Accessibility


Font sizing

Contrast

Monochrome

Sign up to ITMA Archive

Signing up to the ITMA archive provides the ability to save content you find across the site and access directly from your own dashboard.

Register now

Login

Seán Corcoran Field Recordings (1994-2001)

Illustration | Libby McCrohan
Conor Caldwell, Siobhán Peoples and Ciarán Ó Maonaigh

An binsín luachra, song / Bríd Ní Mhaoilchiaráin, singing in Irish

An binsín luachra, song, handwritten by Séamus Ennis, CBÉ 1280: 212-214

An Binsín Luachra (ceól 31)

An Bínnsín Luachra

 

B’fhurusd’ aithinte dhom an uair údan a luaú mé go h-óg le mnaoi

Nach ndéanfainn baint ná bualadh ná stuaim ar bith in aice ‘n tighe,

Tá mo bhothán fuadaighthe – ‘sé ‘dhualgas an sruth b[?h]eith thríd,

‘S ní fhásann cíb ná luachair ar na tuartha* seo ná mórán fraoígh.

 

Nuair a scallanns grian a’ tsamhra nach fánn é mo leagan súl

‘Mo sheas’ ós cíonn mo láidhe agus ‘ fánach lag mar ghearrainn fód

Mo mhallacht-sa go’n Eáglais mar sí d’fhága mé gan pléadhchain** leób

‘Snach deas a thairneóinn snáthaín fré mrá deasa ‘stigh sa ló.

 

Níl stoca ‘rum  ‘sníl bróg a’am ‘sníl stóilín a’am a suidhfinn síos

Níl mo bhríste’r fóna’ sdar ndóinín tá mo phluid gan fíll,

Tá mo chóitín stróicithe agus ‘gearr go dtóigfear mo dhá bhó ‘n sa’ gcíos

Tá ‘lán go lucht an ósta tíocht anuas orm faoi luach na dighe.

 

‘Chailín deas na luachra nó’n truagh leat mo bheart ar lár,

Nó ‘dtiocá liom ar uaigneas faoi bhruach na coille’s deise bláth,

Sagart ní bhfuighidh scéal orainn ná aon duine*** beó ‘gCrích**** Fáil,

Nó go dtaga caint do’n chéirseach agus Gréigis go’n laidhirín trágha.

 

[ó Mháire Sheáinín Choilmín a bhfuil roimhe seo]

Mheáll tú mise bhuachaill lé do chluanaidheacht ‘sníl maith dhuit ánn,

‘Snach iomú cailín stuamdha ag iúmpar uala’ ‘gus a’ gul go fáin

B’fhearr liom ‘baint na luachair ‘sgá tuargaint***** gach uile lá,

Ná do leanabh ar mo ghualainn ‘cuir do thuairisc is gan tú le fáil.

 

A Mháirín thug mé grá dhuit ‘mo chrádh go deó má cheilim thú

Ar oileáinín Chruach Pháraic ‘san áit nach snámhann bád ná lúng,

Is fada  na trí ráithe chaith mé’g áirdeall ort cois claidhe ‘gus túm

Mar shúil is go bhfuínn sása’ ort i’ ndearna tú go mhagadh fúm.

 

Ó Sheáinín Chiilmín McDonagh (74)

Chonnaic mise’ stuaimbhean ‘sí faoi bhruach na coille is glaise bheáll(?)

Beart is bínnsín buailte ‘ci dhe’n luachair ba glaise bláth

 

 * Tuartha – “áit a mbeadh ba ar féarach”
** pléidhe – níor thuig Máire an line.
*** Ní fhuaimightear an “d”.
**** Ní fhuaimightear aon “c” ná “h” annseo
***** Tuargaint – briseadh agus brughadh luachra

Hardiman the fiddler, jig / Johnny Óg Connolly, melodeon

The bridal jig / Johnny Óg Connolly, melodeon

An stoirm is a' bháisteach, jig / Johnny Óg Connolly, melodeon

An cóta mór stróicthe, song / Caitríona Ní Cheannabháin, singing in Irish

An cóta mór stróicthe, song, handwritten by Séamus Ennis, CBÉ 1280: 251-253

An Cóta Mór Stróicthe

Seán ‘ac Dhonnacha as Loch Mór (taobh thoir de Ghailli’) a bhí ar a’ bhfear agus Búrcach a bhí ar a’ bhfear eile (as an áit céanna) agus de Mháilleach an bhean a ra’n bheirt ag faire uirthe. D’iarr an Búrcach an bhean a’damsa i dteach an cheóil. D’eitigh sí annsin an Búrcach.  D’iarr Mac Dhonncha ‘nnsin í agus chua’ sí a damsa leis. Ghlaoidh an Búrcach annsin droch-ainim ar an bhean óg agus ní rinne Mac Dhonnacha annsin ach breith ar an iarann ar an mbeaic agus an Búrcach a mharbhú leis an iarann. Rith sé annsin agus lean na gardaí é. Chaith sé lá is bliain ansin i Leitreach Árd. Bhí sé ina bhuachaill ag Seán ‘ac Dhonncha eile annsin ar feadh bliana. Fuair Seán ‘ac Dhonncha as Leitreach Ard, fuair sé freeáilte ansin ón seisiún é nuair a bhí lá ‘s bliain thuas aige. D’imigh sé ‘bhaile ansin agus chua’ sé go Dúbh-Leitir ar a bhealach abhaile dhó agus chaith sé seachtmhain ag ól poitín annsin agus d’fhága sé ‘n ‘Cóta Mór Stróicthí’ déanta ansin ag imtheacht dhó. Nuair chua sé abhaile bhí an bhean a’ guil a’ pósadh agus nuair a chuala sí go rá’ sé ‘stigh thréig sí an fear eile agus chua sí leis féin.

