. Cuirtear an cailín i gcomórtas leis an draighneán agus déantar tagairt don chrann caorthann, don drúcht agus do chaora tríd síos. Sa gceathrú dheireanach sa leagan áirithe seo labhrann an cailín le Páidí agus fiafraíonn de ar cuma leis go bhfuil sí ag iompar .
An Droighneán Donn. ó Dinny (athair)
Síleann céad acu gur leó fhéin mé nuair ólaim lionn
‘SThéid dhá dtrian síos daoím nuair a smaoitim ar a gcórá liom
Com is míne cích fá dhó ná’n síoda ‘tá ar shliaú Uí Fhloinn
Tá mo ghrá-sa mar bhláth na n-áirní tá’r a’ droighneán donn.
Má thig tú choidhche (ó) tar ‘san oidhche go cúl a’ chlaidhe
Ar maidin nó tráthnóna nuair a bhíos an driúcht ‘n-a luíghe
Cé na’ lóbhairim-sa bím-sa ‘meóbhrú go mór fá mo chroí
‘Stú mo chéad-searc agus ní féidir dú do chumhaidh ‘chur díom.
Fear gan chéill a bheaú a’ dréim leis an chlaidhe ‘tá árd
‘Sa claídhe beag íseal le n-a thaoibh sin ar a leagfait sé a lámh
Cé gur árd a’ cránn caorthainn bí sé searbh as a bhárr
Fásaí sméara ‘gus bláth súgh-craobh ar an chrann is ísle bláth.
Ní bean búclaí ná ribíní d’fhóirfiú dú.
Ach gearr-chailín daithte bheaú dána dú’
Mo léan géar gun mé ‘gus tú, a chráidh mo chroí,
I ngleanntán sléibhe le h-írí gréine ‘san driúcht ‘n-a luighe.
A Phaidí nó na’ misde leat mé bheith tinn
‘S a Phaidí nó na’ misde leat mé bheith trom
A Phaidí ‘n chúil daithte ‘s an bhéilín bhinn
Go dtéi mé ‘dtalú go mbei’ cuimhne ‘gam ar do chórá liom.
Scríobh Ennis ó Dinny Ó Baoill gurbh shin é an t-ainm a thugadh na seandaoine ar an amhrán. Ba é Peadar Breathnach a rinne é. Shíl Dinny go mba táilliúir é agus chuimhnigh sé go mbíodh a sheanathair ag caint faoi, á rá gur chaith sé cuid dá shaol in Leitir Mhic an Bhaird ins Na Rosann agus gur ansin a rinne sé ‘Snáth na Banríona’. Chaith sé deireadh a shaol in Mín na Gualann i bparóiste Inis Caoil. Bhíothas sa tóir air faoi fhiacha san am sin agus chuaigh sé i bhfolach sna hoileáin. Casadh cailín air agus d’fhiafraigh sé dhi cá bhfaigheadh sé deoch a d’ardódh a chroí.
I bhfoirm comhrá idir an fear agus an cailín atá cuid den amhrán agus déanann sé cur síos ar an gcaoi ar thosaigh sé a rá amhráin agus gur tháinig na daoine óga isteach.
Órán [Amhrán] Pheadair Bhreathnaí (ó Dinny Ó Baoighill)
Siné an t-ainm a bhíodh ag na seandaoiní air. ‘Sé Peadar Breathna’ a chum é. Sílim gur táilliúir a bhí ann. ‘Sé mo shean-chuivne gur chuala mé m’athair mór a’ cainnt air, gur chaith sé tamall d’á shaoghal i Leitir mhic a’ Bháird i bParráiste na Rosann agus gur sin an áit a ra’ sé nuair a chum sé “Snáth na Báiríona”. Chaith sé deiriú a shaoghail i Mín na Gualann, i bParráiste Inis Caoil. Bhíthear sa tóir air fá fhiacha insan am seo, agus chua’ sé ar a sheachnú ‘sna h-oileáin.
1. Chua’ mé seal tamaill ar cuairt go mbreathuighinn uaim an spéir,
Thart fa na h-oileáin ar ruaig mar eilthiot is cú ‘na déi’.
Níor fhan aon ‘uine fán chuan nár phill anuas ‘n a’ céaú,
Agus b’fhurust daoíú aithn’ ar mo ghruaí gur fear mé ‘ra’ tóir mo dhéi.
2. Casú dú cailín deas óg ‘saá casú ‘sí lóbhair go géar
Ma’s duine thú bhaineas de’n ól ní mholaim ró-mhór do chéird
Suidh thusa ‘nall as mo chóir agus stad de do chainnt gan chéill
Na racha mé ‘r lorg mo ‘rón’ (shrón), amach ar tír mór de léim.
3. Thuit mise ‘dtuirse ‘s i mbrón nuair casú an óig-bhean daoím
Agus d’fhiafruí cá bhfuínn-se’n t-ól a thógthú an brón seo daoím
Tá tea’ beag ar leath-taoibh an róid agus coinníonn sé ‘gcónuí braon
Gó thusa ‘gus trupáil an bórd ‘s ní dhíolfaí do phócaí ‘n phíghinn.
4. Nuair a chuai mise ‘stea’ go toigh ‘n óil b’fhaiteach go leór mé ’suí
Ar iogla go dtiocú an tóir sgo mbainthí an óig-bhean daoím
Ní ró mé ‘bhfad i dtoí ‘n óil gur mheas mé gur chóir dú suidhe
‘Sé duairt sí “bí thusa ‘guil cheóil sní dhíolfaí do phócaí ‘n phíghinn”.
