Neansaí Ní Choisdealbha, feadóg mhór, ag seinm 2 phort bailithe i gConamara ó Mhaidhcil Mac Fhualáin agus ó Phádraig Ó Ceannabháin
Carna (1919–99). Rinne Maidhcil veidheal é féin. Chuaigh sé go Meiriceá an chéad uair i nDeireadh Fómhair 1947 agus níor fhill abhaile go dtí 1967. Níor chas sé an veidheal go ceann deich mbliana tar éis dó dul go Meiriceá.. Thug Séamus Ennis cuairt air i Meiriceá nuair a bhí Maidhcil ina chónaí in Bellarose, Nua Eabhrac, thart ar 1962–64. Bhí an aimsir te agus shuigh siad taobh amuigh. Bhí slua maith ann, a raibh gaolta, cairde agus ceoltóirí ina measc. Orthu seo bhí deartháir Mhaidhcil, Dara agus Meait agus Bridie Donoghue agus John Waters. Chaith Séamus an lá leo agus bhí ceol á chasadh an lá uilig. Chas Ennis féin an phíb agus an fheadóg.. Bhí Maidhcil ciúin agus nuair a labhair sé, is i nGaeilge a labhair. Bhí an-áthas go deo ar Mhaidhcil gur tháinig Ennis ar cuairt. Bhí Maidhcil cairdiúil le Joe Dirrane, Paddy O’Brien agus Paddy Reynolds i Meiriceá agus sheinneadh sé ceol leo.
Sa dialann ag Ennis is minic tagairtí aige do chuairt ar thigh Mhic Fhualáin, teach ceolmhar agus ceoil, a dtug sé ‘musical academy Charna’ air. Bhíodh Ennis agus Maidhcil ag ceol le chéile agus scríobh an bailitheoir don 4 Iúil 1943, mar shampla: ‘Ag casadh ceoil le Maidhcil Mac Fhualáin a tháinig isteach chugainn sa tráthnóna. Mhúin Ennis poirt do Mhaidhcil agus rinne sé tagairt do Mhaidhcil an 19 Bealtaine 1945 ‘atá ina charaid mhór agam’ .
(Peait Pheaits Pháidín) (Canavan) An Aird Mhóir, Cill Chiaráin. Fuair sé bás in 1993 in aois 82. Píobaire agus fliútadóir a bhí ann. D’fhoghlaim sé le ceol a léamh agus d’fhoghlaim an phíobaireacht as leabhar. Bhíodh sé i gcónai ag cleachtadh. Thosaigh sé mar go raibh athair Shéamus Ennis cloiste aige ag Feis Charna. Dúirt sé leis féin ‘Well, tá súil agam nach bhfaighidh mé bás go brách sula mbí mé in ann ceol ar na píobaí sin’. Crowley i gCorcaigh a rinne na píobaí dó in 1940. Ba é James Mulcrone a rinne an fhoireann iomlán. Uair amháin a dtáinig Ennis ag bailiú ó Phádraig, bhí páipéar leis ach ní raibh aon pheann aige agus is é an chaoi a raibh sé ag taispeáint na nótaí le biorán. Dé Domhnaigh, théadh Pádraig, Ennis agus Micheál Mac Fhualáin, suas ar an gcnocán taobh thiar den teach ag ceol. Tá an nóta seo a leanas sa dialann oifige ag Ennis don 6ú Feabhra 1945: ‘Scríobhas litir go dtí Peait Canavan, An Aird Mhóir, Carna, ag tabhairt seoladh J. McCrone, 10 Glengariff Parade, N.C.R, Mountjoy, Dublin, dó – fear deasaithe píob, rud d’iarr sé orm i litir.’ (Féach CBÉ 1296:316)
Nuair a fuair Peait na píobaí thugadh Ennis cabhair dhó iad a choinneáil i dtiúin agus iad a dheasú dá mba ghá. Rinne Ennis cur síos ar chomhrá agus ar bhailiú an cheoil ó Pheait ar an 21 Bealtaine 1943: ‘Chuas go dtí Peait Canavan, píobaire, An Aird Mhóir, tar éis dinnéir. Dúradh liom go raibh sé amuigh ag Pointe na hAirde ag lánú fataí atá curtha amuigh ansin aige. …. Fuaireas Peait amach tar éis an Aird Mhóir ar fad a shiúl. Is é an áit a raibh se thíos i ngleann doimhin atá amuigh in aice an chladaigh. Tá an garraí is deise fataí aige a chonaic mé i gConamara, agus é an-mhór ar fad – beagnach acra ann, déarfainn. Bhí sé tar éis a cúig nuair a tháínig mé air. … Shuigh mé síos ag seanchas leis agus tháinig an chaint timpeall ar phoirt againn. Thoisigh sé ag feadaíl seanphoirt dhom agus scríobhas trí cinn uaidh….’