Johnny Óg Connolly, bosca ceoil, ag seinm 5 phort a bhailigh Séamus Mac Aonghusa i gConamara ó Dharach Ó Clochartaigh (2) agus ó Cholm Ó Caodháin (3)
(Colm Mháirtín Thomáis) (1873-1975). B’as Glinsce, idir An Caiseal agus Carna é Colm. Ba bheag oideachas foirmeálta a fuair sé agus ba iascaire agus feilméara a bhí ann. Ba é Colm an té ab ansa ar fad le Séamus Ennis ar na daoine ar bhailigh sé ceol, amhráin agus seanchas uathu. Ba damhsóir a bhí ann freisin agus rinne sé amhráin. Bhí sé lán spraoi agus bhí a fhealsúnacht phearsanta féin aige le déileáil leis an saol. Thugadh sé turas go barr Chnoc an Chaisil ag lorg suaimhneas intinne dá mbeadh aon cheo ag cur isteach air. Chaill sé an ‘dole’ i ngeall ar iascach muiríní. Thug sé na hamhráin dá chlann agus is cuimhin lena iníon, Mary, a bheith ag foghlaim amhrán uaidh. Cailleadh a dheartháir, John, óg i nGlaschú agus cailleadh deartháir eile, Tomás (1910-1934) sa mbaile. Is cosúil go ndearna Séamus Ennis iarracht go mbeadh Colm ag an Oireachtas ach ní dheachaigh Colm ann.
Ón gcéad lá a casadh Colm an Bhlácaigh nó Colm Ó Caodháin ar Shéamus thuig an bailitheoir go mba amhránaí, ceoltóir agus scéalaí den scoth a bhí ann. Nuair a tharla sé seo scríobh an bailitheoir: ‘Bhí Colm an Bhlácaigh ag súil linn toisc teachtaireacht a chuir Maidhcilín chuige. Thugamar na gléasanna ceoil linn. Fearadh an-fháilte romhainn, agus rinneadh ceol agus damhsa agus amhráin. Dúirt Colm amhráin agus poirt bhéil agus rinne sé damhsa freisin. (Tugtar breakdown ar dhamhsa aonair i gConamara.) Chaitheamar an oíche ag piocadh Choilm.’ Agus an lá dár gcionn thuig sé níos fearr fós a raibh d’ábhar ag Colm. Scríobh sé an 26 Bealtaine 1943: ‘Chaitheas an tráthnóna agus an oíche (lá fliuch) le Colm an Bhlácaigh agus scríobhas slám mór seanphort uaidh… D’iarr sé arís amárach mé.’
De réir mar a bhíodar ag cur aithne ar a chéile bhí an bailitheoir in ann an méid seo a leanas a scríobh sa dialann ar an 26 Meitheamh 1943: ‘An-fháilte aige romham agus an-áthas orm é a fheiceáil arís. Chaitheas tamall fada ag labhairt leis agus chuas ag scríobh uaidh fad a bhí sé ag baint mhóna.’ Ag deireadh an turais sin, scríobh sé arís faoin gcairdeas a bhí tagtha chun cinn. Ar an 4 Lúnasa 1943 scríobh sé: ‘Bhí an-chumha orm ag imeacht uaidh agus air féin freisin, mar tá an bheirt againn an-mhór le chéile. Is fear é Colm atá garbh, croíúil ina bhealach, ach d’fhéadfadh sé suí i gcomhluadar ag féasta mór, cuirim i gcás, in Áras an Uachtaráin agus gan náire riamh ná cúis náire a thabhairt don duine a bheadh in éindí leis tá sé chomh múinte sin. Thig leis comhrá cliste a dhéanamh ar ábhar ar bith. Bhí brón orm ag imeacht uaidh agus tá súil in airde agam é a fheiceáil arís.’ Fuair Ennis amach freisin go raibh chuile short ábhar ag Colm agus tháinig seo chun solais inar scríobh sé sa dialann an 19 Bealtaine 1944 nuair a thosaigh Colm ‘ag cur síos ar a chuid oibre féin ó Nollaig anuas – curadóireacht, bádóireacht, tógáil muiríní agus maisiú an tí, ag tógáil claíocha,ag déanamh bró chun meilte agus araile.’
Uaireanta bhí úsáid Ediphone ag Ennis agus thug sé fhad le Colm é. Mar seo a leanas a rinne Ennis cur síos ar Cholm nuair a rinneadh taifeadadh leis an chéad uair an 12 Meitheamh 1944: ‘An-scáth ag Colm roimh an Ediphone ar dtús agus go ceann i bhfad ní chuirfeadh sé ceart lena bhéal é agus ní labharfadh sé ceart isteach ann. Dúirt sé cúpla píosa nach raibh ach fíorbhocht. Ar deireadh chuir sé ar a smig é agus chuaigh sé ag labhairt agus d’fhiafraigh sé dhíom céard a déarfadh sé….Thosnaigh sé ansin d’aon sruth amháin cainte agus dúirt sé: “Meastú dhá gcuirfinn faoi mo smig mar seo é nach amhlaidh is fearr a bheadh glór aige? Ní thaitníonn liom an glór atá ag teacht amach – feicthear dhom go bhfuil sé an-bhodhránta” agus araile. Chuir muid cúpla amhrán agus cúpla píosa seanchais isteach ann roimh am chodlata. Bhí an-sult ag Colm ag éisteacht lena ghuth féin ag teacht amach arís ag rá na n-amhrán agus na gcainteanna.’