5. Nuair a chua’ muid amach as toigh ‘n óil ‘sé d’fhiafraí an óig-bhean daoím
“A dhuine cá mbíonn tú do chónuí ná’n gcoinneann tú cró beag tuí ?
Bím-sa seal i dtoí’n óil, ní theanaim aon lón d’a’n phíghinn
Ach an méid a shaothraim ‘sa ló a chaithiú le spóirt ‘san oidhch’.
6. A bhuachaill má’s sin í do dhóigh ní mholfainn duit lóirt le mraoi
Is fearr dúinn fuireacht go fóill go ndeana’ muid stór de’n phíghinn
Fad’s bhéi muid ag déanú an stóir caithear cuid mhór da’r saoghal
Is fearr dúinn toiseacht go h-óg ‘s beidh cuidiú d’ar gcóir arís.
7. Thoisi’ mé’nsin a guil ceóil agus chruinní ‘n t-aos óg ‘un toí
Gah duine ‘gus córan ‘na dhóran le comórú thóirt do’n dís
Bhí biotáilte fairsing go leór agus beagan de’n tseórt ‘sa tír
Is dá n-ólainnse galún Uí Dhónaill b’fhorus mo stór a dhíol.
Scríobh Séamus Ennis go bhfuair Dinny [Donncha Ó Baoill] an t-amhrán seo óna athair Páidí (Duncaí) a mba as Loch an Iúir é. Deirtear linn san amhrán go raibh fear i ngrá le cailín rua. Déanann sé cur síos ar a háilleacht agus molann sé go mór í. Ach tógann sise a dtairgíonn sé di agus imionn sí léi le buachaill siopa ar rógaire é.
An Cailín Rua. Ó Dinny Boyle (-ón-a athair)
B’fhearr liom é ná bó ná bearach
Ná ‘bhfuil do luingeas a’ teacht ‘un cuain
Mise ‘gus mo chailín bheith múinte barúil
Sínte ‘r leabaí i gConndae ‘n Dúin.
Chuaí mo chailín i bhfad ó bhaile
I bhfad ó bhaile imeasc na sluagh
Níl a’n mhíler da’r shiúil sí ar feadh an bhealaí
Ná’r bhuail mé “travelli” ar mó chailín ruadh.
Chuir muid na bairrilí amach ar a’ machaire
Thoisi’ siad a’ chruinniú anoir agus aniar
Bhí siad ag ceól ó bhí neóin go dtí’n mhaidin
Ná gur thuit sí ar meisce ‘cu mo chailín rua.
Bhí Seán Clarke ‘na shuidhe ar an chathaoir
Bhí siad á breathnú feadh naoi n-uair
Char bhfearr leis é ná cíos a chuid talú
Ná é fáil ‘na leaptha le mo chailín rua.
D’írí mo shean-bhean suas ‘na suidhe
Chóiri’ sise suipeachán le sinn a chur ‘un luighe
Eidir sin is maidin bhris na téadaí insa leabaidh
‘Gus ní mise bhí’r a’ talú ach mo chailín ruadh.
Chuir mé mo chailín amach ‘na mhargaí
Ba dhé sin fhéin an margú a bhí daor
Bhí scilling agus punt ar an ghann-pheice mine
Gus go dtug mé (é) ‘lig le fuinthiú do mo chailín ruadh.
Ba í mo chailín -sa ‘n cailín dathúil
Chan é amháin mar bhí sí ruadh
Bhí sí mar ghath gréine ‘guil in-éadan a ghloine
‘Gus b’í scéimh mhná na finne mo chailín ruadh.
Siúd siar í ‘gus bróga breac’ orthaí
Ribíní daithte siar le n-a gruaidh
D’éala’ sí uaim leis an Rógaire ceannaidhe
Slán croí ná’r fhillidh sí mo chailín ruadh.
Ó Dinny Ó Baoighill – ag a athair Pádraic – bheadh sé ceithre scór anois ghá mbeit sé beó. As Loch an Iubhair dó ó bhunús (Paidí (Duncaí) Ó Baoighill)
Nóta le hathscríobh an cheoil:
Scríobh Ennis ‘go h-aerach’ le hathscríobh an cheoil.
Scríobh Ennis go bhfuair Dinny an t-amhrán seo ó Phádraig Ó Dónaill ó Loch an Iúir. Bhí Pádraig timpeall 65 bliana d’aois lár na 1940í nuair a bhí Ennis ag bailiú ó Dinny. Scríobh Ennis go bhfuil cúlra an amhráin tugtha ar l.100 de Céad de Cheolta Uladh.
[CBÉ 1282:23-25]
Art Ó Ceallaí. (v. 100 Ceólta Uladh) – seanchas
Bhí mé lá ‘mháin ‘guil amach ‘n-a Midhe
I dtoigh Airt Uí Cheallaí a chaith mé an oidhche
Casú teach folú dú teiní gan daoiní
Is shuídh mise síos ann a dhéanú mo scríste
Is ímbó
Niorbh’ fhada ‘s níor ghearr go dtáinic Art ‘un toighe
Níor ‘uairt sé “Goodmorrow” gur fhiafruí sé daoim-sa
What is the matter nú ‘dhuine cá mbíonn tú,
Ná caidé an donas a sheól ‘un mo thoighe thú
Is ímbó
Is straigléaraí mise as Condae na Midhe
A tháinig isteah a’ lasú mo phíopa
Tháinig mé ‘steach a dhéanú mo scríste
Ná dá suidhfinn amuigh b’fhada liom an oidhche
Is ímbó
Is mairig do’n athair a bhí do do shaothrú
Nach dtórthá greim bí dó foscú ná dídean
Míl’ altú do’n Rí nach bhfuil a dhath do mo ghaol leat
Ná ‘s duine thú na’ bhfuil cosúil le críostaí
‘Gus ímbó
Ní thearn tusa ‘gceart é i dtús na h-oidhche
Ná’r shuidh tú amuigh cois claidhe ná dídean
Ná na’ deacha tú go toigh tabhairne caithiú do phíghinne
Nuair bhí mise ‘mo straigléaraí sin é mar ghnínn é
‘S ímbó
Níl an teach tábhairne ‘nois ar na gaobhair
Mar’ dtéi mé ‘na ngráinseach fá’n am seo dh’oidhche
Tá siad ‘na gcodlú ‘s is deacair leó írí
Agus is mór-mór m’iogla go dtiocaí’n slua sí orm.
