As Baile Átha Cliath é an fidléir Paddy Glackin. B’as Contae Dhún na nGall, Tom Glackin, a athair, fidléir cáiliúil a raibh an-tionchar aige ar stíl Paddy. Bhí an-tionchar ag John Doherty, fidléir taistil air chomh maith le fidléirí eile ar nós John Kelly, Tommy Potts agus Pádraig O’Keeffe. Nuair a bhí sé naoi mbliana déag bhuaigh sé curadh sinsir Fleadh Cheoil na hÉireann ar an bhfidil. Bhí sé ina bhall de ‘Seachtar’ agus ansin de ‘The Bothy Band’ lár na 1970í agus bhí freisin ina bhall de ‘Ceoltóirí Laighean’ a ndearna sé dhá albam a thaifeadadh leo. Chaith sé tréimhse ag obair mar chartlannaí agus mar oifigeach traidisiúnta ceoil ag an gComhairle Ealaíon. Ina dhiaidh sin bhí sé ag obair le RTÉ i mbun craolacháin. Cé gurb é an ceoltóir aonair a rogha dó féin, bhí sé go mór chun tosaigh i gcomhpháirt taifeadtaí éagsúla le Paddy Keenan, Dónal Lunny, Robbie Hannan agus Micheál Ó Domhnaill, mar shampla. Rinne sé taifeadtaí freisin le John Cage agus Jolyon Jackson. Déanann sé comh-láithriú ar an gcúrsa ‘Dúchas an Cheoil: The Scope of Irish Music’ ag Scoil Samhraidh Willie Clancy. Ba é Glackin: Ceol ar an bhFidil an chéad albam aonair aige a foilsíodh i 1977. Sa mbliain 2022, bronnadh Gradam Ceoltóir na Bliana TG4 air.
Agus é ina stócach i nDoire, ba é a athair, Joe, a chuir Dermot in aithne don bhfidil. Chuaigh Dermot chuig ranganna le fidléirí áitiúla ar nós Tony Black, Frank McFadden, Paddy McCafferty, Denis Heaney agus Dinny McLaughlin. Ina dhiaidh sin, sna 1980í agus 90í chaith sé an-chuid ama ag éisteacht le ceoltóirí a bhí níos sine agus ag foghlaim ó fhidléirí móra Chontae Dhún na nGall – Con Cassidy, James Byrne, Francie Mooney, Vincent Campbell, agus Francie Dearg Ó Beirne. Is mar cheoltóir aonair, gan tionlacan is fearr aithne ar Dermot. Tá dúil ag Dermot i bhfoghlaim agus i dteagasc an cheoil agus bíonn sé ag múineadh go rialta i rith na bliana ag scoileanna samhraidh, ardranganna agus ag imeachtaí eile, agus is breá leis bheith ag obair le ranganna beaga atá ar ardchaighdeán nó meánchaighdeán.
Bhí ról lárnach aige i mbunú Thaisce Cheol Dúchais Éireann agus chaith sé tréimhse ina Chathaoirleach ar an Taisce. Chaith sé tamall freisin ina Chathaoirleach ar choiste roghnaithe Ghradam Ceoil TG4. Bhunaigh sé Creative Strategic Solutions i 2014 agus bíonn sé ag obair le réimse leathan eagraíochtaí cultúrtha ar bhonn náisiúnta agus go háitiúil. Roimhe sin, bhí ról lárnach aige i gcúrsaí polasaithe agus forbartha, go háirithe i gcúrsaí an cheoil dúchais ina chuid oibre leis an gComhairle Ealaíon agus bhí sé gníomhach i dtograí náisiúnta, ar a bhfuil Ealaín na Gaeltachta, Oíche Chultúir agus Other Voices.
Is amhránaí ar an sean-nós as an Aird Thoir, Carna, í Caitríona Ní Cheannabháin. Ba é Michael Mháire Ghabha Ó Ceannabháin a hathair. Fonnadóir mór ar an sean-nós agus ceoltóir a bhí ann féin agus ina mháthair Máire an Ghabha roimhe. Tá an traidisiún ag gabháil ó ghlúin go glúin. Is í Caitríona an Cathaoirleach ar Éigse Chomórtha Mhichael Mháire Ghabha . Nuair a bhí sí an-óg, ghlacadh Caitríona páirt go rialta i gcomórtais agus i bhféilte. Ghnóthaigh sí duaiseanna ag an Oireachtas agus ag féilte eile. Bíonn sí ag casadh amhrán ag féilte thar lear agus ag déanamh moltóireachta ar chomórtais, ag leithéid Oireachtas na Gaeilge. Ghlac sí páirt sa scannán Song of Granite faoi Sheosamh Ó hÉanaí. Bíonn sí go minic ar Raidió na Gaeltachta agus ar TG4. Tá spéis aici sa gceol tíre. Tá dhá dhlúthdhiosca déanta aici. Bhí sí ag múineadh an tsean-nóis sna bunscoileanna in Iorras Aithneach. Is breá léi an traidisiún, an cultúr agus an nádúr agus tugann siad ardú croí di.
