Johnny Óg Connolly, bosca ceoil, ag seinm 5 phort a bhailigh Séamus Mac Aonghusa i gConamara ó Dharach Ó Clochartaigh (2) agus ó Cholm Ó Caodháin (3)
(Colm Mháirtín Thomáis) (1873-1975). B’as Glinsce, idir An Caiseal agus Carna é Colm. Ba bheag oideachas foirmeálta a fuair sé agus ba iascaire agus feilméara a bhí ann. Ba é Colm an té ab ansa ar fad le Séamus Ennis ar na daoine ar bhailigh sé ceol, amhráin agus seanchas uathu. Ba damhsóir a bhí ann freisin agus rinne sé amhráin. Bhí sé lán spraoi agus bhí a fhealsúnacht phearsanta féin aige le déileáil leis an saol. Thugadh sé turas go barr Chnoc an Chaisil ag lorg suaimhneas intinne dá mbeadh aon cheo ag cur isteach air. Chaill sé an ‘dole’ i ngeall ar iascach muiríní. Thug sé na hamhráin dá chlann agus is cuimhin lena iníon, Mary, a bheith ag foghlaim amhrán uaidh. Cailleadh a dheartháir, John, óg i nGlaschú agus cailleadh deartháir eile, Tomás (1910-1934) sa mbaile. Is cosúil go ndearna Séamus Ennis iarracht go mbeadh Colm ag an Oireachtas ach ní dheachaigh Colm ann.
Ón gcéad lá a casadh Colm an Bhlácaigh nó Colm Ó Caodháin ar Shéamus thuig an bailitheoir go mba amhránaí, ceoltóir agus scéalaí den scoth a bhí ann. Nuair a tharla sé seo scríobh an bailitheoir: ‘Bhí Colm an Bhlácaigh ag súil linn toisc teachtaireacht a chuir Maidhcilín chuige. Thugamar na gléasanna ceoil linn. Fearadh an-fháilte romhainn, agus rinneadh ceol agus damhsa agus amhráin. Dúirt Colm amhráin agus poirt bhéil agus rinne sé damhsa freisin. (Tugtar breakdown ar dhamhsa aonair i gConamara.) Chaitheamar an oíche ag piocadh Choilm.’ Agus an lá dár gcionn thuig sé níos fearr fós a raibh d’ábhar ag Colm. Scríobh sé an 26 Bealtaine 1943: ‘Chaitheas an tráthnóna agus an oíche (lá fliuch) le Colm an Bhlácaigh agus scríobhas slám mór seanphort uaidh… D’iarr sé arís amárach mé.’
De réir mar a bhíodar ag cur aithne ar a chéile bhí an bailitheoir in ann an méid seo a leanas a scríobh sa dialann ar an 26 Meitheamh 1943: ‘An-fháilte aige romham agus an-áthas orm é a fheiceáil arís. Chaitheas tamall fada ag labhairt leis agus chuas ag scríobh uaidh fad a bhí sé ag baint mhóna.’ Ag deireadh an turais sin, scríobh sé arís faoin gcairdeas a bhí tagtha chun cinn. Ar an 4 Lúnasa 1943 scríobh sé: ‘Bhí an-chumha orm ag imeacht uaidh agus air féin freisin, mar tá an bheirt againn an-mhór le chéile. Is fear é Colm atá garbh, croíúil ina bhealach, ach d’fhéadfadh sé suí i gcomhluadar ag féasta mór, cuirim i gcás, in Áras an Uachtaráin agus gan náire riamh ná cúis náire a thabhairt don duine a bheadh in éindí leis tá sé chomh múinte sin. Thig leis comhrá cliste a dhéanamh ar ábhar ar bith. Bhí brón orm ag imeacht uaidh agus tá súil in airde agam é a fheiceáil arís.’ Fuair Ennis amach freisin go raibh chuile short ábhar ag Colm agus tháinig seo chun solais inar scríobh sé sa dialann an 19 Bealtaine 1944 nuair a thosaigh Colm ‘ag cur síos ar a chuid oibre féin ó Nollaig anuas – curadóireacht, bádóireacht, tógáil muiríní agus maisiú an tí, ag tógáil claíocha,ag déanamh bró chun meilte agus araile.’
Uaireanta bhí úsáid Ediphone ag Ennis agus thug sé fhad le Colm é. Mar seo a leanas a rinne Ennis cur síos ar Cholm nuair a rinneadh taifeadadh leis an chéad uair an 12 Meitheamh 1944: ‘An-scáth ag Colm roimh an Ediphone ar dtús agus go ceann i bhfad ní chuirfeadh sé ceart lena bhéal é agus ní labharfadh sé ceart isteach ann. Dúirt sé cúpla píosa nach raibh ach fíorbhocht. Ar deireadh chuir sé ar a smig é agus chuaigh sé ag labhairt agus d’fhiafraigh sé dhíom céard a déarfadh sé….Thosnaigh sé ansin d’aon sruth amháin cainte agus dúirt sé: “Meastú dhá gcuirfinn faoi mo smig mar seo é nach amhlaidh is fearr a bheadh glór aige? Ní thaitníonn liom an glór atá ag teacht amach – feicthear dhom go bhfuil sé an-bhodhránta” agus araile. Chuir muid cúpla amhrán agus cúpla píosa seanchais isteach ann roimh am chodlata. Bhí an-sult ag Colm ag éisteacht lena ghuth féin ag teacht amach arís ag rá na n-amhrán agus na gcainteanna.’