Céad anois atá sé díreach ó rinniú an t-amhrán. Bhí an scéal agus an t-amhrán ag m’athair, beannacht Dé le n’anam.

 

Tá mo chóta mór stróicthí ó Dhónach ‘s é ‘sileadh liom síos,

An t-é chuirfeadh cóir air, mo bhrón, tá sé ‘ bhfad as mo línn,

Tá táilliúir glan cóir ‘san Áird Mhór mar tá Tomáisín Bán*

Agus cuirfe sé green velveteen air is beilt faoina lár.

 

Ghluais mé thar sáile le Máilligh ar uair a’ mheán-oidch’

Bhuail mé faoi Bhúrcaigh, dream diúltuíú as flaithis na naoíú,

D’fhág siad le fán mé ‘cuir fáirnéis cá gcodlochainn ‘san oidch’,

Thóig siad ‘mo cheó mé ‘stá tóir orm amach faoi Thráighlí.

 

Tá m’ioscaidí liúnta ó shíor-shiubhal na móinte seo siar,

Tá mo loirigní gearrtha’s níl áit a’am a leigfinn mo scíth,

Tá mé ‘bhfad ó mo mháthair ‘s níl áit a’am a leigfead mo scíth,

Tá súil le Rí na nGrást’ a’am nach mbeidh fan orm ach tamall ‘s cén bhrígh.

 

‘S tá céad fear a shíleanns má shaothruíonn sé gine nó dhó,

Nach mbainfe sé píghinn as sin choídhch’ nó go gceannuíghidh sé bó,

Ó’s mise nár chuímhr’ ar a’ gcríonnacht, ‘s nár chaith mé go leór,

Ní cuirfear mé choídhch’ gan bráithlín agus connra faoi’n bhfód.

 

Céad slán duit a Loch Mór, ‘sé mo bhrón gan mé ‘nocht lé do thaoíú

Is iomú sin bóthar fad’ uaigneach ‘ guil eidir mé’s í

‘S ann a bhíodh ceól a’ainn gach Dónach is gaisce ‘na suibhe,

‘S bhí ‘n jug ar a’mbórd ánn ‘s mo stór go fial fairsing á roínnt.

 

Tá mo mháithrín tinn tréith-lag, ‘s í go h-aonraic ar chaltha na mbád,

A’ gol ‘s a’ caoíneadh chuil’ oidche ‘s ag éirighe dho’n lá,

Tá ‘comrádaidhe sínte ‘gCill Bhríghde agus leac ar a cheánn,

‘S tá ‘mac ‘fud na tíortha ‘na cheánn siamsa ‘s na raluidhe le mrá.

 

Fad ‘s bhéas mé beó ‘n-Éirinn, ní thréigfe mé imirt ná ól,

Fad ‘s bhéas mé beó ‘n-Éirinn, ní thréigfe mé cualódar óg,

Dhiún fear a phógfadh mo stór ‘s mé bheith ar a shuídhe,

Nach mbainfinn de’n tsrón, nó ba láidir a charaid ‘sa tslighe.

 

Dar mo mhilleadh ‘s dar mo bhuaile(?)’s dar mo mhóide ní shuidhfe mé síos,

I gcualódar ban óg, go deó deó ní ghotha mé ‘ríst,

Chonnaic mé mo stór ‘sí dhá pógadh ag fear chois a’ tighe,

Thuit a’ sruth deór liom agus hobair go mbrisfeadh mo chroí.

 

  • Deir Seán Geary (Aill na Brón) liom gur bean an táiliúra, Tomáisín Bán ó Donnachú, An Áird Mhóir, a rinne an ceathrú seo agus a chuir leis an amhrán é, agus nach ra’ sé ‘san amhrán an chéad lá riamh’. Is dócha gur fíor é. S.MacA.

Nóta  le hathscríobh an cheoil:

Scríobh Ennis ‘Go réidh’ le nodaireacht an cheoil.

Cailín deas crúite na mbó, song / Caitríona Ní Cheannabháin, singing in Irish

Cailín deas crúite na mbó, song, handwritten by Séamus Ennis, CBÉ 1280: 135-137

Cailín Deas Crúite na mBó

Bean a bhí ann ‘sa tsean-aimsir agus bhí sí a’ bleaghan bó ar chúl sconnsa agus bhí sí ‘góil ‘Cailín D.C. na mBó’ agus bhí an t-amhrán gáirsiúil. Bhí sagart a’ guil a’ bóthar agus sheas sé ‘g éisteacht léi. Nuair a bhí ’n t-órán críochnuighthe ‘ci ghlaoidh sé amach uirthe ‘gus chuir sé ge bhreithiúnas aithrighe uirthi bheith ag a‘ bPobal an chéad Dónach eile, bráithlín gheal a bheith síos go talth’ uirthe, píosa dhe chráimh capaill in-a béal seasa’ ‘ndoras a’ tséipéil go mbuailfeadh chuile dhuine ghothadh isteach nó ‘mach smugairle uirthe agus dúirt sí go mbeadh. Bhí Bráthair in-a chomhnuidhe comhgarach di agus chuir sé fios uirthe agus chua sí go dtí é, agus d’iarrtha sé dhi a’ ra’ sí go maith a’ tóigeáil órán. Dúairt sí go raibh. D’árrtha’ bráthair a’ t-órán agus seo mar a duairt sé:

 

Éirígí ‘pheacaí ‘gus músclaí agus cuimhrígí ar Eón Mhac na h-Óigh

Ná smaoinígí ar pheacaí na drúise nó ar mhealladh gach cúilfhinnín óg,

Ach blaoigí ar na h-Aingle ghár gcumhdach ‘s ar ár mbáinríoghan bhreagh curtha na nGlór

Ná’r bhreagh dhúinn mar charaid í lá ‘n chúntais

Ná cailín deas cnóidhte na mbó.

