ó Dréachtaí Néillidh Ó Maolagáin
B’é m’athair Tom Mulligan mo chéad mhúinteoir ar na píobaí agus mhúin sé mé ar a chuid phíobaí C# féin a bhí déanta ag James Mulchrone sa bhlian 1938. Ba as Mainistír Shruthla, Contae Longphort é Mulchrone agus ag an uair sin bhí sé ag déanamh píobaí i mBaile Phib i mBaile Átha Cliath 7.
Chum mé an cornphíopa seo in omós do m’athair a mhúscail agus a chothaigh mo ghrá don ceol Gaelach, an cultúr, an teanga agus m’áthas don saol i gcoitinne.