Ba mhinic bailitheoirí leis an gCoimisiún ag tabhairt cúnamh do fhaisnéiseoirí foirmeacha a líonadh, nó litreacha oifigiúla a scríobh agus a leithéid. Scríobh Ennis go dtug sé cúnamh do Cholm maidir le cúrsaí dole ar an 2 Meitheamh 1945. Scríobh sé faoi Cholm go raibh ‘litir aige sin dom le sccríobh dhó go dtí lucht an dole i nGaillimh – an áit nach bhfuil siad ag creistint nach bhfuil deireadh le hiascach muiríní go fóill. Nuair a bhí sí scríofa agam dhó thosaigh mé ar léamh is ceartú a théacsa leis. Rinneas suas le daichead leathanach de faoin haon déag a chlog agus shocraigh muid ar chuairt a thabhairt amárach ar Inis Ní, le cúnamh Dé, ach an lá a bheith breá.’ Thugadh Ennis cuairt go minic ar Cholm lena chinntiú go raibh ábhar Choilm scríofa síos i gceart aige agus le ceisteanna, a chur air dá mba ghá. Ba dhuine den teaghlach, beagnach, a bhí sa mbailitheoir agus chuirtí fáilte mhór roimhe i gcónaí. Nuair a tháinig sé fhad leis an teach i nGlinsce, scríobh Ennis an 26 Aibreán 1945: ‘”Nár ba liachtaí sop ar an teach ná fáilte romhat!” a dúirt máthair Choilm.’ Ag deireadh turais ar an 1 Lúnasa 1945, scríobh Ennis nach mbeadh deireadh go deo le stór ábhar Choilm: ‘Cé go bhféadfainn a rá go bhfuil mé réidh leis, níl aon chuairt a thabharfainn air nach mbeadh rud eicínt cuimhnithe aige dhom arís le scríobh.’
(Dudley Cloherty) I bPortach Mhaínse, Carna, a rugadh agus a tógadh é. Saor bád a bhí ina athair. D’oscail a dheartháir, Learaí, siopa i sráidbhaile Charna. Fuair sé bás i lár na 1950idí. ‘Is é an rud is deise uilig faoi Dharach… agus faoin spóirt atá aige as an gceol go mbíonn sé ag casadh na bport dhó féin is don tseanmhnaoi, a bhean chéile, sa chisteanach agus gan istigh ach iad féin. Tráthnóna dhá dtáinig mise ag an teach acu siod í an ealaíon a bhí air, go háirthid, agus an bheirt acu ag gáirí faoi chéile. Deir a bhean go mbíonn sé ag iarraidh í a mhealladh le port is damhsa i gcónaí mar a bhíodh shular phósadar ariamh fadó. Níl aon fhear grinn is mó casadh liom ná é le sult agus spraoi folláin na nGael a bhí fadó ann.’ (Féach CBÉ 1280: 412-413). Thug Séamus cuairt ar Dharach ar an Mháirt 10 Iúil, 1945 agus scríobh sé: ‘Chuas go Maínis tráthnóna go dtí Darach Ó Clochartaigh, an seanfhear a thug na poirt dom 1943, go bhfeicfinn é agus go bhfaighinn a phictiúr. Fuair mé chomh spraíúil, suáilceach céanna é féin is a bhean (níl muirín ar bith acu), is a chonaic mé riamh iad. Bhí faitíos ar Dharach gur ag cur a phictiúr ar pháipéar an lae amáraigh a bheinn agus bhí obair agam é a mhealladh liom go ligfeadh sé dhom é a thóigeáil chor ar bith; ach nuair a mhínigh mé dhó go mba mhaith liom a phictiúr a bheith agam féin bhí sé an-tsásta, agus sheas a bhean in éindí leis agus thóg mé iad sa gcaoi go raibh an teach is gach uile shórt thart air sa bpictiúr an chaoi ab fhearr a d’fhéadas é. Chaith mé seáirse mór ag seanchas leis féin is a bhean mar is beirt iad a thaitnigh go mór riamh liom. Dúirt a bhean liom go mbíonn sé ag casadh na bport di féin sa teach i gcónaí le hí a bhréagadh, fiú anois féin go bhfuil siad ina seandaoine. Nach aoibhinn Dia dhóíbh an croí atá acu!’