Paddy Glackin, fidil, ag seinm 5 phort a bhailigh Séamus Mac Aonghusa i nDún na nGall ó Niallaí Ó Baoill agus Hughie Bonar
Fál Chorb, An Machaire, Contae Dhún na nGall. Rugadh é in 1874. Mary agus Charles a bhí ar a thuismitheoirí agus ba é Hugh an té ba shine den mhuirear. Ceathrar mac agus iníon a bhí aige féin agus a bhean, Nellie. Maraíodh a mac Hugh, i gCogadh na gCarad sa Spáinn in 1937. Feilméara a bhí ann agus bhí sé crua ar an teaghlach maireachtáil agus iad i dtaobh leis an talamh. Chuaigh na mic Charlie, John agus Patrick agus a iníon Alice ar imirce go Sasana agus go hAlban. Fear íseal, beathaithe a bhí ann ach bhí sé folláin. Chaitheadh sé caipín i gcónaí. D’oibrigh sé crua agus bhí sé néata i mbun a churaimí. Chuile mhaidin, shiúladh sé in éineacht lena asal agus dhá chliabh go Machaire Maoláin le soláthar móna a thabhairt abhaile. Bhí rothar ráis aige, rud a bhí neamhchoitianta san am, mar gur rothar de chineál ‘High Nelly’ a bhíodh ag daoine eile den chuid is mó. Ba fidléir é ach ba damhsóir freisin é agus cáil na portaireachta béil air. Rinne sé a chéad veidhlín é féin. Bhíodh an fhidil crochta i gcónaí ar an mballa aige. Sheinneadh Hugh go minic in éineacht le fidléir eile, Micí Neidí Bhán Ó Dónaill, ó An Tearmann, An Machaire. Thugtaí an leasanim ‘Bonar’ ar Hugh. Fuair sé bás tús na 1950idí.
Rinne Séamus Ennis cur síos air Hughie agus ar an gcuairt a thug sé air Márta 1944. Scríobh sé ‘chaitheamar oíche an-phléisiúrtha aige. ‘Thug Ennis cuairt eile ar Hughie Meán Fómhair 1944 agus scríobh Ennis: ‘Chuas amach go dtí Hughie Bonar tráthnóna – Falchorrib – siar ó dheas ón gClochán Liath. Casadh a bhean [Nellie] agus a iníon [Alice] orm Déardaoin ar an gClochán Liath agus chuir siad orm a ghealladh cén lá a thabharfainn cuairt orthu. Chaitheas an oíche leo – Hughie agus mé féin ag dul don fhidil. Ní raibh port ar bith aige le scríobh dhom, cé gur scríobhas suas le deich gcinn nuair a bhí mé aige go deireanach.’
(Niallaí Pháidí Néillí), Cró na Sealg, An Clochán Liath (1889–1961). I Pennsylvania a rugadh é ach tháinig sé féin agus a mhuintir abhaile nuair a bhí sé deich mbliana d’aois. Fuair sé cuid mhór dá chuid ceoil agus amhrán óna mháthair, Neansa Nic Suibhne, a mba as Cruit ó dhúchas í. Ba file é a hathair. Bhí cuid mhór fidléirí cloiste ag Niallaí i Meiriceá. Bhí aithne ag Séamus ar Niallaí sula ndeachaigh an bailitheoir ar cuairt chuige agus ba cairde iad. Théidís taobh amuigh den teach i gCró na Sealg le bheith ag déanamh ceoil. Sheinneadh siad cuid mhór i gcomhcheol. Bhí pointe de charraig ag gobadh amach taobh amuigh a dheineadh macalla ar an gceol. Bhídís seasta ag déanamh comórtais idir na leaganacha port a bhí acu agus bhídís i gcomórtas lena chéile. Sheinneadh Ennis na píoba ach ní sheinneadh sé an fhidil tigh Niallaí. Sean-teach ceann tuí a bhí ann a raibh díon ard air agus chruthaigh an acústaic fuaim iontach. Bhíodh siad a rá agus ag malartú amhrán chomh maith. Théidís go Dún Lúiche le n-éisteacht leis na héin le breacadh an lae mar gur shíl Niallaí go mba fuaim iontach a bhí ann. Ní raibh carr ag Ennis agus is dóigh gur tháinig sé i dtacsaí nó de shiúl na gcos ó An Clochán Liath. Dheineadh bean Niallaí a cuid ime féin. D’ítheadh Ennis é seo agus ghearradh sé é mar a ghearrfaí píosa cáise agus d’óladh sé bláthach freisin. Rinne Caoimhín Ó Danachair taifeadtaí fuaime de Niallaí in 1945, agus in 1946.
Sa mbliain 1944 ba mhó a rinne Séamus Ennis ábhar a bhailiú ó Niallaí. Agus cuairt tugtha aige ar Niallaí Márta na bliana sin, scríobh Ennis sa dialann: ‘Níor scríobh mé dada uaidh anocht ach chuala mé oiread agus líonfadh leabhar de stuif nach bhfuil i gcló, idir foinn agus poirt damhsa. An rud is suimiúla fá stuif Néillí go bhfuair sé uilig é ó phortaireacht béil a mháthar féin [Neansa Nic Suibhne] a fuair bás c. deich mbliana ó shin. D’fhág muid ar an mheán oíche é agus bhí a chuid ceoil in mo chluasa fad an bhealaigh abhaile (cúig mhile). Thig liom é a fheiceáil romham anois agus a dhroim leis an tine aige agus é ag luascadh anonn is anall lena chuid ceoil féin. Fear beag bán agus fiarshúíl aige agus spéacláirí air.’
Thug Ennis cuairt ar Niallaí Márta agus Aibreán 1944 minic go leor agus chuaigh ar ais arís chuige Meán Fómhair na bliana sin agus arís mí an Mheithimh 1946.