 

Tioca’ mac Muire ghá’r bhféachaint

‘Sa chlann bhocht ag Éansall(?) aniar

Teannaigí lióm is céad fáilte

Gon chathair a gheáll m’athair díb.

An Mhaighdean bhreagh bharramhail ‘tá láidir

Mo ghrá thú ‘s tú áilleacht gach ciall

‘S tú mo chongna’ agus our-láimh na práinne

Ag [Agus? RÓ] molaimuid go h-árd ainm Chríost.

 

Tioca’n an t-árd-phríonnsa gan aimhreas

Chun breithiúnas  a thóirt ar gach naomh

Ní leanaim gá’r cumú ná gá gcúmfar

Nach dtiocaí annsiúd le n-a ghlóir.

Tréicí an fhairrige bhrúidiúil

Agus silthe gach neon-charraig bréan (sic)

‘S nuair a shínfheas a’ t-aingeal an trónfid (trumpet)

Beidh gach anam in-a chomhcholainn fhéin.

 

Nach truagh liom lucht drannaim agus dróise

Lucht meisceóireacht trúm agus póit

Ag éirighe ar maidin Dé Dóna’

Agus a’ spalpadh na miúne [?mionnaí RÓ] ag tigh’n óil

Ná failígí t-Aifreann ar aon chor

Níl sólás ar a’ saoghal seo níos fearr

Ach molaimíd míle ‘gus céad buachas[?buíochas RÓ]

Leis a’ tÉan-Mhac a d’fhuiling a’ Pháis.

 

(ó n-athair).    Ó Val Bheartla Ó Donnchú

Dubhairt an sagart léithe nuair a tháinic sí ag a’ bPobal an t-órán a rádh agu,s duairt sé ‘pé brí cé mhúin fios do ghroithe dhuit mhúin sé go maith dhuit é, ach beannacht duitse’ deir sé ‘agus mallacht go bhéal do mhúinte’.

Nóta  le hathscríobh an cheoil:

Scríobh Ennis ‘(Ón duine céadna)’ le nodaireacht an cheoil, is é sin Vail Bheairtle Ó Donncha.

The angry peeler, jig / Neansaí Ní Choisdealbha, flute

Ceo na gcnoc, reel / Neansaí Ní Choisdealbha, flute

Affey Gibbons, song / Éamon Ó Donnchadha, singing in Irish

Affey Gibbons, song, handwritten by Séamus Ennis, CBÉ 1280: 347-348, 595-596, 616

Affey Gibbons

Ennis wrote that Affey Gibbons, a  priest, was on the run during the time of the Fenians. There was a price on his head. He asked for a bed for the night in a house in Iorras Mór, and  when people in the house agreed to this he took two pistols from his suitcase. The family then suspected his identity and they reported him to the police. The police suggested they remove the pistols, which they were able to do as the priest was exhausted and sound asleep. The priest was arrested and hanged. His brother composed the song in his memory.

The song expresses grief over the betrayal and death of the priest and the fact that Affey’s family or friends were not present to  lament him when he was laid out. How they would have rallied round. Nature is in tune with the deep grief caused by the priest’s death. The blackbird, the cuckoo and the thrush are silent, the gulls are lamenting and the swans on Lough Erne cannot swim. Trees cannot bear fruit and  there is no sunlight.

Séamus Ennis collected the song from Seán Geary [Ó Gaora] on two occasions. The collector noted (p.596) that he had previously collected some of the song from him. Seán then got additional verses from Maidhcil Foley(33), Aill na Brón. Maidhcil had got  some of it from Éamonn de Búrca and some from Séamus Cheannabháin, Cora na gCapall.

[from NFC 1280: 347-348, 595-596, 616]

 

“Phlúir ‘sa scoth na Féinne ‘gus úghdair cheart an Bhéarla

A Bhuinneáin Bháin gan aon locht ó’n bpréamh go dtige’n bárr

Nach b’é mo léan mar d’éag tú, thiar i n-íochtar Éire

Gan aon neach go do ghaolta lé thú bhréagú as cíonn chláir.

 

Sean-fhocal ‘s ní bréag é, seachain is ná taoíbha’

An coithidheachaí má fhéadann tú agus béidh tú níos feárr

Ach mo chreach agus mo léan géar, ‘sé Affey fuair lé léiú é

Mar is fada siar i n-Éirinn dearnú éagcóir air is feáll.

 

Tá’n smóilín mhilis bhréagach ‘sna faoi(igh)leáin gheala ‘géar-ghol

Tá’n eala’r bhruach Loch’ Éirne ‘sní féidir léithe snámh

Ach faoi dhuibhthean is faoi Éicliops tá’n ghealach is na réalta

Le cumha ‘ndia’ chroidhe na féile thug a’ sway leis as gach ceárd.

 

Níl torthaí ar bharra géaga ‘sníl meas a’ góil i n-éifeacht

Níl soillse ‘bith ar a’ ngréin, ‘s tá’n féar glas ó fhás.