Rugadh Maighread agus Tríona Ní Dhomhnaill i mBaile Átha Cliath. Ba iad Aodh Ó Domhnaill (Hiúdaí Mhicí Hiúdaí) agus a bhean chéile Bríd (née Comber) a dtuismitheoirí. Tógadh an chlann i gCeannanas, contae na Mí, ach bhí dáimh ar leith ariamh acu le háit dhúchais a n-athar, Rann na Feirste in íochtar na Rosann i dTír Chonaill. Ceoltóirí céimiúla a bhí in Hiúdaí agus Bríd agus d’fhág sin agus ceolta a n-aintín, Neilí Ní Dhomhnaill, rian láidir ar cheol an teaghlaigh. Is i Rann na Feirste a chuaigh Maighread, a deirfiúr Tríona agus a deartháir Mícheál, nach maireann, i bpáirt le Dáithí Sproule ó Dhoire sa ghrúpa Skara Brae ar eisigh Gael Linn ceirnín leo in 1971. Ba ceirnín ceannródúil é seo a chuir cóiriú nua-aimseartha le cuid de stór amhrán Rann na Feirste. Is le banaltracht a chuaigh Maighread mar ghairm bheatha ach choinnigh sí uirthi ag ceol (ina haonar agus i ngrúpaí éagsúla) agus d’eisigh Gael Linn dhá cheirnín aonair léi. Chomh maith le ceol gan tionlacan, cleachtann Maighread ceol le tionlacan agus comhcheol i gcuideachta le Tríona. Tá an ceol Gaelach i ndiaidh Maighread a thabhairt ar fud an domhain le daichead bliain anuas. Tá amhráin léi le cluinstin ar thaifeadtaí le Coolfin, The West Ocean String Quartet, John Renbourne, Tea with the Maggies agus a thuilleadh nach iad. Tá teach ag Maighread i gCarraig an Choill, Rann na Feirste, ag amharc amach trasna an Ghaoith anonn ar an Mhachaire Loiscthe, an áit arbh as Síle Mhicí.
Seineann Tríona Ní Dhomhnaill pianó digiteach mar thionlacan le Maighread do dhá amhrán ‘Coinleach Glas an Fhómhair’ agus ‘An Mhaighdean Mhara’. Chomh maith lena bua agus a scil ar an-chuid uirlisí ceoil , is amhránaí agus cumadóir í Tríona. Anuas ar a ról sa ngrúpa Skara Brae, bhí sí páirteach ina dhiaidh sin i ngrúpaí eile. Orthu seo tá The Bothy Band, Relativity agus Nightnoise. Ó bhí sí ina déagóir óg, tá sí ag scríobh amhrán agus ceoil agus ar aon dul lena deirfiúr Maighread tá luí ar leith aici le traidisiún amhránaíochta Thír Chonaill. Bhí Tríona agus a deartháir, Mícheál, nach maireann lárnach i mbunú The Bothy Band a bhfuil na cúig albam acu ar eisiúintí den chéad scoth. Níl áireamh ar na ceoltóirí agus na hamhránaithe a ndearna sí comhoibriú leo agus tá dhá albam dá cuid féin eisithe aici ‘Tríona’ (1975) agus ‘the Keys Within’ (2010). Sa mbliain 2019, bronnadh Gradam Cumadóir agus Comharcheoil TG4 uirthi.
Is iníon í Bríd Ní Mhaoilchiaráin le Bairbre Éinniú agus Peadar Ó Maoilchiaráin as An Aird Thoir, Carna. Is óna máthair a d’fhoghlaim sí formhór a cuid amhrán. Ba seanuncail di é Joe Éinniú, a raibh tionchar mór aige ar a cuid fonnadóireachta. Deir Bríd go raibh an t-ádh uirthi, agus í ag éirí aníos, gur chuir sí aithne ar laochra móra sean-nóis na háite agus spreag siad sin i gcónaí an ghlúin a bhí ag teacht ina ndiaidh chun na hamhráin a choinneáil beo.