‘S ímbó
Is lag fá do chreidiú thú ‘s dona ‘s is claoidhte
Nuair a bheir tú isteach go bhfuil ann a leithid go dhaoiní
Ní ró ariaú ‘s ní bheidh a choidhche
Ach sin cuid de phisreógaí bhunú do thíre
‘S ímbó
Tusa a léigheas an scrioptúr ‘san bíobla
Is dona an teacht a thug tú ‘na tíre
A’ diúltú ‘sa doicheallt ‘sa cur amach daoiní
‘S dá mairiúd sin d’athair nach dtórthá greim bí dó
‘S ímbó
Tá an oidhche a’ sioc ‘s tá ghiolach ag eirí
Siod chugad an casán ó dhoras mo thoighe-sa
Siod siar an casán is lean dó go díreach
Go droichead na gcailleach ‘s go scartán na gcaorach
‘S ímbó
Roinn muid an teach ‘sní ro agart ach an gannchuid
Thoisí an troid agus thoisí an scamsáil
Bheir mé ‘r mo bhata agus theann mé mo bhriste
Agus d’fhág mé Art Crosach ‘na luí insan ghríosaí
‘S ímbó
D’írí mé mo sheasú gun cotú gun dímheas
Is d’awarc mé ‘mach ar dhoras na bruighne
Tchím fear beag ribeach rua ‘s ba luaithe ná’n ghaoth é
Is oiread bhréid an tSalainn* faoi’n ascail de mhraoi leis
‘S ímbó
Tháinic Art isteach ‘gus ghlac sé leithscéal go caoimh(w)iúil
Gur shíl sé gur straigléaraí mé as Conndae na Midhe
A ghoidthú a hata, a bhata, ‘s a phíopa
Gan fiú slat an phota a haic** ‘gus a chiar bheag
‘S ímbó
* 1. Éadach a mbristí salann ann
** 2. Airtiogal le haghaidh fiadóireacht
Pádraic Ó Dónaill as Loch an Iúbhair a thug do Dinny é – tá sé 65 bl. anois (tímpall) 7 beó fós.
Nóta le hathscríobh an cheoil:
Scríobh Ennis ‘Go réidh’ os cionn athscríobh an cheoil
Tá roinnt mhaith cuntas i mBailiúchán na Scol, Cnuasach Bhéaloideas Éireann a bailíodh sna 1930í faoi Bháthadh Phroclaisc in 1813. An 12 Bealtaine an bhliain úd bhí foirne móra iascairí ina raibh fir ó Theileann agus ó Chill Charthaigh amuigh i mBá Phroclaisc ar thóir scadán. Shéid an stoirm gan choinne, iompaíodh na báid ar fad agus báthadh os cionn ceithre scór fear. Dúirt Pheadar Ó Beirn, agus é ag caint le Séamus Ennis faoin tubaiste, gur chualathas píobaire an oíche sin agus an píosa ceoil sin á sheinm aige, ceol a dtugtar ‘Báthadh Phroclaisc’ riamh ó shin air. Tá leagan den phort seo agus an t-ainm ‘Carbray’s Frolics’ air in The Dance Music of Ireland (Uimh. 407) ag O’Neill.
Seo leagan de phíosa ceoil ar a dtugtar ‘Maggie Pickins’ a bhfuil tagairt déanta dó mar sraithspé, mar dhamhsa sciobóil, mar flaing Albanach nó mar chornphíopa. In Ceol Rince na hÉireann 2 (Uimh. 63) tugadh leagan síos le hamchomhartha 12/8 agus an teideal ‘An Chearc ar Fad is an tAnraith’ air. Bhailigh Breandán Breathnach leagan de ó Denis Murphy, an fidléir ó Shliabh Luachra a thug ‘Charming Lovely Nancy’ air. Foilsíodh freisin é in Allan’s Irish Fiddler ina chornphíopa agus an t-ainm ‘Maggie Pickens’ air. Is fada an lá tóir i nDún na nGall ar dhamhsa a théann leis an bhfonn seo agus an t-ainm ‘Maggie Pickins’ ar an damhsa féin. Is é an t-ainm iomlán a thug Ennis síos san athscríobh ‘Tóg do chionn ’sná bíodh ort brón, ’S iomaí cor san óige’. Sna nótaí leis an athscríobh ar phortaireacht bhéil Pheadair Uí Bheirn, luann Ennis gur luas polca atá leis. Chuir Ennis réiltín freisin leis an mbarra deireanach sa gcéad agus sa dara cuid agus an nóta ‘leagan eile a chas Peadar’ leis an dá réiltín.
