ó Dréachtaí Néillidh Ó Maolagáin
B’é an file, drámadóir and cara Vincent Woods a spreag an port seo ionam.
Trí bliana i ndiaidh do bhás an fhile agus aistritheoir, Pearse Hutchinson, (1927 – 2012), thug Vincent cuireadh dom dul ar chuairt chuig teach Phearse Hutchinson i Rath Garbh, áit a raibh Vincent ag cur obair agus eolas faoi chlann Phearse le chéile. I measc na n-earraí a thaispeáin sé dom, bhí feadóg stáin gur le cara mór le Pearse, Justin O’ Mahony é. Bhíodh Justin ag buscáil ag Áirse na gCeannaithe, in aice le Droichead na Leathphingin (nó Droichead na Life) go luath sna seachtóidí agus é ag ceol ar an bhfeadóg stáin seo. Mhol Vincent dom go mbeadh sé deas port a chumadh in omós do Justin agus go mbeidh cuimhní againn air . Ó tharla gur úsáideadh iarann sa droichead a tháining ón gCraobh Liath, i gContae Liatroma, thugamar an t-ainm, The Leitrim Iron Reel ar an bport seo. Chum Vincent dán leis an ainm céanna freisin, atá foilsithe anseo le cead.
Sheinn mé an port seo ag searmanais speisialta nuair a bronnadh caipéisí liteartha Pearse Hutchinson ar Ollscoil Mhagh Nuad agus bunadh cartlann ina onóir. Tá bród orm go bhfuil an port seo mar chuid den scéal an cartlann seo.