Agus í ina cailín óg, bhíodh sí páirteach i bhFéile Joe Éinniú agus i bhFeis Charna. Thosaigh sí ag glacadh páirte i gcomórtais Oireachtais in 2000 agus 2002. D’éirigh léi Corn Uí Riada a bhaint amach in 2002 agus arís in 2015. Bhí sí ar an gcéad duine a ceapadh mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis in OÉ Gaillimh in 2002.
Is múinteoir bunscoile í agus tá sí ag múineadh i Scoil na hAirde ó 1998. Tá bród uirthi a bheith ag múineadh san áit a bhfuair sí féin a cuid oideachais bunscolaíochta idir 1982 agus 1990. Tá sí pósta le Tommie Breathnach agus tá cúigear clainne acu. Tá siad ag cur fúthu i Roisín na Mainiach, Conamara.
Is ar An Luinnigh, Gaoth Dobhair, Tír Chonaill a rugadh agus a tógadh Mairéad Ní Mhaonaigh. Ba mhúinteoir bunscoile a hathair, Proinsias Ó Maonaigh agus is de bhunadh an cheantair, Cití, a máthair. Is cainteoir dúchais Gaeilge í Mairéad, agus fuair sí a cuid amhrán agus a cuid ceoil óna muintir agus óna cuid comharsanaigh. Ghlac Mairéad an-suim in amhráin agus i gceol a ceantair féin. Tá aithne forleathan uirthi anois mar dhuine de na príomh fhidléirí a sheinneann i stíl aitheanta Dhún na nGall. Seinneann Mairéad le Altan, banna ceoil traidisiúnta a bhunaigh sí lena fear céile nach maireann, Frankie Kennedy agus sheinn Altan ar fud na cruinne.
Fuair sí a cuid ceoil agus fidléireachta óna hathair Proinsias Ó Maonaigh, duine de na múinteoirí fidle ba thábhachtaí i dTír Chonaill. Bhí Mairéad ar dhuine de bhunaitheoirí Chairdeas na bhFidléirí, cumann a tosaíodh le saibhreas fidléireachta an chontae a fhorbairt agus a chaomhnú don todhchaí. Glacann Mairéad páirt go fóill i ngníomhaíochtaí Chairdeas na bhFidléirí, tré bheith ag teagasc ag an Scoil Shamhraidh a reachtálann siad achan samhradh i nGleann Cholm Cille, nó ag cur i láthair ceolchoirmeacha dóibh i rith na bliana. Bronnadh Pearsa Thír Chonaill uirthi sa bhliain 2009 agus Gradam Ceoltóir Tradisiúnta na bliana 2017. Chomh maith le bheith ag seinm le hAltan, tá ráchairt ar Mhairéad mar aoi aonarach agus bíonn sí ag cur ceoil i láthair ar na meáin ar nós ‘The Long Note’,‘The Pure Drop’ agus ‘The Full Set’. Bhí Mairéad gníomhach ar albaim dá cuid féin agus ar albaim eile i gcuideachta léitheidí Enya, The Chieftains agus Dolly Parton mar shampla. Ba mhaith léi am a ghlacadh le ceol a chumadh san am atá le theacht. Is ball í Mairéad de String Sisters, T with the Maggies (le Maighread agus Tríona Ní Dhomhnaill agus Máire Ní Bhraonáin). Thaifead sí albam nua le SíFiddlers – triúr bean déag d’fhidléirí Dhún na nGall.
As Cor na Rón, Cois Fharraige í Neansaí Ní Choisdealbha. D’fhoghlaim sí a cuid ceoil sa mbaile ar dtús mar bhí ceol ag a muintir. Chasadh a hathair Michael Mheáirt Ó Coisdealbha an bosca ceoil agus bhí a máthair Bairbre ina damhsóir seite agus in ann casadh ar an trumpa béil. Is ar an mbosca ceoil a thosaigh Neansaí agus ansin thosaigh sí ag foghlaim ar an bhfeadóig stáin. Ina dhiaidh sin, thosaigh sí ag casadh na fliúite. Thosaigh Neansaí ag obair le Raidió na Gaeltachta i 1986. D’oibrigh sí le cúrsaí fuaime ar feadh roinnt blianta agus ansin bhí sí ina maor teicniúil ar an togra a rinne digitiú ar chartlann iomlán RnaG. Thosaigh Neansaí ag obair mar Chlár Reachtaire le RnaG agus mar Eagraí Ceoil. Ansin thosaigh sí ag taisteal ar fud na tíre ag bailiú agus ag taifeadadh ceoil. Cuireann sí ceithre chlár ceoil i láthair ar an stáisiún gach seachtain. Tá cáil ar an gclár ‘Ceol Binn ó na Beanna’ mar chlár sainiúil an cheoil traidisiúnta agus bua ar leith ag Neansaí chun togha agus rogha an cheoil a chur i láthair Tá dhá thaifeadadh déanta aice Draíocht na Feadóige agus An Tower. Bhronn Comhaltas Ceoltóirí Éireann gradam Ceannródaí ar Neansaí i 2014 agus tá aitheantas faighte ag a cuid cláir ó Fhéile na Meáin Cheilteach freisin.
