ó Dréachtaí Néillidh Ó Maolagáin
D’éirigh m’iníon Caoimhe tinn i Mí Eanáir 2006 agus chaith sí seal san ospidéal ag an am seo. Bhí sí i varda léi féin agus chun cuidiú léi an t-am a chaitheamh, cheannaigh mé leabhar sceisteála agus pinn luaidhe daite dí chun go mbeadh sí ag tarraingt agus ag dathú. Bhain sí an-taitneamh as an ealaín seo agus bhí áthas an domhain uirthi nuair a d’iarr duine de na banaltraí uirthi ceann do na pictiúr a chrochadh i várda na leanaí agus í ag fágáil ag dul abhaile.