Ba mhinic bailitheoirí leis an gCoimisiún ag tabhairt cúnamh do fhaisnéiseoirí foirmeacha a líonadh, nó litreacha oifigiúla a scríobh agus a leithéid. Scríobh Ennis go dtug sé cúnamh do Cholm maidir le cúrsaí dole ar an 2 Meitheamh 1945. Scríobh sé faoi Cholm go raibh ‘litir aige sin dom le sccríobh dhó go dtí lucht an dole i nGaillimh – an áit nach bhfuil siad ag creistint nach bhfuil deireadh le hiascach muiríní go fóill. Nuair a bhí sí scríofa agam dhó thosaigh mé ar léamh is ceartú a théacsa leis. Rinneas suas le daichead leathanach de faoin haon déag a chlog agus shocraigh muid ar chuairt a thabhairt amárach ar Inis Ní, le cúnamh Dé, ach an lá a bheith breá.’ Thugadh Ennis cuairt go minic ar Cholm lena chinntiú go raibh ábhar Choilm scríofa síos i gceart aige agus le ceisteanna, a chur air dá mba ghá. Ba dhuine den teaghlach, beagnach, a bhí sa mbailitheoir agus chuirtí fáilte mhór roimhe i gcónaí. Nuair a tháinig sé fhad leis an teach i nGlinsce, scríobh Ennis an 26 Aibreán 1945: ‘”Nár ba liachtaí sop ar an teach ná fáilte romhat!” a dúirt máthair Choilm.’ Ag deireadh turais ar an 1 Lúnasa 1945, scríobh Ennis nach mbeadh deireadh go deo le stór ábhar Choilm: ‘Cé go bhféadfainn a rá go bhfuil mé réidh leis, níl aon chuairt a thabharfainn air nach mbeadh rud eicínt cuimhnithe aige dhom arís le scríobh.’
(Dudley Cloherty) I bPortach Mhaínse, Carna, a rugadh agus a tógadh é. Saor bád a bhí ina athair. D’oscail a dheartháir, Learaí, siopa i sráidbhaile Charna. Fuair sé bás i lár na 1950idí. ‘Is é an rud is deise uilig faoi Dharach… agus faoin spóirt atá aige as an gceol go mbíonn sé ag casadh na bport dhó féin is don tseanmhnaoi, a bhean chéile, sa chisteanach agus gan istigh ach iad féin. Tráthnóna dhá dtáinig mise ag an teach acu siod í an ealaíon a bhí air, go háirthid, agus an bheirt acu ag gáirí faoi chéile. Deir a bhean go mbíonn sé ag iarraidh í a mhealladh le port is damhsa i gcónaí mar a bhíodh shular phósadar ariamh fadó. Níl aon fhear grinn is mó casadh liom ná é le sult agus spraoi folláin na nGael a bhí fadó ann.’ (Féach CBÉ 1280: 412-413). Thug Séamus cuairt ar Dharach ar an Mháirt 10 Iúil, 1945 agus scríobh sé: ‘Chuas go Maínis tráthnóna go dtí Darach Ó Clochartaigh, an seanfhear a thug na poirt dom 1943, go bhfeicfinn é agus go bhfaighinn a phictiúr. Fuair mé chomh spraíúil, suáilceach céanna é féin is a bhean (níl muirín ar bith acu), is a chonaic mé riamh iad. Bhí faitíos ar Dharach gur ag cur a phictiúr ar pháipéar an lae amáraigh a bheinn agus bhí obair agam é a mhealladh liom go ligfeadh sé dhom é a thóigeáil chor ar bith; ach nuair a mhínigh mé dhó go mba mhaith liom a phictiúr a bheith agam féin bhí sé an-tsásta, agus sheas a bhean in éindí leis agus thóg mé iad sa gcaoi go raibh an teach is gach uile shórt thart air sa bpictiúr an chaoi ab fhearr a d’fhéadas é. Chaith mé seáirse mór ag seanchas leis féin is a bhean mar is beirt iad a thaitnigh go mór riamh liom. Dúirt a bhean liom go mbíonn sé ag casadh na bport di féin sa teach i gcónaí le hí a bhréagadh, fiú anois féin go bhfuil siad ina seandaoine. Nach aoibhinn Dia dhóíbh an croí atá acu!’
Paddy Glackin, fidil, ag seinm 5 phort a bhailigh Séamus Mac Aonghusa i nDún na nGall ó Niallaí Ó Baoill agus Hughie Bonar
Fál Chorb, An Machaire, Contae Dhún na nGall. Rugadh é in 1874. Mary agus Charles a bhí ar a thuismitheoirí agus ba é Hugh an té ba shine den mhuirear. Ceathrar mac agus iníon a bhí aige féin agus a bhean, Nellie. Maraíodh a mac Hugh, i gCogadh na gCarad sa Spáinn in 1937. Feilméara a bhí ann agus bhí sé crua ar an teaghlach maireachtáil agus iad i dtaobh leis an talamh. Chuaigh na mic Charlie, John agus Patrick agus a iníon Alice ar imirce go Sasana agus go hAlban. Fear íseal, beathaithe a bhí ann ach bhí sé folláin. Chaitheadh sé caipín i gcónaí. D’oibrigh sé crua agus bhí sé néata i mbun a churaimí. Chuile mhaidin, shiúladh sé in éineacht lena asal agus dhá chliabh go Machaire Maoláin le soláthar móna a thabhairt abhaile. Bhí rothar ráis aige, rud a bhí neamhchoitianta san am, mar gur rothar de chineál ‘High Nelly’ a bhíodh ag daoine eile den chuid is mó. Ba fidléir é ach ba damhsóir freisin é agus cáil na portaireachta béil air. Rinne sé a chéad veidhlín é féin. Bhíodh an fhidil crochta i gcónaí ar an mballa aige. Sheinneadh Hugh go minic in éineacht le fidléir eile, Micí Neidí Bhán Ó Dónaill, ó An Tearmann, An Machaire. Thugtaí an leasanim ‘Bonar’ ar Hugh. Fuair sé bás tús na 1950idí.