Is as Anagaire i nGaeltacht Thír Chonaill é Brian Ó Domhnaill nó Brian Danny Minnie. Chuir sé spéis ar leith san amhránaíocht ar an sean-nós agus é ag fás aníos, agus thosaigh sé ag glacadh páirt in ócáidí amhránaíochta agus i gcomórtais. Seinneann sé an fheadóg mhór. Cuireann Brian spéis sna hamhráin áitiúla agus sna hamhránaithe a bhain le glúnta roimhe. Is rí-spéis leis scéalta agus cúlra na n-amhrán. Thug sé na céadta amhrán le chéile é féin agus tá suim aige a bhailiúchán amhrán a roinnt le Taisce Cheol Dúchais Éireann agus an togra a bhaineann leo a leanúint anois. Bhí tús curtha leis seo roimh Chovid ach b’éigean é a stad mar gheall ar an ghéarchéim. Is breá leis leaganacha amhrán agus na véarsaí éagsúla a phlé. Bíonn sé ar a dhícheall ag iarraidh amhráin a choinneáil ina mbeatha. Tá an-cháil air mar chócaire agus ghnóthaigh sé gradam an chócaire is fearr i gContae Dhún na nGall. Tá sé i bhfeighil ‘Dannie Minnie’s’ in Anagaire, bialann a bhfuil ard-cháil domhanda air.
Rugadh agus tógadh Éamon Ó Donnchadha sa gCloigín Gorm i mBaile Átha Cliath. Ba as Plás Mhaoilbhríde i lár chathair Bhaile Átha Cliath dá mháthair agus ba gabha ceartan a bhí ina hathair siúd. Ba as Tuaim Uí Mheára i dTiobraid Árann d’athair Éamoin agus tháinig sé go Baile Átha Cliath ag obair sa státseirbhís. Phós siad agus thóg a seachtar clainne le Gaeilge. Chuir Éamon suim sa gceol agus san amhránaíocht nuair a d’fhreastail sé ar Choláiste Phádraig i nDroim Chonrach agus ba mhinic é i mbun ceoil lena chairde, Ger Galvin agus Fearghas Mac Lochlainn. Mhéadaigh ar an suim seo nuair a chuaigh sé siar go Leitir Móir agus go dtí an Trá Bháin i gConamara. Chuala sé Mairín Uí Chéidigh, a huncail, Coilimín an tSeoighigh agus amhránaithe eile as Conamara ag casadh na n-amhrán. Bhí Éamon faoi gheasa ag draíocht na filíochta, ag ceol na teanga agus ag ealaín na hamhránaíochta ar an sean nós. Tá Corn Uí Riada gnóthaithe trí huaire ag Éamon agus an-tóir aige ar amhráin Raiftearaí.
Is minic Éamon páirteach i gcomórtais an Oireachtais lena sheanchara Fearghas Mac Lochlainn, a chum iliomad lúibín, amhrán saothair agus agallamh beirte.
Phós Éamon Mairéad Ní Cheallaigh. Is iníon í Mairéad le Peige an tSeoighigh as An Sconsa agus le Pádraic Ó Ceallaigh as An Máimín agus cáil agus tradisiún na n-amhrán ar an dá thaobh aici. Tá Éamon agus Mairéad ina gcónaí i nGaeltacht Ráth Chairn. Chaith Éamon fiche bliain ag múineadh i mbunscoil Ráth Chairn. Tá clann ceolmhar tógtha acu féin agus an traidisiún á sheoladh ar aghaidh chuig glúin eile fós.
