Ceol agus amhráin bailithe ag Séamus Mac Aonghusa sna 1940í agus athchruthaithe ag ceoltóirí agus amhránaithe na linne seo a thagann ón gceantar céanna. Curtha i láthair ag Ríonach uí Ógáin, le buíochas ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann agus An Chomhairle Ealaíon
Is mar phíobaire den scoth is mó cuimhne ar Shéamus Ennis. Ach ba bhailitheoir, craoltóir, amhránaí agus scéalaí é chomh maith. Ceapadh ina bhailitheoir lánaimseartha é ag Coimisiún Béaloideasa Éireann ó 1942 go dtí 1947. Tá fairsing mhór i dtorthaí a chuid obair pháirce le linn na tréimhse seo ina bhfuil béim ar an gceol agus na hamhráin traidisiúnta. I nGaeilge atá formhór an ábhair a bhailigh sé agus san iarthar a rinne sé an bailiú den chuid is mó. Peann agus pár ab ea na huirlisí oibre cé go ndearna sé beagán taifeadtaí fuaime de réir mar a bhí trealamh fuaime, go háirirthe an gléas éideafóin ar fáil aige. Dá réir sin is i bhfoirm lámhscríbhinne amháin den chuid is mó atá na hamhráin, na foinn agus na poirt i mbailiúchán Ennis. Tá suas le 600 amhrán agus píosa ceoil san athscríobh ceoil agus is amhráin iad thart ar trí cheathrú díobh seo. Tháinig cairdeas de réir mar a chuir sé aithne orthu agus bhí daoine an-tsásta a gcuid ceoil agus amhrán a thabhairt dó. Is ó fheadaíol agus ó phortaireacht bhéil a scríobh sé an ceol damhsa den chuid is mó agus tá beagán ceol scríofa ó uirlisí ceoil, píb uilleann, bosca ceoil agus fidil. Rinne Séamus Ennis nodaireacht an cheoil agus focail na n-amhrán a scríobh i dtosach agus ansin rinne sé an ceol a scríobh sé le linn obair pháirce a scríobh amach arís i lámhscríbhinni atá anois i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Rinne an Chomhairle Ealaíon maoiniú ar an togra seo ina leagtar béim ar a thábhachtaí is atá an tuiscint ar obair pháirce a rinneadh sna 1940í agus ar cuid de phróiseas cartlainne anois í. Thar aon rud eile, tugann sé léargas ar chnuasach cartlainne a tháinig chun cinn de thoradh ar obair pháirce eitneagrafach. Tá beatha agus léargas nua tugtha do thrascriobh a rinneadh ceithre scór bliain ó shin de réir mar a rinne ceoltóirí agus amhránaithe an lae inniu a gcuid féin d’obair Ennis san athscríobh a rinne sé agus é ina bhailitheoir. Tá teacht sa lámhscríbhinn ar eolas faoin gceoltóir, faoin amhránaí, agus faoin áit a bhí i gceist nuair a bhailigh Séamus Ennis an t-ábhar.
Tugadh cuireadh d’amhránaithe agus do cheoltóirí scrúdú a dhéanamh ar chuid de na hamhráin agus den cheol i mbailiúchán seo Ennis agus léirmhíniú a dhéanamh air. Nuair a bhí an ceol agus na hamhráin roghnaithe acu, chuadar i mbun léargas a thabhairt ar cheol agus ar amhráin a bailíodh ag am áirithe agus in áit áirithe. Ba í an chéad chéim eile taifeadtaí fuaime a dhéanamh. San athscríobh, léirítear an malartú a tharlaíonn le hobair pháirce. Is cuid den togra seo aitheantas a thabhairt d’obair Shéamus Ennis agus san am céanna tugtar aitheantas don ábhar féin agus don chartlann. Anuas air sin léirítear dílseacht do cheoltóirí agus d’amhránaithe an lae inniu. Cothaíonn sé caidreamh idir an lá atá innniu ann agus an chartlann.
Thug an togra deis do cheoltóirí agus d’amhránaithe a léamh pearsanta féin a dhéanamh ar athscríobh láimhe, cartlainne de réir mar ba toil leo. Tá léargais agus beatha nua cruthaithe acu seachas aithris a bheith déanta acu. Cuireadh creatlach ar fáil san athscríobh agus san am céanna chuir an chreatlach sin ar chumas an cheoltóra agus an amhránaí nuáil, léirmhíniú agus cruthaitheacht a chur in iúl.
Ríonach uí Ogáin, Bealtaine 2022
Na ceoltóirí agus na fonnadóirí, An Chomhairle Ealaíon, Marty Curran, Adam Girard, Treasa Harkin, Cnuasach Bhéaloideas Éireann, Leabharlann na Breataine, Neansaí Ní Choisdealbha, Peigí Ní Thuathail, Garry Ó Briain, Damien Ó Dónaill, Máire O’Keeffe, Gwyn Ó Murchú, JJ O’Shea, Tom Sherlock, Lisa Shields. Grianghraf de Séamus Mac Aonghusa le buíochas ó Anna, Mary agus Nóra Ní Chadhain.