Rinne Séamus Ennis cur síos air Hughie agus ar an gcuairt a thug sé air Márta 1944. Scríobh sé ‘chaitheamar oíche an-phléisiúrtha aige. ‘Thug Ennis cuairt eile ar Hughie Meán Fómhair 1944 agus scríobh Ennis: ‘Chuas amach go dtí Hughie Bonar tráthnóna – Falchorrib – siar ó dheas ón gClochán Liath. Casadh a bhean [Nellie] agus a iníon [Alice] orm Déardaoin ar an gClochán Liath agus chuir siad orm a ghealladh cén lá a thabharfainn cuairt orthu. Chaitheas an oíche leo – Hughie agus mé féin ag dul don fhidil. Ní raibh port ar bith aige le scríobh dhom, cé gur scríobhas suas le deich gcinn nuair a bhí mé aige go deireanach.’
(Niallaí Pháidí Néillí), Cró na Sealg, An Clochán Liath (1889–1961). I Pennsylvania a rugadh é ach tháinig sé féin agus a mhuintir abhaile nuair a bhí sé deich mbliana d’aois. Fuair sé cuid mhór dá chuid ceoil agus amhrán óna mháthair, Neansa Nic Suibhne, a mba as Cruit ó dhúchas í. Ba file é a hathair. Bhí cuid mhór fidléirí cloiste ag Niallaí i Meiriceá. Bhí aithne ag Séamus ar Niallaí sula ndeachaigh an bailitheoir ar cuairt chuige agus ba cairde iad. Théidís taobh amuigh den teach i gCró na Sealg le bheith ag déanamh ceoil. Sheinneadh siad cuid mhór i gcomhcheol. Bhí pointe de charraig ag gobadh amach taobh amuigh a dheineadh macalla ar an gceol. Bhídís seasta ag déanamh comórtais idir na leaganacha port a bhí acu agus bhídís i gcomórtas lena chéile. Sheinneadh Ennis na píoba ach ní sheinneadh sé an fhidil tigh Niallaí. Sean-teach ceann tuí a bhí ann a raibh díon ard air agus chruthaigh an acústaic fuaim iontach. Bhíodh siad a rá agus ag malartú amhrán chomh maith. Théidís go Dún Lúiche le n-éisteacht leis na héin le breacadh an lae mar gur shíl Niallaí go mba fuaim iontach a bhí ann. Ní raibh carr ag Ennis agus is dóigh gur tháinig sé i dtacsaí nó de shiúl na gcos ó An Clochán Liath. Dheineadh bean Niallaí a cuid ime féin. D’ítheadh Ennis é seo agus ghearradh sé é mar a ghearrfaí píosa cáise agus d’óladh sé bláthach freisin. Rinne Caoimhín Ó Danachair taifeadtaí fuaime de Niallaí in 1945, agus in 1946.
Sa mbliain 1944 ba mhó a rinne Séamus Ennis ábhar a bhailiú ó Niallaí. Agus cuairt tugtha aige ar Niallaí Márta na bliana sin, scríobh Ennis sa dialann: ‘Níor scríobh mé dada uaidh anocht ach chuala mé oiread agus líonfadh leabhar de stuif nach bhfuil i gcló, idir foinn agus poirt damhsa. An rud is suimiúla fá stuif Néillí go bhfuair sé uilig é ó phortaireacht béil a mháthar féin [Neansa Nic Suibhne] a fuair bás c. deich mbliana ó shin. D’fhág muid ar an mheán oíche é agus bhí a chuid ceoil in mo chluasa fad an bhealaigh abhaile (cúig mhile). Thig liom é a fheiceáil romham anois agus a dhroim leis an tine aige agus é ag luascadh anonn is anall lena chuid ceoil féin. Fear beag bán agus fiarshúíl aige agus spéacláirí air.’
Thug Ennis cuairt ar Niallaí Márta agus Aibreán 1944 minic go leor agus chuaigh ar ais arís chuige Meán Fómhair na bliana sin agus arís mí an Mheithimh 1946.
Dermot McLaughlin, fidil, ag seinm 4 phort a bhailigh Séamus Mac Aonghusa i nDún na nGall ó Frank Cassidy (3) agus Niallaí Ó Baoill (1)
An Charraig (1900-1971). Bhí cáil air go raibh sé iontach meabhrach, deaslámhach. Bhí triúr deartháireacha ann, Frank, Johnnie agus Páidí, a raibh an-bhua ceoil acu. Fuair Johnnie bás in 1924 agus bhí sé ráite faoi gurbh eisean an fidléir ab fhearr den triúr. Fuair Frank agus a dheartháireacha a gcuid ceoil ó bhannaí práis a bhíodh ag gabháil timpeall ag iarraidh earcú a dhéanamh le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Bhí siopa rothar ag Frank ar an Charraig. I ndiaidh bhás Pháidí choinnigh sé gnó an halla damhsa ar siúl. Rinne An tAthair Liam Mac an tSagairt taifeadadh de agus craoladh cuid mhór den ábhar ar Raidió na Gaeltachta – ‘Teileann Inné agus Inniu 1980’. Bhí an brón ag roinnt le Frank go háirithe i ndiaidh bhás a dheartháireacha. Sheinn Frank ag an Oireachtas i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath. Nuair a tháinig Ennis go Teileann, bhí Frank faoi ghruaim agus uaigneas air faoi bhás a dhearthár Páidí. Ghlac sé tamall fada ar an mbailitheoir é a mhealladh chun ceoil. Seo mar a d’inis Ennis an scéal:
‘In Teileann, south of Carraig at the mouth of Gleann Cholm Cille in southwest Donegal, there was a great bunch of fiddlers in the old days. When I got here, there were only about four extant and of these a man named Frank Cassidy was by far the best. I was told that he had a repertoire of rare old tunes if he could be persuaded to touch a fiddle. All his people had died save one brother and his latest bereavement was a brother – another top-notch fiddle player. .. I finally persuaded Frank to handle his fiddle and out of practice though he was – his performance was a revelation. I wrote some precious music from him and though playing marvellously he’d stop and say “níl gar ann – it’s no use – I can’t play it.” But I’d persevere and he’d continue.’