 

Ó Sheán Geary

Aill na Brón

 

Cearthú eile de “Affey Gibbons” (ó Sheán Geary, Áill na Brón). (616)

 

Nach minic a chuala ‘ch aoin fhear gur mairig é fhéin a thréig(c)feadh

A Chúige féin ghá bhféadadh sé ‘s bheith ‘n -éanraic go brách

Nach deas a’ fortún a gheáll Mac Dé dhó a shocraíde leath ar Éirinn,

Na dártha beannacht Dé leis ‘s go dtéi sé ar staid na nGrást.

(sine an cearthú deirionnach atá ann).

 

Affey Gibbons ó Sheán Geary

‘gCill Eala buailiú an dé-smál na Frannca’ theacht go h-Éirinn

Muid a’ scarúint ó n-a chéile mo chreach agus mo chrá

Ó d’imi’ croí na Féinne go flaithis geal na ndéadara(?)

Tá daoiní uaisle ‘géar-ghol, gun léigheann a bheith ‘g a gclánn.

 

A phlúir ‘sa Scoith na Féinne ‘gus ‘úghdair cheart an Bhéarla

A bhuinneáin bháin gan aon locht ó’n bpréamh go dtige ‘n bárr

Nach b’é mo léan mar d’éag tú, thiar in íochtar Éireann

‘Sgun aon neach go do ghaolta lé thú bhréagú as cíonn cláir.

 

Nach iomú marcach spéiriúil is cúlógach** glan gléasta

Rachadh (ó) goit’ fhéachaint ‘s thú géanacan*** a’ bháis

Níl clúid ná ceárd in Éirinn ‘dtiocfadh ort cath ná géibhionn

Nach bhfuightheá buachaill spéiriúil a d‘eireóch in do pháirt.

 

(596)

Sean-fhocal ‘s ní bréag é, seachain is ná taoíobha’

‘n coithíoch choí’ má fhéadann tú ‘gus beigh tú níos feárr

Ach mo chreach agus mo léan géar ‘sé Affey fuair lé léiú é

Mar’s fada siar in Éirinn deárnú éagcóir air is feáll.

 

Níor bhinne leat ceól na n-éanla’ faoi chiúis na coile craovaí’

Tá’n londú ‘n chuach ‘sa’ chéirseach gun aon smid amháin

Tá’n smóilín mhilis bhréagach, tá na faoighleáin gheala ‘géar-ghol

Tá’n eala ‘r bhruach Loch’ Éirne ‘s dhiún ar féidir léithe snáú.

 

Níl torthaí ar bharra géaga ‘s níl meas a’ góil in-éifeacht

Níl soighillse ‘bith ar a’ ngréin ghil ‘s tá’n féar glas ó fhás

Ach faoi dhiofan**** is faoi éiclips tá’n ghealach ánn ‘s na réalta

Le cú ‘ndía’ croí na Féinne thug a’ “sway” leis as gach ceárd.

 

Scríobhas cuid dhe seo cheana ó Sheán ach fúair sé an méid eile ó chonnaic mé cheana é, ó Mhaidhcil Foley (33) Aill na Brón a fuair cuid ó Éamonn a’Búrc agus cuid eile ó Shéamus Cheannabháin, seanachaí nach maireann, Cora na gCapall.

* ainm an tSagairt
** Duine thiúrfá taoí thiar díot ar chapall
*** Saothrú, fáilt, bháis.
**** duibhthean

Dónall Ó Dálaigh, song / Éamon Ó Donnchadha, singing in Irish

Dónall Ó Dálaigh, song, handwritten by Séamus Ennis, CBÉ 1280: 102-104

Dómhnall Ó Dála’   (guth Choilm Ó L)

 

Ar a’ mbaile seo tá’n chúilfhionn sí’n buinneán í ‘s úire

‘Sí amh(f)arc mo shúl í le go dtug mé dhi grádh

‘Sí mo shearc, ‘sí mo ruain í, ‘sí m’óinsín a’ guil ‘un suain í

Nach b’í’n Samhradh ‘sa bhfuacht í ‘dir Nodlaic is Cáisc.

 

Ar maidin Dé Dóna’ ‘s mo chúl leis a’ scónnsa

Cé d’fheicfinn guil tharam ach stóirín mo chroidhe

Ná’r dhearc mé ar a bróga is shil mo shúil deóra

Gur bhain mé dhá phóg dhi, ‘s gur thóg sí mo chroidhe.

 

Tráthnóna lae fóvair ‘s mé siúl thrí na móinte

Cé chasfai sa ród liom ach stóirín mo chroí

Na’r mheáll mise liúm í nó go dteidhinn (dteighinn) ‘mach sa drúcht léi,

‘Sé duairt sí  “Leig liom; nó’n ar meisce tá tú?”

 

Gá mbeadh a’amsa páiste ‘n-aois mo bhlian nó trí ráithe

Cé bhfuighinn-se féin father go mo leannabán fhéin

‘S mise Dónall Ó Dála ‘s ná ceil ar fheara Fáil é

‘S go bhfuighidh tú ‘Sliabh bán mé ‘lár chonndae Mhuigheó.

 

An Cearlabhán caoch thú nó’r cháill tú do léargus,

T’e nach n-aithnigheann tú féin mé a stóirín mo chroí

As Cúndae’n Domhain Thiar mé ó’n taobh ó thua(dh) g’Éirinn

‘S gur tháinic mé goit’ fhéachaint ar a’ mail-car asb’ fhearr.