Fear agus a bhean atá ag teacht ó thórramh agus castar fear óg orthu. Iarrann an fear óg an bhean a thabhairt leis. Imíonn sí leis an bhfear óg atá cábógach. Filleann sí abhaile tar éis trí ráithe.
Scríobh Ennis san athscríobh go raibh sé ‘níos moille ná jig, beagán’. Níor scríobh sé liricí faoi nodaireacht an cheoil agus b’annamh a tharla seo.
[Féach freisin ‘Óró Londubh Buí’]
Cuach mo Londubh Buí
‘S cuach mo londú buí
2. Ar philliú ‘na bhaile dúinn casadh dú an t-óigfhear
‘S cuach mo londú buí
1. D’iarrthaí sé dú-sa ar nighean dú an óigbhean
2.Duairt mé nárbh’ í ach gurbh í mo bhean phóst’ í.
Scríobh Ennis gurbh í Máire [Ní Bheirn] a thug an t-amhrán dó.
Bhí cónaí ar Bhríd Bhán Ní Eochaidh i lár Rann na Cille gar don phríomhbhóthar i ndeisceart Theilinn os comhair an tí ina raibh Pádraig Ellen Ó Gallchóir ina chónaí sna 1940í. Bhí sí ar bhean chomh breá agus leag fear riamh súil uirthi. Tháinig bodach de mháistir scoile as Mín an Bhainne i bparóiste na nGleannta, áit chúilréascúil, shléibhtiúil nach raibh ann ach cíb agus fiontarnach agus nuair a casadh air an cailín spéiriúil seo thit sé i ngrá léi go ndeir an seanchas nach raibh mórán grá aicise dó. Mar sin féin pósadh iad agus thug sé leis chun an bhaile í. Nuair a chonaic sí an áit ar fágadh í bhuail an chumha í agus as an chumha sin thoisigh sí ag cumadh an amhráin. Chum an fear an dara ceathrú agus thug sí féin freagra sa cheathrú dheireanach.
Bríd Bhán Ní Eochaidh (ó Mháire Ní Bheirn)
h-anann dom a’ sliaú
agus a’ baile ‘tá ‘mo dhéi’,
Is trua ‘Dhia nach bhfuil mé ríst ánn,
Unsa [Insa] teach mhór tá déanta ‘r thaoibh a’ róid
‘Smé bheith gan bó gan caíora
Ní bheinn in mur gclúid anois teacht an Dónaí
Bheaú a’ tAifreann do mo chomhair agus mo dhaoiní
‘S dá mba liom Éirinn anuas ó loch Éirne,
I dTeileann thiar a bheinn ‘mo chónaí.
A Bhríd bhán a ruain, glac misneach a bheas mór
Agus ná cluintear thusa ‘gcónaí ‘g éagcaoin
Níl éinní ar a’ dómhan a bhfaca tú le fós (feabhas)
Nach mbéi aghainn ‘san áit a bhfuil tú,
Caoirí go leór, eallach agus góbhair
Dá mbeaú againn go bhfuighinn-se féar daíobh
Ná’r ro-dheas ár ndóigh an tora ‘gus an gráin.
Agus an bradán ar an abhainn a’ léimní.
Tá na caoirí gan dóigh, an crupán ar na buaibh,
Tá ‘n galar ar na góbhair ‘sna h-altaibh,
‘Sa mhéad do mo bhrón, níl annseo ach móin,
‘S a’ chíb dhú ní maith a’ féar í.
An méad bradán agus éisc dár snáimh cuan Theileann ariaú
Tearait siad aniar faoin ghárraí
Ní thóirthinn thart mo shúil le tursa agus le cumhaí
Mar tháinig mé ina gclúid ghránna.
(Máire a thug an t-órán dom)
Bhí Bríd Bhán Ní Eochaidh seo ‘na cónaí i lár Bhaile Rann na Cille ar an taoibh chlé don bhealach mhór taoibh ó dheas do Theileann agus ós coinne an toighe a bhfuil Padraic Eileann Ó Gallchóir agus bhí sí ar bhean chomh breá agus leag fear súil ariaú orthaí. Tháinic bodach do mhaistear scoile anuas as Mín a’ Bhainne i bparráiste na nGleannta, áit chúil réasgamhail shléibhtiúil nach ró ann ach cíb agus fiontarnach agus nuair a casú air a’ cailín spéiriúil seo thuit sé ‘ngrá léithe gí go ndeir a’ seanachas nach ró mórán grá aicise dó. Mar sin fhéin pósú iad agus thug sé leis ‘na bhaile í. Nuair a chonnaic sí an áit ar fágú í bhuail a’ chumhaí í, agus as a’ chumhaí sin thoisí sí a’ cuma‘n óráin. Chum a’ fear a’ dara cearthú agus thug sí fhéin freagra ‘sa chearthú dheirionach.
(Seán Ó hEochaidh a thug an t-úghdar dom).
Nóta le hathscríobh an cheoil:
Rinne Ennis nóta ar an athscríobh gur luas ‘mall, rialta’ a bhí leis agus thug sé faoi ndeara freisin go mbaintear ‘síneadh beag’ as an dara nóta sa dara barra.
Scríobh Ennis eolas faoi Shíle Mhicí ar lipéad Choimisiún Béaloideasa Éireann. Tugann sé eolas ann faoi sheoladh, faoi ghairmbheatha, agus faoi aois Shíle Mhicí, maille leis an dáta ar bhailigh sé an t-ábhar. Scríobh sé freisin i ngeall ar a haois nach raibh a cuid fonnadóireachta cruinn.