RTÉ Radio Series 1988.
Ba é Seán Ó hEochaidh a chéad chuir Séamus Ennis in aithne do Frank ar an 15 Meán Fómhair 1943. Seo mar a scríobh Séamus Ennis sa dialann an lá sin: ‘Tá a shárú le cloisteáil agamsa le veidheal fós. Chas sé seanphoirt a bhogfadh croí an mhairbh agus seanfhoinn nach bhfuil a leithéidí ach ag sióga, más fíor an seanchas.’ Coicíos ar fad a chaith Ennis le Frank agus é ag dul fhad leis ar thóir an cheoil. Chaith sé seachtain leis i Meán Fómhair 1943 agus seachtain bliain ina dhiadh sin i Meán Fómhair 1944.
Caitríona Ní Cheannabháin, ag casadh 2 amhrán a bhailigh Séamus Mac Aonghusa i gConamara ó Sheáinín Choilmín Mac Donncha agus Vail Bheairtle Ó Donncha
Fínis, Carna (1869–1954). Bhí a athair pósta le Bairbre Ní Iarnáin. Dúirt Seáinín go raibh a mhuintir le ceithre chéad bliain sa tír agus gur tháinig siad as Gleann in Iar-Chonnachta. Bhí spéis aige in amhráin, scéalta, damhsa agus i gcuideachta. Théadh sé ag ceol go Roisín na Mainiach, Maínis agus Glinsce. Bhíodh píobairí agus veidhleadóirí go han-mhinic ann ach tháinig deireadh leis seo thart ar 1890. Thóg sé na hamhráin óna athair agus ó fhear darbh ainm ‘Tone an Aircín’, ar dearnadh amhrán faoi. Bhí Seáinín 25 nuair a phós sé. Bhíodh sé ag seoltóireacht. Bhíodh púcán aige ag iascach le druifí is potaí is eangacha. Nuair a casadh Ennis air, bhí sé gaibhte ar na curachaí. Faoi mar a dúirt Seáinín féin: ‘Chaith muid in airde na púcáin.’ (Féach CBÉ 1280:297-299). Phós sé Máire Ní Chonaola agus bhí naonúr clainne acu. Fuair Máire bás in 1945.
Sa dialann, ba mhinic Ennis ag tagairt do chuairt go Fínis agus chuig Seáinín Choilmín agus a mhuintir. Thug Seáínín Choilmín cuairt ar Ennis ina theach lóistín ar an mórthír freisin. Faoi mar a scríobh an bailitheoir sa dialann an 29 Iúil 1944: ‘Seáinín [Choilmín Mac Donncha] agam ar maidin as Fínis ar a bhealach ar an bportach. Scríobhas tuairisc ar ‘Eileanóir na Ruan’ uaidh agus cuntas beag ar a bheatha. Chuireas in aithne don Ediphone agus do na píobaí é agus thaitin an mhaidin go mór leis.’
Cora na gCapall, Cill Chiaráin (1898–1981). Deartháir do Mhaidhcil agus Winnie é. Ba í Bríd Thomáis Phádraig (née Ní Cheannabháin) a mháthair. Óna athair, a mháthair agus ó sheandaoine thart a fuair sé na hamhráin. Chaith sé tamall ag obair ar phortaigh Chill Dara mar chuid de scéim a bhí á rith ag an Bord Forbartha Móna. Ghnóthaigh sé bonn óir i gcomórtas amhránaíochta an Oireachtais in 1951. Chum sé ‘Seoighigh Inis Bearachain’. Thug iníon dá dheirfiúr, Bríd, aire do Vail nuair a chlis ar a shláinte. Tá Vail curtha i reilig Chill Chiaráin.
Is iomaí cuairt a thug Séamus Ennis ar Chora na gCapall idir 1942 agus 1946 agus bhí an-chion aige ar Vail agus ar Mhaidhcil. Don chuairt dheireanach a luaigh sé sa dialann scríobh sé ar an 17 Iúil 1946: ‘Chuas síos ar ball go dtí Cora na gCapall go dtí clann Bheairtlí Dhonncha agus thugas an oíche ann – beirt iontach chun grinn iad, Vail is Maidhcil, agus ní aireofá oíche dhá caitheamh in éindí leo. Scríobhas dhá amhrán uathu i gcaitheamh mo chuairte leo.’