 

Leitir ó do mháithrín faoi rún ag mo father

Go rai’ mé faoi’n tráigh mhór leat, ‘ógánaí(gh) óg

Gówil, sin agus do phárdún, agus spré mhaith lé fáil a’ad

Bean deas mar bháire agus dhá mhíle púnt.

 

Thóigfinn-se ‘n áilleán, bar í-mhaith liom le fáil í

Bean deas már bháire agus dhá mhíle púnt

Marach go bhfuil mé meállta le tuille’s trí ráithe

Le ingheain chiúin Dála as Cúndae Mhuigheó.

 

Imi’ gus éalui’ má’s é do roghain fhéin é

Ní taobh leat ‘tá Éirinn ‘s tá do mhalthrait le fáil

‘Mo sheasa’ ‘n mo léine nach bhfuighinn mo rogha céile

Nach n-iarrfadh punt spré liom ‘sní faltha atáim.

 

Lá breagh dhá ra’ mé góil(th)ar Mhainistir an Fhówair

Dhearc mé ar an fhaoileann (a) bhuail a’ saighead thrí mo lár

Gurb ‘é ‘cúílin trom gruaige bhí fighte ‘na dhualaí

Nach trua’ gan mé ‘s í n-uaigneas nó go scallanns a’ lá.

 

Maidin chiúin fóvair ‘s mé siúl thrí na móinte

Bhí an drúcht ar mo bhróga ‘s mo hata ‘n mo láimh

‘S mé ‘dearc’ ar a’ móinín ‘a mbíonns mo ghrá ‘gcónuí

‘Sí bheith póst’ ag fear eile ‘sa Dhia nach b’é’n feáll.

 

Ar Dhroichead Buidhe Luímrighe ‘seadh d’íoc mise’n féarach

‘S nach bhfuínn-se gan píghinn é mo dhóthain go binn

Leigheas sí mo chréachta ‘gus mhíll sí a tréartha

‘S tá mé tinn tréith-lag ó d’éag an láir bhán.

*Bard O’Carollan

John Geary

Ó dhritheár Éamoinn – Páraic a’ Búrc nach maireann – 51 nuair cailleadh 8 mbl. ó shoin.  ‘San Áird Mhóir is dóíchí a fuair seisean é.

Castlefinn, reel / Paddy Glackin, fiddle

The Curragh races, reel / Paddy Glackin, fiddle

The blackbird among the berries, reel / Paddy Glackin, fiddle

The morning dew [The king of the pipers], jig / Paddy Glackin, fiddle

The connaughtman's rambles, jig / Paddy Glackin, fiddle

The pinch of snuff, reel ; The nine points of roguery, reel / Dermot McLaughlin, fiddle

Australian waters, jig / Dermot McLaughlin, fiddle

The silvermore, jig / Johnny Óg Connolly, melodeon

Mo chúranán, song / Lillis Ó Laoire, singing in Irish

Mo chúranán, song, handwritten by Séamus Ennis, CBÉ 1282:33

Mo Chúranán.  (ó Dinny)

 

Ó’s mo chúranán, mo chúranán,

Mo chúranán ‘s mo phlúirín bheag,

Grá mo chroí a sheóidín tsíoda

Seachta mo chroí is mo chúranán.

 

Ó’s mo dhamhna bheag, mo dhamhna bheag,    (foster-child = damhna)

Mo dhamhna bheag, an t-úcaire, (fuller,dyer)

Grá mo chroí a sheóidín tsíoda

Seachta mo chroí ‘s mo dhamhna bheag.

 

Ó’s m’aingeal thú, is m’aingeal thú,

Is m’aingeal thú is béi go deó

Grá mo chroí a sheóidín tsíoda

Seachta mo chroí is m’aingeal thú.

 

Ó chailín as Co. Aontroma a thóig Dinny an suantraighe seo thuas, oidhche dá rabh sí ag ceól i nGort a’ Choirce. Níor chuimhin leis a h-ainm ná a seóladh, mar níor casú dhó í ach an oidhche sin.

Deir Seán liom (Ó h-Eochaidh) gur minic a chuala sé an fonn seo thiar i ndúthaigh Theileann, ach ní h-iad seo na foclaí a bhí leis, deir sé.

Ní cuimhin leis, ámh, cé’n t-amhrán a mbíodh sé leis.

 

Nóta  le hathscríobh an cheoil:

Scríobh Ennis an méid seo a leanas os cionn nodaireacht an cheoil:

Ceolta Dhonnchadha Uí Bhaoighill as Leitir Chatha, Clochán Liath, Tír Chonaill.

‘Mo Chúranán’ suantraighe.

Go mall, rialta.  Scríobh sé ‘ralle[n]tando’ [ag moilliú] le líne dheireanach an cheoil.

Thug sé cur síos ar an suantraí freisin:  ‘Fuair Donncha an suantraighe seo ó bhean as Co. Aontroma, oidhche dá rabhthas ag guil cheoil sa teach ósta i nGort a’Choirce. Níor chuimhin leis a h-ainm ná a seóladh. Deir Seán Ó h-Eochaidh liom gur minic a chuala sé an fonn ceóil seo thiar i dTeileann, Tír Chonaill ach nárbh’ iad seo na focail a bhí leis. Níor chuimhin leis na focail, ámh.  Tá an suantraighe uilig scríobtha agam ó Dhonnacha.