Scríobh Ennis ó Shíle gurb éard atá san amhrán, cur síos ó fhear a bhí ar choinleach glas an fhómhair agus a chonaic an cailín seo.
Ceól as Gaoith Dóbhair (Márta 1944)
(Dóbhar Láir)
Coimisiún Béaloideasa Éireann
Conntae: Tír Chonaill Barúntacht:
Paróiste: Gaoith Dóbhair
Ainm an Sgríobhnóra: Séamus Mac Aonghusa, Fionnglas, Co. Átha Cliath
Do sgríobhas síos :na h-amhráin so Mí Mhárta 1943
Ó bhéal-aithris Shíghle (Mhicí) Ní Ghallchobhair
Aos: 82. Gairm-bheatha: Bean tighe atá in a chomhnuí
i mbaile fearainn: Dóbhar Láir, Tír Chonaill
agus a saoluíodh agus a tógadh i: Machaire Ghlaisce, Gaoith Dóbhair
Do chuala (sí) na h-amhráin seo 60-80 blian ó shin ó n-a h-athair
(Aos an uair sin….) a bhí in a chomhnuí an uair sin
i Machaire Ghlaisce.
Ní amhránaidhe fíor n-a cuid nótaí anois í – níl a ceól cruinn anois.
Coinnleach Glas an Fhoghmhair
“Fear a bhí ar Chonnlaigh Ghlais an Fhoghmhair, agus chonnaic sé an ghiorrsach seo”
Ar Chonnlaigh Ghlais an Fhoghmhair mo stóirín tráth dhearc mé uaim
Ba dheas do chosa ‘mbróga is ba ró-dheas do leagan súl
Do ghruaidhe ‘s deise ná rósa ‘s do chuirlín ‘bhí tana dlúth
‘Sé mo nua gan muid ár bpósú ar bórd luinge ‘triall ‘un siúil.
Tá buachaillí na h-áite ag athra’ ‘gus ag írí teann
Is tá lucht na gcocaí árda ‘déanú fáruis le mo chailín donn
Gluaisí (muid thar sáile) Rí na Spáinne* Féil’ Pádruic nó fá Shamhain úr
‘S go gcruachfainn** féar agus fásach agus bheinn ar láimh le mo chailín donn.
Gura slán do’n bhliain anuraidh, ní raibh tuirs’ orainn ‘na dhéidh, ná cumhaidh
Níor órduigh Rí ná duine fidil a bh’againn ná cláirseach ciúin
Bhí cuachaín as Béal Muilinn ann, agus cuach bheag eil’ as Conndae’n Dúin
‘Sí ‘n ainnir a thug buaidh uilig orthú a’ bhean dú’ bhain dú mo chiall
* Dubhairt Sighle an dá rud.
** (?) “cruaithinn” a dubhairt sí.
Nóta le hathscríobh an cheoil:
Scríobh Ennis ar nodaireacht an cheoil (go sínte, binn) agus in Iodáilis ‘Con anima’ [go croíúil]. Mhínigh sé an dá réiltín : ‘sleamhnú ó C go F ins gach cás.
Ag deireadh nodaireacht an cheoil don amhrán seo scríobh sé [deire leis na sé chínn ar bhreacas a gceolta ó Chití Ní Ghallchobhair (21).]
Seo amhrán éadrom i mbéal an fhir a bhaineann sult as an saol. Deir sé go mbíonn mná áirithe sa tóir air agus deir sé gur cuma céard a dhéanfaidh sé nár cheart dó cur isteach ar dhuine ar bith.
Scríobh Ennis ‘go héadrom, rialta’ os cionn athscríobh an cheoil.
Ó Shíghle (Mhicí) Ní Ghallchobhair (82), Dobhar Láir, Tír Chonaill
(Féach: Tír Chonaill III Márta 1944)
Goidé sin do’n t-é sin
‘GCluin tú mé, ‘Chathaoir, is druid(e) ‘ mo-chómhair
Go dtúra mé teagasc duit leigin do’n ól
B’fheárr duit bean agat is sealbhán bó
Ná bheith cruinniú do leithphighinn ‘s do hata ‘n do dhórn.
Grá folaigh ní thug mé do’n aon mhraoi riaú
Nó dá dtórfainn mheallfainn a croí i n-a cliabh
Maoin eallaigh níor chuir mé ariaú ann spéis
Is mrá deasa go leanthú ar aonach mé.
Dá marbhainn a’ réabach ‘s dá n-ithfinn an fheoil
Dá ndíolfainn a craiceann ‘s a luach uilig ól
Dá gcaithfinn mo bhríste ‘sa teinidh ‘s é dhóghadh
Goidé sin do’n t-é sin nach mbainfidh sé dhó.
Tá céad fear in Éirinn ná’r ól ariaú deóir
Cruinniú na ndéirce ‘s a mhála ar a thóin
Goidé sin do’n té sin nach mbainfit sé dó.
(Ó shean-fhear a raibh Éamonn air a d’fhoghluim Síghle é – tá seisean curtha le trí scór blian. Comharsa do Shíghle i Machaire Ghlaisce é.)
Scríobh Ennis ‘go héadrom, rialta’ os cionn athscríobh an cheoil.