Neansaí Ní Choisdealbha, feadóg mhór, ag seinm 2 phort bailithe i gConamara ó Mhaidhcil Mac Fhualáin agus ó Phádraig Ó Ceannabháin
Carna (1919–99). Rinne Maidhcil veidheal é féin. Chuaigh sé go Meiriceá an chéad uair i nDeireadh Fómhair 1947 agus níor fhill abhaile go dtí 1967. Níor chas sé an veidheal go ceann deich mbliana tar éis dó dul go Meiriceá.. Thug Séamus Ennis cuairt air i Meiriceá nuair a bhí Maidhcil ina chónaí in Bellarose, Nua Eabhrac, thart ar 1962–64. Bhí an aimsir te agus shuigh siad taobh amuigh. Bhí slua maith ann, a raibh gaolta, cairde agus ceoltóirí ina measc. Orthu seo bhí deartháir Mhaidhcil, Dara agus Meait agus Bridie Donoghue agus John Waters. Chaith Séamus an lá leo agus bhí ceol á chasadh an lá uilig. Chas Ennis féin an phíb agus an fheadóg.. Bhí Maidhcil ciúin agus nuair a labhair sé, is i nGaeilge a labhair. Bhí an-áthas go deo ar Mhaidhcil gur tháinig Ennis ar cuairt. Bhí Maidhcil cairdiúil le Joe Dirrane, Paddy O’Brien agus Paddy Reynolds i Meiriceá agus sheinneadh sé ceol leo.
Sa dialann ag Ennis is minic tagairtí aige do chuairt ar thigh Mhic Fhualáin, teach ceolmhar agus ceoil, a dtug sé ‘musical academy Charna’ air. Bhíodh Ennis agus Maidhcil ag ceol le chéile agus scríobh an bailitheoir don 4 Iúil 1943, mar shampla: ‘Ag casadh ceoil le Maidhcil Mac Fhualáin a tháinig isteach chugainn sa tráthnóna. Mhúin Ennis poirt do Mhaidhcil agus rinne sé tagairt do Mhaidhcil an 19 Bealtaine 1945 ‘atá ina charaid mhór agam’ .
(Peait Pheaits Pháidín) (Canavan) An Aird Mhóir, Cill Chiaráin. Fuair sé bás in 1993 in aois 82. Píobaire agus fliútadóir a bhí ann. D’fhoghlaim sé le ceol a léamh agus d’fhoghlaim an phíobaireacht as leabhar. Bhíodh sé i gcónai ag cleachtadh. Thosaigh sé mar go raibh athair Shéamus Ennis cloiste aige ag Feis Charna. Dúirt sé leis féin ‘Well, tá súil agam nach bhfaighidh mé bás go brách sula mbí mé in ann ceol ar na píobaí sin’. Crowley i gCorcaigh a rinne na píobaí dó in 1940. Ba é James Mulcrone a rinne an fhoireann iomlán. Uair amháin a dtáinig Ennis ag bailiú ó Phádraig, bhí páipéar leis ach ní raibh aon pheann aige agus is é an chaoi a raibh sé ag taispeáint na nótaí le biorán. Dé Domhnaigh, théadh Pádraig, Ennis agus Micheál Mac Fhualáin, suas ar an gcnocán taobh thiar den teach ag ceol. Tá an nóta seo a leanas sa dialann oifige ag Ennis don 6ú Feabhra 1945: ‘Scríobhas litir go dtí Peait Canavan, An Aird Mhóir, Carna, ag tabhairt seoladh J. McCrone, 10 Glengariff Parade, N.C.R, Mountjoy, Dublin, dó – fear deasaithe píob, rud d’iarr sé orm i litir.’ (Féach CBÉ 1296:316)
Nuair a fuair Peait na píobaí thugadh Ennis cabhair dhó iad a choinneáil i dtiúin agus iad a dheasú dá mba ghá. Rinne Ennis cur síos ar chomhrá agus ar bhailiú an cheoil ó Pheait ar an 21 Bealtaine 1943: ‘Chuas go dtí Peait Canavan, píobaire, An Aird Mhóir, tar éis dinnéir. Dúradh liom go raibh sé amuigh ag Pointe na hAirde ag lánú fataí atá curtha amuigh ansin aige. …. Fuaireas Peait amach tar éis an Aird Mhóir ar fad a shiúl. Is é an áit a raibh se thíos i ngleann doimhin atá amuigh in aice an chladaigh. Tá an garraí is deise fataí aige a chonaic mé i gConamara, agus é an-mhór ar fad – beagnach acra ann, déarfainn. Bhí sé tar éis a cúig nuair a tháínig mé air. … Shuigh mé síos ag seanchas leis agus tháinig an chaint timpeall ar phoirt againn. Thoisigh sé ag feadaíl seanphoirt dhom agus scríobhas trí cinn uaidh….’
Maighréad Ní Dhomhnaill, ag casadh 3 amhrán bailithe ag Séamus Mac Aonghusa i nDún na nGall ó Shíle Ní Ghallchóir
(Síle Mhicí), Dobhar Láir. Bhí Síle ina cónaí gar do chlann Eoin Éamoin Ó Gallchóir, agus thug sí cuid mhór amhrán dóibh. D’inis Cití Ní Ghallchóir, iníon Eoin Éamoin do Ennis faoi Shíle Mhicí a thug go leor ábhar dó. Bhí Síle an-óigeanta inti féin. Fuair sí bás c. 1960 agus aois mhór aici. Faoi mar a d’inis Síle féin do Ennis, bhí teach beag lóistín aici in Albain do na mianadóirí guail. Bhí Béarla s’acusan aici. Is ann a thóg sí a clann. D’imigh radharc na súl uaithi i ndeireadh a saoil. Nuair a tháing an teaghlach ar ais go hÉirinn d’imigh na daoine óga sa chlann go hAlbain, Sasana agus Meiriceá, i ndiaidh a chéile, seachas iníon amháin a phós i gCroithlí. Óna hathair i Machaire Ghlaisce a fuair Síle cuid mhór de na hamhráin. (Féach CBÉ 1282: 259–60). Bhí na hamhráin atá tugtha síos ó Chití Ní Ghallchóir agus ó Shíle Mhicí, scríofa ag Cití ó Shíle. Thug Cití do Shéamus Ennis iad. Ansin, chuaigh Ennis chuig Síle, chuaigh siar ar na hamhráin léi agus d’athraigh roinnt bheag iontu.