Fuígfidh mise an baile seo, song / Lillis Ó Laoire, singing in Irish

Fuígfidh mise an baile seo, song, handwritten by Séamus Ennis, CBÉ 1282:31

An draighneán donn, song / Lillis Ó Laoire, singing in Irish

An draighneán donn, song, handwritten by Séamus Ennis, CBÉ 1282:73-74

An Droighneán Donn. ó Dinny (athair)

Síleann céad acu gur leó fhéin mé nuair ólaim lionn

‘SThéid dhá dtrian síos daoím nuair a smaoitim ar a gcórá liom

Com is míne cích fá dhó ná’n síoda ‘tá ar shliaú Uí Fhloinn

Tá mo ghrá-sa mar bhláth na n-áirní tá’r a’ droighneán donn.

 

Má thig tú choidhche (ó) tar ‘san oidhche go cúl a’ chlaidhe

Ar maidin nó tráthnóna nuair a bhíos an driúcht ‘n-a luíghe

Cé na’ lóbhairim-sa bím-sa ‘meóbhrú go mór fá mo chroí

‘Stú mo chéad-searc agus ní féidir dú do chumhaidh ‘chur díom.

 

Fear gan chéill a bheaú a’ dréim leis an chlaidhe ‘tá árd

‘Sa claídhe beag íseal le n-a thaoibh sin ar a leagfait sé a lámh

Cé gur árd a’ cránn caorthainn bí sé searbh as a bhárr

Fásaí sméara ‘gus bláth súgh-craobh ar an chrann is ísle bláth.

 

Ní bean búclaí ná ribíní d’fhóirfiú dú.

Ach gearr-chailín daithte bheaú dána dú’

Mo léan géar gun mé ‘gus tú, a chráidh mo chroí,

I ngleanntán sléibhe le h-írí gréine ‘san driúcht ‘n-a luighe.

 

A Phaidí nó na’ misde leat mé bheith tinn

‘S a Phaidí nó na’ misde leat mé bheith trom

A Phaidí ‘n chúil daithte ‘s an bhéilín bhinn

Go dtéi mé ‘dtalú go mbei’ cuimhne ‘gam ar do chórá liom.

Amhrán Pheadair Bhreathnaigh, song / Lillis Ó Laoire, singing in Irish

Amhrán Pheadair Bhreathnaigh, song, handwritten by Séamus Ennis, CBÉ 1282:15-16

Órán [Amhrán] Pheadair Bhreathnaí  (ó Dinny Ó Baoighill)

Siné an t-ainm a bhíodh ag na seandaoiní air. ‘Sé Peadar Breathna’ a chum é. Sílim gur táilliúir a bhí ann. ‘Sé mo shean-chuivne gur chuala mé m’athair mór a’ cainnt air, gur chaith sé tamall d’á shaoghal i Leitir mhic a’ Bháird i bParráiste na Rosann agus gur sin an áit a ra’ sé nuair a chum sé “Snáth na Báiríona”. Chaith sé deiriú a shaoghail i Mín na Gualann, i bParráiste Inis Caoil. Bhíthear sa tóir air fá fhiacha insan am seo, agus  chua’ sé ar a sheachnú ‘sna h-oileáin.

 

1. Chua’ mé seal tamaill ar cuairt go mbreathuighinn uaim an spéir,

Thart fa na h-oileáin ar ruaig mar eilthiot is cú ‘na déi’.

Níor fhan aon ‘uine fán chuan nár phill anuas ‘n  a’ céaú,

Agus b’fhurust daoíú aithn’ ar mo ghruaí gur fear mé ‘ra’ tóir mo dhéi.

 

2. Casú dú cailín deas óg ‘sma casú ‘sí lóbhair go géar

Ma’s duine thú bhaineas de’n ól ní mholaim ró-mhór do chéird

Suidh thusa ‘nall as mo chóir agus stad de do chainnt gan chéill

Na racha mé ‘r lorg mo ‘rón’ (shrón), amach ar tír mór de léim.

 

3. Thuit mise ‘dtuirse ‘s i mbrón nuair casú an óig-bhean daoím

Agus d’fhiafruí cá bhfuínn-se’n t-ól a thógthú an brón seo daoím

Tá tea’ beag ar leath-taoibh an róid agus coinníonn sé ‘gcónuí braon

Gó thusa ‘gus trupáil an bórd ‘s ní dhíolfaí do phócaí ‘n phíghinn.

 

4. Nuair a chuai mise ‘stea’ go toigh ‘n óil b’fhaiteach go leór mé ’suí

Ar iogla go dtiocú an tóir sgo mbainthí an óig-bhean daoím

Ní ró mé ‘bhfad i dtoí ‘n óil gur mheas mé gur chóir dú suidhe

‘Sé duairt sí “bí thusa ‘guil cheóil sní dhíolfaí do phócaí ‘n phíghinn”.

 

5. Nuair a chua’ muid amach as toigh ‘n óil ‘sé d’fhiafraí an óig-bhean daoím

“A dhuine cá mbíonn tú do chónuí ná’n gcoinneann tú cró beag tuí ?

Bím-sa seal i dtoí’n óil, ní theanaim aon lón d’a’n phíghinn

Ach an méid a shaothraim ‘sa ló a chaithiú le spóirt ‘san oidhch’.

 

6. A bhuachaill má’s sin í do dhóigh ní mholfainn duit lóirt le mraoi

Is fearr dúinn fuireacht go fóill go ndeana’ muid stór de’n phíghinn

Fad’s bhéi muid ag déanú an stóir caithear cuid mhór da’r saoghal

Is fearr dúinn toiseacht go h-óg ‘s beidh cuidiú d’ar gcóir arís.