Tógadh Lillis Ó Laoire i nGort an Choirce, an baile a raibh Donnchadh Ó Baoill ina mhúinteoir scoile ann. Bhí eolas aige ar Dhonnchadh agus é ag éirí anìos, mar go raibh cáil na n-amhrán air, cé gur cailleadh é agus Lillis an-óg. Bhuaigh Lillis Corn Uí Riada faoi dhó agus bronnadh gradam TG4 Amhránaí na Bliana air sa bhliain 2020. Is Ollamh é i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá cuid mhór foilsithe ag Lillis faoin amhránaíocht, faoin eitneolaíocht agus faoi mhórán ábhar eile i réimsí éagsúla an bhéaloidis agus na Gaeilge. Ar na foilseacháin is cáiliúla uaidh tá Ar Chreag i Lár na Farraige: Amhráin agus Amhránaithe i dToraigh agus Bright Star of the West: Joe Heaney, Irish Song Man.
Is ó traidisiún laidir ceoil a thagann an phíobhaire Néilidh Ó Maolagáin. Rugadh i mBaile Átha Cliath é agus is mac é le Tom Mulligan as Contae Liatroma, a raibh clú agus cáil ar mar fidléir agus mar píobaire. Bhí suim riamh aige i dtaobh an cheoil, agus sin le cloisteáil ina stíl phíobaireachta.
Tá a chuid phíobaireachta bunaithe ar stíleanna séan mhaistrí na bpíob. Tá dúil mór aige san amhránaíocht ar an sean-nós. Tá seo le haithint go mór agus leiriú á thabhairt aige ar na hamhráin ar na píob.
Tá trí albam foilsithe ag Neilidh go dtí seo, agus tá sé mar aoi cheoltóir ar an-chuid taifeadaí eile. Comh maith le seo bíonn sé ag múineadh agus ag casadh ceoil ag féilte ar fud an domhain. Tá Néilidh tar éis dul i gcomhar leis an stiúrthóir Robert Houlihan, comh maith le ceolfhoirne ón tSeirb, ón Ungáir agus ón Rómáin. Le déanaí, tá Néilidh i ndiadh obair leis an bhfile clúiteach Vincent woods, as contae Liatroma.
Casann beirt mhac leis, Fiachra agus Oisín, na píob agus an fhidil. Bíonn a bheirt iníon, Caoimhe agus Éabha, ag seinm an fhidil, an cruit, an consairtín, agus ag damsha ar an séan-nós.
Thosaigh Johnny Óg Connolly ag seinm ceoil ar an mbosca nuair a bhí sé naoi mbliana d’aois. Óna athair, Johnny Connolly a rugadh in Inis Bearachain agus ó Mhicheál Mheáirt Ó Coisdealbha a thug sé leis cuid mhór dá chuid ceoil. Chuaigh ceol Joe Burke agus Andy McGann i bhfeidhm go mór air freisin. Nuair a bhí sé ceithre bliana déag chaith sé tamall ag seinm leis an ngrúpa ceoil Na hAncairí. Thug an ceol ar fud na cruinne é agus sa mbliain 2003 shocraigh sé síos i gCois Fharraige. Is cumadóir ceoil chomh maith é agus tá sraith dlúthdhioscaí foilsithe aige. Orthu seo tá ‘Aisling Yoshua’ (Joshua’s Dream) a foilsíodh 2011 agus a bhain an ‘Irish Times Ticket Award’ amach don albam ceol tradisiúnta is fearr. I gcuimhne ar a athair ceann de na dlúthdhioscaí uaidh ‘Fear Inis Bearachain’ a foilsíodh in 2016 agus é ag seinm ar an mileoidean, uirlis ar mhol a athair dhó a dhul ina bhun. Chum Johnny Óg ceol dar teideal ‘An Cosán Draíochta’ a cuireadh ar an ardán an chéad uair nuair a hosclaíodh Stiúideo Cuan sa Spidéal mí na Samhna 2021. Thugadh muintir Inis Bearachain ‘Cosán Draíochta’ ar an gcosán gainimh a cheanglaíodh an Inis leis an mórthír le linn lag trá.
Dr Hugh Shields grew up in Belfast. His mother and father both liked singing and were familiar with children’s street rhymes and songs. After a secondary education at the Royal Belfast Academical Institution, he went on to study at Trinity College Dublin (TCD). He graduated in 1952 with a first-class BA in modern languages and literature. He later returned to lecture at TCD, principally in mediaeval French literature, and became a fellow of the college. Hugh first encountered traditional folksong as part of living community culture in 1953, when he spent a year teaching in Coleraine in north Derry. There he formed a lasting friendship with singer Eddie Butcher of Magilligan. This experience, combined with his extensive field collecting, led him to research on the traditional song of Ireland, Britain, and Europe, and deepened his professional interest in medieval culture and popular art. He published books, articles, and sound recordings on the subject of traditional song. His study, Narrative Singing in Ireland: Lays, Ballads, Come-all-yes and Other Songs (1993), has become a standard work on the subject.