Rinne Ennis cur síos ar Shíle agus ar a chéad chuairt chuici, in éineacht le Cití Ní Ghallchóir, an 24 Márta 1944:
‘Seanbhean bheag mheáite í atá 82 bhliain d’aois, ach í chomh haicillí le páiste. Ag féachaint i ndiaidh eallaigh a bhí sí – bó a rug cúpla lá ó shin – nuair a tháinig muid. Thug sí isteach chun tí me nuair a tháinig muid agus bhí seanchas agus gáirí againn léi go cionn tamaill. Tháinig caint ar na hamhráin againn agus dúirt sí go dtabharfadh sí neart amhrán dom ach teacht ar ais san oíche, mar bhí sí an-ghnóthach ag obair an tí inniu.’
Thug an bailitheoir cuairt ar Shíle arís an 29 Márta agus cé nach raibh an tseanbhean ar fónamh, ‘bhí cuid mhór seanchais againn go dtí a deich nó mar sin. Agus ní ligfeadh sí ar shiúl mé gan amhrán a thabhairt dom le scríobh – an bhean lách. ‘Amhrán na Circe’ a scríobhas uaithi. D’fhág mé slán aici agus dúirt sí liom teacht sa tsamhradh agus seachtain a chaitheamh ag cur síos na n-amhrán uaithi. Súil agam go mbeidh sí romham ann.’
Bríd Ní Mhaoilchiaráin, ag casadh 2 amhrán bailithe ag Séamus Mac Aonghusa i gConamara ó Mháire Nic Dhonncha agus ó Mheaigí Nic Dhonncha
Fínis. Fuair sí bás in 1975 agus í 61. Phós sí Jim Ó Ceoinín, agus rugadh mac amháin dóibh. Scríobh Ennis ina dhialann oifige an 11.04.45 go raibh Bríd agus Meaigí Nic Dhonncha as Fínis tagtha ar cuairt an tráthnóna sin. Scríobh sé gur chaith sé tamall ag caint leo agus tamall ag seinm taifeadtaí dóibh. Bhaineadar an-sásamh as seo. (Féach CBÉ 1296: 342). Scríobh Ennis ina dhialann oifige don 23 Eanáir 1946 gur tháinig Mairéad Nic Dhonncha ar cuairt an tráthnóna sin agus go ndearna sé socruithe léi faoi na hamhráin a bhí sí le casadh ar an gclár raidió ar iarradh ar Ennis é a ullmhú (Féach CBÉ 1297: 250). Dúirt Meaigí agus fonnadóirí eile amhráin mar chuid de shraith clár raidió faoin gceol traidisiúnta a chuir Seán Ó Súilleabháin agus Séamus Ennis i láthair. Bhí Meaigí páirteach sa tríú clár a craoladh ar Raidió Éireann an 26ú Feabhra 1946.
Scríobh sí an cuntas seo a leanas: ‘ Nuair a bhí mise ag teacht suas ar an oileán beag sin thiar i gConamara ní raibh aon chaint ar chéilí ach píosa den oíche a chaitheamh le ceol le cairdín nó feadóg i dteach den bhaile san oíche Dé Domhnaigh. Bhíodh sean agus óg ann agus ní raibh duine amháin sa chruinniú nach raibh in ann amhrán a chasadh nó port a dhamhsa. Go minic, nuair nach mbíodh fear an cheoil sa láthair, bhídís ag damhsa le port béil agus ní bheifeá tuirseach go deo ag éisteacht leothub. Is é an obair is mó a bhí acub sa ngeimhreadh ag déanamh cléibh agus ciseogaí le haghaidh nuair a thiocfadh séasúr iascach. Nuair a bhíodh trá rabharta mhóir ann, bhídís a baint scadáin gainimh ina iasc úr oícheanta gealaigh. Sin port a raibh cáil mhór air, ‘An Rógaire Dubh’. Sa samhradh théidís amach ins na báid mhóra ag iascach ar feadh na seachtaine agus thagaidís abhaile tráthnóna Dé Satharn. Théidís amach aríst tráthnóna Dé Domhnaigh dá mbeadh an aimsir seasmhach ach mura mbeadh, d’fhanaidís go maidin Dé Luain. Corrgheimhreadh thagadh píobaire thart a dtugaidís ‘Creachmhaoil’ air agus d’fhanadh sé san oileán ar feadh ráithe an gheimhridh. Duine ar bith a mbeadh pingine aige, tugtaí don phíobaire é. … Ní dheachaigh mo dheaide, go ndéana Dia grásta air, a chodladh ariamh gan amhrán a rá’
Fínis, Carna (1896–1978). Níor phós Máire agus tá sí curtha i reilig Mhaírois. Scríobh sí chuig Séamus Ennis an 14ú Márta 1945 ag iarraidh cóip eile de ‘An Mharthain Phádraig’ agus trumpa béil a cheannaigh sé di. (Féach CBÉ 1296: 322, 334). Thugadh Ennis cuairt ar oileán Fhínse go minic agus bhí sé an-mhór le muintir Sheáinín Choilmín. Bhíodar lán spraoi, amhrán agus seanchais. Scríobh Ennis faoina chuairt an 7 Nollaig, 1943 nuair a rinne Máire fáistine: ‘Tá siad chomh haerach is bhí siad riamh – chaith Máire cártaí agus cupáin dhom féin is do Phádraig Ó hiarnáin a bhí liom. (Dúirt sí go leor den fhírinne liom féin agus le Pádraig.) Uair amháin, cé gur dhúirt Máire nach raibh fonn uirthi amhrán a chasadh ar an 10 Bealtaine 1945, d’fhéadfadh athrú a theacht air sin.. Dúirt Máire: ‘Dá dtabharfá céad punt dom ní dhéarfainn aon amhrán inniu, tá oiread sin cantail orm – tá mé chomh cantalach le dris,’ agus scríobh sé ‘agus bheadh sí ag gabháil fhoinn i gcionn dhá nóiméad gan iarraidh.’ Agus tréimhse caite thiar aige chuaigh sé ar cuairt chucu ar an 25 Meitheamh 1946 le slán a fhágáil acu. Faoi mar a scríobh sé: ‘Bhí an-fháilte acu romham agus, ar ndóigh, bhí cúpla amhrán againn agus cuireadh síos an tae – léigh Máire mo chupán dom.’