 

7. Thoisi’ mé’nsin a guil ceóil agus chruinní ‘n t-aos óg ‘un toí

Gah duine ‘gus córan ‘na dhóran le comórú thóirt do’n dís

Bhí biotáilte fairsing go leór agus beagan de’n tseórt ‘sa tír

Is dá n-ólainnse galún Uí Dhónaill b’fhorus mo stór a dhíol.

An cailín rua, song / Brian Ó Domhnaill, singing in Irish

An cailín rua, song, handwritten by Séamus Ennis, CBÉ 1282:71-72

An Cailín Rua. Ó Dinny Boyle (-ón-a athair)

 

B’fhearr liom é ná bó ná bearach

Ná ‘bhfuil do luingeas a’ teacht ‘un cuain

Mise ‘gus mo chailín bheith múinte barúil

Sínte ‘r leabaí i gConndae ‘n Dúin.

 

Chuaí mo chailín i bhfad ó bhaile

I bhfad ó bhaile imeasc na sluagh

Níl a’n mhíler da’r shiúil sí ar feadh an bhealaí

Ná’r bhuail mé “travelli” ar mó chailín ruadh.

 

Chuir muid na bairrilí amach ar a’ machaire

Thoisi’ siad a’ chruinniú anoir agus aniar

Bhí siad ag ceól ó bhí neóin go dtí’n mhaidin

Ná gur thuit sí ar meisce ‘cu mo chailín rua.

 

Bhí Seán Clarke ‘na shuidhe ar an chathaoir

Bhí siad á breathnú feadh naoi n-uair

Char bhfearr leis é ná cíos a chuid talú

Ná é fáil ‘na leaptha le mo chailín rua.

 

D’írí mo shean-bhean suas ‘na suidhe

Chóiri’ sise suipeachán le sinn a chur ‘un luighe

Eidir sin is maidin bhris na téadaí  insa leabaidh

‘Gus ní mise bhí’r a’ talú ach mo chailín ruadh.

 

Chuir mé mo chailín amach ‘na mhargaí

Ba dhé sin fhéin an margú a bhí daor

Bhí scilling agus punt ar an ghann-pheice mine

Gus go dtug mé (é) ‘lig le fuinthiú do mo chailín ruadh.

 

Ba í mo chailín -sa ‘n cailín dathúil

Chan é amháin mar bhí sí ruadh

Bhí sí mar ghath gréine ‘guil in-éadan a ghloine

‘Gus b’í scéimh mhná na finne mo chailín ruadh.

 

Siúd siar í ‘gus bróga breac’ orthaí

Ribíní daithte siar le n-a gruaidh

D’éala’ sí uaim leis an Rógaire ceannaidhe

Slán croí ná’r fhillidh sí mo chailín ruadh.

 

Ó Dinny Ó Baoighill – ag a athair Pádraic – bheadh sé ceithre scór anois ghá mbeit sé beó. As Loch an Iubhair dó ó bhunús (Paidí (Duncaí) Ó Baoighill)

Nóta  le hathscríobh an cheoil:

Scríobh Ennis ‘go h-aerach’ le hathscríobh an cheoil.

Art Ó Ceallaigh, song / Brian Ó Domhnaill, singing in Irish

Art Ó Ceallaigh, song, handwritten by Séamus Ennis, CBÉ 1282:23-25

Art Ó Ceallaí. (v. 100 Ceólta Uladh) – seanchas

Bhí mé lá ‘mháin ‘guil amach ‘n-a Midhe

I dtoigh Airt Uí Cheallaí a chaith mé an oidhche

Casú teach folú dú teiní gan daoiní

Is shuídh mise síos ann a dhéanú mo scríste

Is ímbó

 

Niorbh’ fhada ‘s níor ghearr go dtáinic Art ‘un toighe

Níor ‘uairt sé “Goodmorrow” gur fhiafruí sé daoim-sa

What is the matter nú ‘dhuine cá mbíonn tú,

Ná caidé an donas a sheól ‘un mo thoighe thú

Is ímbó

 

Is straigléaraí mise as Condae na Midhe

A tháinig isteah a’ lasú mo phíopa

Tháinig mé ‘steach a dhéanú mo scríste

Ná dá suidhfinn amuigh b’fhada liom an oidhche

Is ímbó

 

Is mairig do’n athair a bhí do do shaothrú

Nach dtórthá greim bí dó foscú ná dídean

Míl’ altú do’n Rí nach bhfuil a dhath do mo ghaol leat

Ná ‘s duine thú na’ bhfuil cosúil le críostaí

‘Gus ímbó

 

Ní thearn tusa ‘gceart é i dtús na h-oidhche

Ná’r shuidh tú amuigh cois claidhe ná dídean

Ná na’ deacha tú go toigh tabhairne caithiú do phíghinne

Nuair bhí mise ‘mo straigléaraí sin é mar ghnínn é

‘S ímbó

 

Níl an teach tábhairne ‘nois ar na gaobhair

Mar’ dtéi mé ‘na ngráinseach fá’n am seo dh’oidhche

Tá siad ‘na gcodlú ‘s is deacair leó írí

Agus is mór-mór m’iogla go dtiocaí’n slua sí orm.

