Tá an-tóir ar an bport áirithe seo mórán áit in Éirinn, faoi mar is léir in an-chuid bailiúchán. Foilsíodh é chomh fada siar le 1858 nuair a chuir R.M. Levey san áireamh é sa gcéad bhailiúchán aige The Dance Music of Ireland. Chuir Captain Francis O’Neill san áireamh é sa bhfoilseachán aige féin in 1907 The Dance Music of Ireland 1001 Gems agus tá sé ag an mbailitheoir, Francis Roche ó Chorcaigh, sa gcéad bhailiúchán aige in 1912. Cé gur iondúil an port á sheinm i ngléas D, is i ngléas C atá an leagan a d’athscríobh Séamus Mac Aonghusa ó Hughie Bonar. Anuas ar an obair bhailithe ó cheoltóirí agus ó amhránaithe, ba mhinic a théadh Mac Aonghusa i bpáirt leo agus uirlisí éagsúla á seinm aige. Tá an-chuid tagairtí sa dialann aige dó féin ag seinm ar an bhfidil i nDún na nGall agus tharla sé seo, mar shampla, oíche i dtús Márta 1944 nuair a scríobh Mac Aonghusa an port seo ó Hughie Bonar. Scríobh sé gur: ‘chruinnigh triúr nó ceathrar fear óg isteach agus chaitheamar triúr againn an oíche ag uainíocht ar a chéile le veidheal Hughie’. Scríobh Mac Aonghusa ar an athscríobh don bport áirithe seo, uimhir 9: ‘(Deireadh na gceolta seo ó Hughie Bonar)’.