Mairéad Ní Mhaonaigh, ag casadh 2 amhrán a bhailigh Séamus Mac Aonghusa i nDún na nGall ó Mháire Ní Bheirn agus ag seinm 2 phort bailithe i nDún na nGall ó Pheadar Ó Beirn
Bealach Bhun Ghlas, An Charraig. Tugadh Clann Johnny Johndy Ó Beirn orthu. Bhí Máire, Peadar, agus Condy ann. Fuair Máire bás in 1976 in aois 78. Bhí an teach tógtha ar idirthalamh, idir Iomaire Mhuireanáin agus An Cheapach Uachtarach.
Bealach Bhun Ghlas, An Charraig. Ba deartháir é Peadar le Máire Ní Bheirn. Ag díol éisc a shaothraíodh Peadar a shlí bheatha. Bhí asal agus cairt i dtosach aige agus i gcionn ama cheannaigh sé capaillín agus bhí an-bhród air as. I ngeall ar fhiosrú faoi fhonn do dhráma raidió , rinne Ennis cóip den fhonn ‘Tiún Thaibhse Chonaill’ agus den údar focal ar fhocal mar a fuair sé ó Pheadar iad agus aistriúchán (Féach CBÉ 1296:292).
Cé nár thug Ennis cuairt ar Mháire agus ar Pheadar ach cúpla uair i Meán Fómhair 1943, scríobh sé an-chuid ábhair uathu. Bhí an bailitheoir béaloidis, Seán Ó hEochaidh in éineacht le Ennis nuair a chuaigh sé fhad leo ar an 14 Meán Fómhair, 1943: ‘Chromas ar scríobh go dtí a haon déag agus ansin chuamar go dtí teach Mháire agus Pheadair, de mhuintir Uí Bheirn, agus scríobhas giotaí ceoil, poirt, agus amhráin go dtí a cúig ar maidin!’
An lá dar gcionn bhí seisiún deireanach eile aige ag bailiú uathu, faoi mar a scríobh sé: ‘Chuamar ar ais ar a haon déag go teach Uí Bheirn agus scríobhas poirt agus araile ó Pheadar agus ó Mháire go dtí a trí ar maidin.’
Brian Ó Domhnaill, ag casadh 4 amhrán a bhailigh Séamus Mac Aonghusa i nDún na nGall ó Dhonncha Ó Baoill
(Dinny Pháidí Duncaí), Leitir Catha, Loch an Iúir. B’as Loch an Iúir a athair, Páidí Duncaí (Duncan), Phós Páidí Bidí Thomáis Fheidhlimí as An Airdmhín. Bhí teaghlach seisear iníonacha agus beirt mhac acu – Peigí, Mary, Lizzie (Sibéal), Annie, Rosaleen, Kitty, Tom agus Dinny (Donncha). Bhí Dinny ina phríomhoide i scoil Ghort an Choirce. Phós sé May Ní Channóin a fuair bás óg. Bhí sé ar maos i seanchas agus sa stair áitiúil. Bhailigh sé mórán sean-amhrán agus bhí sé i dteagmháil le hEnrí Ó Muirgheasa nuair a bhí sé i mbun Dhá Chéad de Cheolta Uladh a thabhairt le chéile. Mhair sé ó c. 1901 go dtí na 1960idí. Bhíodh damhsaí sa halla i Leitir Catha aige oíche Dhomhnaigh agus Céadaoine. Ar an 1 Feabhra 1945, scríobh Ennis go raibh litir faighte aige ó Dhonncha Ó Baoill, O.S., cúpla lá roimhe sin ag iarraidh dornán amhrán. Scríobh Ennis: ‘Duine é a thug slám mór ceoil is amhrán agus cúnamh mór dhom in mo chuardach i dTír Chonaill fómhar 1943 agus earrach 1944, agus arís i bhfómhar na bliana sin. Ba lena mhuintir i Leitir Catha a bhí mo lóistín is mé ag obair thiar sna Rosaibh agus ba daoine geanúla i gcónaí iad.’ (Féach CBÉ 1296: 288).