Chuala Séamus Ennis trácht an chéad uair ar Cholm Ó Caodháin deireadh Lúnasa 1942 nuair a luadh ainm Choilm leis mar fhonnadóir maith ó Ghlinsce, ó thuaidh ó Charna. Rinne sé iarracht mí na Nollag 1942 a dhul fhad leis ach níor éirigh leis, de bharr droch aimsir. Ach ar an 25 Bealtaine bhuail Séamus Ennis le Colm Ó Caodháin agus fuair sé amach go raibh cuimse go deo port agus amhrán aige, agus an port seo ina measc. Tá dlúthbhaint ag an gcéad chuid den phort seo leis an gcéad chuid de ‘Rory O’Moore’ faoi mar a thaifead Mary Ellen Conlon é i Nua Eabhrac in 1923 ar lipéad Gennet. Ba deirfiúr í Mary Ellen, ó Bhaile an Mhuillinn i dtuaisceart Chontae na Gaillimhe, le P.J. Conlon. Bhí P.J. ar dhuine dóibh sin a thaifead ceirnín tráchtála le ceol mileoidean de chuid na hÉireann. Ba é Samuel Lover, ó Bhaile Átha Cliath a chum ‘Rory O’Moore’ mar chuid de cheoldráma grinn in 1837. Foilsíodh mar phort é in Ryan’s Mammoth Collection (lch. 120) agus in O’Neill’s Dance Music of Ireland (Uimh. 116) le O’Neill.
Scríobh Ennis gur óna mháthair a fuair Dinny an t-amhrán.
Amhrán éadrom suiríochta é seo ina bhfuil cur síos ar theachtaireachtaí anonn is anall ag an lánún.
Nóta le hathscríobh an cheoil:
Le hathscríobh an cheoil scríobh Ennis: ‘Ar luas ríl’ agus an focal ‘Curfá’ os cionn an cheoil aige. I lár an cheoil, scríobh sé an focal ‘Bhéarsa’ agus ag deireadh an cheoil scríobh sé ‘Curfá aríst’.
Dúlamán na Binne Buí ó Dinny Ó Baoill ó n-a mháthair
Dúlamán na Binne Buí, Dúlamán Gaedhlach
Dúlamán na Binne Buí, a b’fhearr a bhí in Éirinn.
1.Bhí Boinnéid agus triúbhas ar a’ dúlamán Gaedhlach
Bhí fionn(?) ar a shúil agus driúcht ar a fhéasóig
Dúlamán 7rl
2.Chuir sé scéala chugam go ndéanfait sé teach mór dú
Chuir mé scéala chuige go ndéanfú bothóg fhód mé
Dúlamán 7rl
3.Chuir sé scéala chugam go ndéanfait sé leabaí árd dú
Chuir mé scéala chuige go luighfinn ar na cláraí
Dúlamán 7rl
4. Chuir sé scéala chugam go gceannohait sé bó dú
Chuir mé scéala chuige na’ mblighfinn í go deó do
Dúlamán 7rl
5. Chuir sé scéala chugam go gceannohait sé bea’ach dú
Chuir mé scéala chuige nach suidhfinn é go bráthach do
Dúlamán 7rl
6. Chuir sé scéala chugam go gceannohait sé caora dú
Chuir mé scéala chuige nach lomfainn é a choidhche
Dúlamán 7rl
7. Chuir sé scéala chugam go gceannohait sé ciar dú
Chuir mé scéala chuige go ra’ mo chionn cíortha
Dúlamán 7rl
8. Chuir sé scéala chugam go ró blagaid ar mo dheárthar
Chuir mé scéala chuige go ró cionn deas bán air.
Dúlamán 7rl
Nóta le hathscríobh an cheoil:
Le hathscríobh an cheoil scríobh Ennis: ‘Ar luas ríl’ agus an focal ‘Curfá’ os cionn an cheoil aige. I lár an cheoil, scríobh sé an focal ‘Bhéarsa’ agus ag deireadh an cheoil scríobh sé ‘Curfá aríst’.
Scríobh Ennis gur ó Ghaoth Dobhair an leagan seo ag Dinny. Fuair sé ó Mhairéad, Bean Uí Dhuibhir, Gaobh Dobhair é, tríocha bliain roimhe sin [c. 1914]. Bhí sise thart ar thrí scór san am.
Fear agus a bhean atá ag teacht ó thórramh agus castar fear óg orthu. Iarrann an fear óg an bhean a thabhairt leis. Imíonn sí leis an bhfear óg atá cábógach. Filleann sí abhaile tar éis trí ráithe.
Scríobh Ennis ‘Go réidh’ os cionn nodaireacht an cheoil.
Bhí mé lá breá ‘guil a’ bóthar
‘S óró londú buí
Casú an gruagach uasal óg daoím
‘S óró grá mo chroí
D’fhiafra sé dú-sa an nighean dú an óg-mhraoi
‘S óró londú buí
D’fhriogair mé fhaon gurbh’ í mo bhean phóst’ í
‘S óró grá mo chroí
An dtórthá a h-iasacht uair nó ló daoím
‘S óró londú buí
Ní dhéantha me sin ach dheantha mé an chóir leat
‘S óró grá mo chroí
Gó thusa an miollach ‘s racha’ mise an bóthar,
‘S óró londú buí
‘S cebétha a leanthaí sí, bit sí go deó aige,
‘S óró grá mo chroí.
Chua seisean an miollach ‘s chua mise an bóthar,
‘S óró londú buí
‘S lean sí an gruagach ó’s aige bhí’n óige,
‘S óró grá mo chroí
D’fhan sí ar shiúl ar fiodh trí ráithe
‘S óró londú buí,
‘S phill sí abhaile ‘rís, mallaí gan náire,
‘S óró grá mo chroí.
D’fhiafraigh sí daoim caidé mar bhí’n tsláinte
‘S óró londú buí,
Mar is maith le mo charaid ‘s mar ‘s olc le mo námhaid,
‘S óró grá mo chroí.
Caidé dheantha-sa dá bhfuínn-se bás uait,
‘S óró londú buí,
Chuirfinn i gconaér bhreá chúig clár thú
‘S óró grá mo chroí.
Nuair a chuala mé fhaon na briathra breághtha,
‘S óró londú buí,
Luigh mé siar agus fuair mé’n bás sin,
‘S óró grá mo chroí.
Chuir sí beirt ‘n-a coilliú fá dhéin an ádhmaid,
‘S óró londú buí,
Dhá mhaide cuilinn is trí mhaide feárna,
‘S óró grá mo chroí.
Chuir sí beirt ‘n-a chéardcha fá dhéin na dtáirní,
‘S óró londú buí,
Táirní móra, reawara, láidre,
‘S óró grá mo chroí.
Cuiriú isteach i gconmhnaeir cláir mé,
‘S óró londú buí,
‘S a gceithre slata de’n tsaic ba bhreáice
‘S óró grá mo chroí.
Tóigí suas ar ghuailleacha ard’ é,
‘S óró londú buí,
Is caithí sa díg i ndeise go’n tsráid é,
‘S óró grá mo chroí.
Ó fan, fan, agus leigigí síos mé
‘S óró londú buí
Go n-innsí mé scéal beag eil’ ar na mná daoibh
‘S óró grá mo chroí
Scéal beag indiu agus scéal beag amáireach,
‘S óró londú buí,
Agus scéal beag eil’ achan lá go cionn ráithe,
‘S óró grá mo chroí.
Ach go b’é gur bean a bhí’n mo mháthair
‘S óró londú buí,
D’innseohainn scéal beag eile ar na mhrá daoibh
‘S óró 7rl
(Ó Mhaighréad, Bean Uí Ghuibhir, 30 bl. ó shin (bhí sí c. 60 bl. san am) Ga’ Dobhair, a fuair Dinny é.
Scríobh Ennis ‘Go réidh’ os cionn nodaireacht an cheoil.
Óró Londúbh Buí (Óró, Yellow Blackbird)
Ennis wrote that this version from Dinny is the Gaoth Dobhair version of the song. He got it from Mairéad, Bean Uí Ghuibhir, 30 years ago [c. 1914], (she was around 60 at the time), Gaoth Dobhair.
A man and his wife are returning from a wake when they meet a young man who asks the man for his wife. She accompanies the young man who is uncouth. After three seasons she returns home.
[See also Cuach Mo Londubh Buí]
[See NFC 1282: 20-23]
Note to music transcription:
Ennis wrote ‘easily’ in Irish, above the music notation.
Scríobh Ennis gur faoi mhaighdean mhara, Mary Shíní an t-amhrán. Is faoi fhear é a chuaigh amach ag iascach lá agus a dtáinig maighdean mhara chuig deireadh an bháid. Bhí clóca aici agus b’shin a choinnigh ar snámh í. Ghoid sé uaithi é agus thug sé í féin abhaile leis. Chuir sé an clóca i bhfolach i gcruach coirce. Phósadar agus bhí beirt pháiste acu, Máire Bhruinnil agus Pádraig Bán. Lá amháin chonaic an iníon an clóca álainn seo sa gcruach coirce agus d’inis sí dá máthair faoi. Chuaigh an mháthair fhad leis an gcruach, thug sí léi an clóca agus ar ais léi sa bhfarraige. Bhí sí an-ghar dá hiníon agus thagadh sí chuile lá le gruaig a hiníne a chíoradh. Comhrá idir an mháthair agus an iníon atá san amhrán.
Scríobh Ennis an cuntas ó Shíle Mhicí.
Maighdin mhara a bhí inntí agus “Méirí Shínídh” an t-ainm a bhí uirthí. Fear a chuaidh amach ag iascach aon lá ‘mháin agus d’írí sí seo ar dheiriú an bháid aige, agus bhí brat léithe (sin a’ rud a bhí á coinneáilt ar an uachtar). Sciob seisean uaithe é agus tháinic sí ‘na a’ bhaile leis.
Chuir sé an brat i bhfalach i gcruach a’ choirce. Phós siad agus bhí beirt pháistí acu.- Máire Bhruinnthil agus Pádraic Bán. Chonnaic an nighean an brat galánta seo i gCruach a’ Choirce aon lá amháin agus d’innis sí do n-a máthair é 7 chuaidh sise fhad leis a’ chruach agus thug si léithe’n brat agus chuaidh ‘na farraige araist. Bhí sí an-mhór leis an nighean agus thiocait sí achan lá annsin agus chíorait sí cionn na giorrsaighe agus sé’n t-uarán an chainnt a bhí eatorra – Síghle Mhicí
Nóta le hathscríobh an cheoil:
Bhí na sé h-amhráin sin romham ag Cití Ní Ghallchobhair, a fuair an chéad duais ag an Oireachtas 1943. Scríobh sí amach domh iad 7 dubhairt liom gur fhoghluim sí ó’n tseanbhean seo iad. D’fhág mise mar bhíodar iad le iad a cheartú do réir cainnte na sean-mhrá nuair a rachainn ar cuaird aicí, mar b’fhacthas dom go raibh beagán dearmadaí ionnta 7rl. rud a rinne mé. Tá siad annseo mar scríobhfainn féin ó Shighle iad, de thairbhe an cheartucháin. Thug sí bhéarsa eile de Choinnleach Glas an Fhoghmhair domh nach raibh ag Cití, agus ughdar aon chinn acu a raibh ughdar aice leis. Scríobhas a gceólta seo ó Chití 7 bhíodar aici mar mhúin Síghle dhi iad – chuala mé Síghle dá gcantain tar éis dom iad a scrí’.