Ba dlúthchairde iad Séamus Ennis agus Donncha Ó Baoill faoi mar a thugtar faoi ndeara sa dialann. Bhí an-tóir ag gach aon nduine acu ar cheol, ar amhránaíocht agus ar iascaireacht. Déantar tagairt do na damhsaí agus na hócáidí sóisialta eile a ndeachadar fhad leo ar bhonn rialta. Scríobh Ennis, mar shampla, don 16 Lúnasa 1943: ‘Chaitheas an oíche óna hocht go dtína dó le Dinny agus a dheirfiúr agus scríobhas slám amhrán uathu. Níl na focail ach go breac acu ach tá siad scríofa síos ag Dinny, deir sé. Fonnadóirí an-bhinn é féin agus Lizzie, a dheirfiúr.’ Dúirt an bailitheoir béaloidis, Seán Ó hEochaidh amhráin ag seisiún amháin. Scríobh Ennis ar an 24 Lúnasa 1943: ‘Chuas síos go dtí Dinny Boyle le mo leabhar agus shocraigh muid ar dhul amach go dtí an trá agus a bheith ag scríobh agus ag snámh. Casadh Seán Ó hEochaidh i nGort an Choirce dhúinn agus shuigh mise síos ar shuíochán an Hotel ar a 11 a.m. le hamhráin a scríobh uaidh fán ghrian. Shuigh Dinny síos agus bhíodar araon ag tabhairt amhrán uathu go dtí a trí a chlog. Chuamar chun dinnéir agus chuas go dtí Dinny arís ina dhiaidh sin agus scríobhas tuilleadh uaidh go dtí a seacht’. Léiríonn cuntas an 3 Meán Fómhair 1943 an spéis san iascaireacht: ‘Chaitheas an mhaidin ag iascach le Dinny i mbád ar Loch an Iúir – cúig bhric bheaga’ agus ar an 27 Meán Fómhair an bhliain dar gcionn scríobh sé: ‘Bhí Dinny sa mbaile aréir nuair a tháinig mé. Chaith muid an lá inniu ag iascach. Ní bhfuair muid ach cúpla breac geal. Bhí éirí ar bhradán amháin ach chaill sé é.’
Éamonn Ó Donnchadha, ag casadh 2 amhrán a bhailigh Séamus Mac Aonghusa i gConamara ó Sheán Ó Gaora
Lillis Ó Laoire, ag casadh 4 amhrán a bhailigh Séamus Mac Aonghusa i nDún na nGall ó Dhonncha Ó Baoill
(Dinny Pháidí Duncaí), Leitir Catha, Loch an Iúir. B’as Loch an Iúir a athair, Páidí Duncaí (Duncan), Phós Páidí Bidí Thomáis Fheidhlimí as An Airdmhín. Bhí teaghlach seisear iníonacha agus beirt mhac acu – Peigí, Mary, Lizzie (Sibéal), Annie, Rosaleen, Kitty, Tom agus Dinny (Donncha). Bhí Dinny ina phríomhoide i scoil Ghort an Choirce. Phós sé May Ní Channóin a fuair bás óg. Bhí sé ar maos i seanchas agus sa stair áitiúil. Bhailigh sé mórán sean-amhrán agus bhí sé i dteagmháil le hEnrí Ó Muirgheasa nuair a bhí sé i mbun Dhá Chéad de Cheolta Uladh a thabhairt le chéile. Mhair sé ó c. 1901 go dtí na 1960idí. Bhíodh damhsaí sa halla i Leitir Catha aige oíche Dhomhnaigh agus Céadaoine. Ar an 1 Feabhra 1945, scríobh Ennis go raibh litir faighte aige ó Dhonncha Ó Baoill, O.S., cúpla lá roimhe sin ag iarraidh dornán amhrán. Scríobh Ennis: ‘Duine é a thug slám mór ceoil is amhrán agus cúnamh mór dhom in mo chuardach i dTír Chonaill fómhar 1943 agus earrach 1944, agus arís i bhfómhar na bliana sin. Ba lena mhuintir i Leitir Catha a bhí mo lóistín is mé ag obair thiar sna Rosaibh agus ba daoine geanúla i gcónaí iad.’ (Féach CBÉ 1296: 288).
Ba dlúthchairde iad Séamus Ennis agus Donncha Ó Baoill faoi mar a thugtar faoi ndeara sa dialann. Bhí an-tóir ag gach aon nduine acu ar cheol, ar amhránaíocht agus ar iascaireacht. Déantar tagairt do na damhsaí agus na hócáidí sóisialta eile a ndeachadar fhad leo ar bhonn rialta. Scríobh Ennis, mar shampla, don 16 Lúnasa 1943: ‘Chaitheas an oíche óna hocht go dtína dó le Dinny agus a dheirfiúr agus scríobhas slám amhrán uathu. Níl na focail ach go breac acu ach tá siad scríofa síos ag Dinny, deir sé. Fonnadóirí an-bhinn é féin agus Lizzie, a dheirfiúr.’ Dúirt an bailitheoir béaloidis, Seán Ó hEochaidh amhráin ag seisiún amháin. Scríobh Ennis ar an 24 Lúnasa 1943: ‘Chuas síos go dtí Dinny Boyle le mo leabhar agus shocraigh muid ar dhul amach go dtí an trá agus a bheith ag scríobh agus ag snámh. Casadh Seán Ó hEochaidh i nGort an Choirce dhúinn agus shuigh mise síos ar shuíochán an Hotel ar a 11 a.m. le hamhráin a scríobh uaidh fán ghrian. Shuigh Dinny síos agus bhíodar araon ag tabhairt amhrán uathu go dtí a trí a chlog. Chuamar chun dinnéir agus chuas go dtí Dinny arís ina dhiaidh sin agus scríobhas tuilleadh uaidh go dtí a seacht.’ Léiríonn cuntas an 3 Meán Fómhair 1943 an spéis san iascaireacht: ‘Chaitheas an mhaidin ag iascach le Dinny i mbád ar Loch an Iúir – cúig bhric bheaga’ agus ar an 27 Meán Fómhair an bhliain dar gcionn scríobh sé: ‘Bhí Dinny sa mbaile aréir nuair a tháinig mé. Chaith muid an lá inniu ag iascach. Ní bhfuair muid ach cúpla breac geal. Bhí éirí ar bhradán amháin ach chaill sé é.’
A selection of some of the recordings of traditional song made by Hugh Shields in 1979 in France. The documentation that Hugh created on this field recording trip is also available below.
See ITMA’s Main Catalogue for a full list of Hugh Shields’s recordings.