Scríobh an bailitheoir a nóta seo a leanas roimh athscríobh an cheoil ó Shíghle:
‘Ceólta ó Ghaoith Dóbhair’
Ó Shíghle (Mhicí ) Ní Ghallchóbhair (82), Dóbhar Láir, Tír Chonaill. Ní amhránaidhe fíor n-a cuid ceóil anois í – níl cruinneas ‘sna nótaí aice agus mar sin is ó Chití Ní Ghallchobhair (21) a bhreacas na sé cheólta atá ar tosach annseo (v. leabhar na bhfocal). Is ó Shíghle í féin a thóig mé na ceólta eile ó’n seachtmhú ceann amach.
Scríobh sé ‘Go sínte’ os cionn an cheoil do ‘An Mhaighdean Mhara’ agus scríobh sé : ‘Fuaim ‘bough’ an Bhéarla leis na focal ‘ádha’, ‘sámh’ agus ‘snámh’ faoi athscríobh an cheoil.
An Mhaighdin Mhara
Is cosamhail gur mheáth tú nó gur thréig tú ‘n greann
Tá sneachta go frasach fá bhéal an ádha (átha?)
Do chúl buidhe daithtí is do bhéilín sámh
Siod chugaibh Máirí Shínidh ‘s í ‘ndéidh an Éirne shnámh (shnáou)
“A Mháithrín mhils,” duairt Máire Bhán
“Fá bhruach an chladaigh is fá bhéal na trágha
Maighdean Mhara mo mháithrín árd
Siod chugaibh Méiri Shínidh ‘s í ‘ndéidh an Éirne shnou.”
“Tá mise tuirseach agus beidh go lá
Mo Mháire Bhruinnthil is mo Phádraic Bán
Ar bhárr na dtonnaí ‘s fá bhéal na h-ádha (?)(sic)
Siod chugaibh Máirí Theinidh ‘s í ‘ndéidh an Éirne shnou.”
Amhrán éadrom é seo ina bhfuil fórsa an ghrá chomh domhain sa bhfile nach mór é a cheiliúradh san amhrán.
Scríobh Ennis ar athscríobh an cheoil gur dhúirt Máire ar bhealach brónach é agus scríobh sé ‘go réidh’ os cionn an cheoil. Scríobh sé freisin gur mar seo a fhuaimnítear é ‘Doe do ó didle ó’.
Dó Dú ó Deighdil ó (ceolta 10 agus 11)
Dó Dú ó Daighdle ó
(Doe, doo o didle ó)
Doe, doo ó didle um
‘S grá mo chroí do chos
Doe-ín doo ó didle um
‘Sí dhaimhseóchadh ‘chuile phort
Is didle o doo o didle um.
Nach neantóg is bláth buaidhe,
Tá ‘fás ar áit mo thighe
‘Sníl seanbhean ná bean óg,
‘Sa mbealach ar mo stór.
Nárb’a fada’ch go mba geárr,
Go bhfágha máthair mo ghrá bás.
Is grá mo chroidhe do láimh
‘Sí chuirfeadh a’ seól i gcránn.
Nach iomú cor is cleas
In do chroí nach bhfuair mé ‘mach.
‘Snach gaoith andeas is cóir
‘Tá ‘bhaile lé mo stór.
Grá mo chroidhe-se’n t-é,
Nach bhfaca mé ‘ndiu ná ‘nné.
‘Snach iomú caora’s molt
Ag mo stór i mbun a’ chroc [chnoc].
‘S tá mo ghrá chómh deas
‘Snach bhféadaim éighrighe as
(ó Mháire ‘s ó Mheaigí ‘s ó Sheáinín Choilmín)
‘S tá mo stór chomh cóir
Le gloine ‘dteach an óil.
‘S duairt mo stór liom péin,
Gan géilleadh go lucht bréag.
‘Stá mo chroí cho’ trúm,
Le cloch a caifí ‘dtúnn.
Nóta le hathscríobh an cheoil:
Scríobh Ennis ar an athscríobh gur dhúirt Máire go brónach é agus scríobh sé ‘go réidh’ leis an gceol. Scríobh sé freisin ‘mar seo a deirtear: ‘’Doe do zo didle ó’.
Scríobhadh an ceol seo ón bhfidléir Niallaí Ó Baoill (Néillidh Boyle), Cró na Sealg, An Clochán Liath. Bhí Séamus Ennis cairdiúil le Niallaí agus bhailigh cuid mhór ceoil uaidh nuair a bhí sé ar obair pháirce. Scríobh sé sa dialann (8.3.1944) go mba rud fíor-spéisiúil faoi cheolta Niallaí gur ‘óna mháthair a fuair Niall iad – ‘na bpoirt béil aici a bhíodar’. Neansa Nic Suibhne a bhí ar a mháthair agus ba ó An Chruit í. Scríobh Ennis an t-eolas seo freisin le hathscríobh an cheoil do ‘Seán sa Cheo’, an dara ceann de dhá phíosa a scríobh sé ó Niallaí tús Márta 1944. Tá tóir ag ceoltóirí Dhún na nGall ar ‘Seán sa Cheo’, agus tá sé an-fheiliúnach do sheinm ochtaigh ar gné thábhachtach i gcónaí é i gceol fidléireachta Dhún na nGall.