‘S ímbó

 

Is lag fá do chreidiú thú ‘s dona ‘s is claoidhte

Nuair a bheir tú isteach go bhfuil ann a leithid go dhaoiní

Ní ró ariaú ‘s ní bheidh a choidhche

Ach sin cuid de phisreógaí bhunú do thíre

‘S ímbó

 

Tusa a léigheas an scrioptúr ‘san bíobla

Is dona an teacht a thug tú ‘na tíre

A’ diúltú ‘sa doicheallt ‘sa cur amach  daoiní

‘S dá mairiúd sin d’athair nach dtórthá greim bí dó

‘S ímbó

 

Tá an oidhche a’ sioc ‘s tá ghiolach ag eirí

Siod chugad an casán ó dhoras mo thoighe-sa

Siod siar an casán is lean dó go díreach

Go droichead na gcailleach ‘s go scartán na gcaorach

‘S ímbó

 

Roinn muid an teach  ‘sní ro agart ach an gannchuid

Thoisí an troid agus thoisí an scamsáil

Bheir mé ‘r mo bhata agus theann mé mo bhriste

Agus d’fhág mé Art Crosach ‘na luí insan ghríosaí

‘S ímbó

 

D’írí mé mo sheasú gun cotú gun dímheas

Is d’awarc mé ‘mach ar dhoras na bruighne

Tchím fear beag ribeach rua ‘s ba luaithe ná’n ghaoth é

Is oiread  bhréid an tSalainn* faoi’n ascail de mhraoi leis

‘S ímbó

 

Tháinic Art isteach ‘gus ghlac sé leithscéal go caoimh(w)iúil

Gur shíl sé gur straigléaraí mé as Conndae na Midhe

A ghoidthú a hata, a bhata, ‘s a phíopa

Gan fiú slat an phota a haic** ‘gus a chiar bheag

‘S ímbó

 

* 1. Éadach a mbristí salann ann

** 2. Airtiogal le haghaidh fiadóireacht

Pádraic Ó Dónaill as Loch an Iúbhair a thug do Dinny é – tá sé 65 bl. anois (tímpall) 7 beó fós.

Nóta  le hathscríobh an cheoil:

Scríobh Ennis ‘Go réidh’ os cionn athscríobh an cheoil

Tiúin bháthadh Phrochlais, jig / Mairéad Ní Mhaonaigh, fiddle

'Tóg do chionn', air / Mairéad Ní Mhaonaigh, fiddle

Cuach mo londubh buí, song / Mairéad Ní Mhaonaigh, singing in Irish

Cuach mo londubh buí, song, handwritten by Séamus Ennis, CBÉ 1282:115-116

Cuach mo Londubh Buí

  1. Bhí mé fhéin ‘s mo bhean a gul go toigh ‘n tórrthaí

‘S cuach mo londú buí

2. Ar philliú ‘na bhaile dúinn casadh dú an t-óigfhear

‘S cuach mo londú buí

1. D’iarrthaí sé dú-sa ar nighean dú an óigbhean

2.Duairt mé nárbh’ í ach gurbh í mo bhean phóst’ í.

  1. ‘Dtórthá-sa ‘h-iasacht oidhche’ nó ló  dú
  2. Ní theanntha mé sin leat ach déanfaidh mé an choir leat
  3. Góí duin’ a’ainn ‘mullach is duine’ eile ‘n bóthar
  4. ‘S cébí a’ainn a leantha sí bít sí go deó aige.
    1. Chuaigh mise ‘na mullach is eisean an bóthar
    2. ‘S lean sise ‘n gruagach ós aige bhí’n óige.
  1. Tháinig sí bhaile chum i gceann a trí ráithe,
    1. Fhir a’ toighe dhílis goidé mar tá tú
    2. Mar is olc le mo charaid ‘s mar is maith le mo námhaid
  1. Is minic a chuaídh [chuaigh] sin bó thar an teórainn
  2. Agus fillfit sí ‘rís ar an fhoraois ba choir duí
    1. Goidé dhéanfá ‘nois ghá bhfáinn-sa bás ort
    2. Chuirfinn cónair airigid ort á b’í  b’fhearr leat.
    3. Nó cónair fhada na gcúig gclár ort
      (?) Luigh sé siar agus fuair sé ‘n bás sin
  1. Duine ‘na coille a chlisiú bhaint ámaid
  2. Maide mór cuilinn nó cuaille mór fearnóige.
    1. Tógaigí suas é ar ghuallacha arda
    2.  ‘s caithigí sa díg is neise go’n tsráid é.
  1. Leigigí ‘n talamh mé’ ars’ an fear a bhí ‘n-airde
  2. Go n-insí mé scéal ar chór na mná seo.
    1.  Scéal inniu ‘s scéal amáireach,
    2.  Agus scéal an uile lá dtiocaí cionn ráithe.

Bríd Bhán Ní Eochaidh, song / Mairéad Ní Mhaonaigh, singing in Irish

Bríd Bhán Ní Eochaidh, song, handwritten by Séamus Ennis, CBÉ 1281:113-114

Bríd Bhán Ní Eochaidh (ó Mháire Ní Bheirn)

 

h-anann dom a’ sliaú
agus a’ baile ‘tá ‘mo dhéi’,

Is trua ‘Dhia nach bhfuil mé ríst ánn,

Unsa [Insa] teach mhór tá déanta ‘r thaoibh a’ róid

‘Smé bheith gan bó gan caíora

Ní bheinn in mur gclúid anois teacht an Dónaí

Bheaú a’ tAifreann do mo chomhair agus mo dhaoiní

‘S dá mba liom Éirinn anuas ó loch Éirne,

I dTeileann thiar a bheinn ‘mo chónaí.

 

A Bhríd bhán a ruain, glac misneachbheas mór

Agus ná cluintear thusa ‘gcónaí ‘g éagcaoin

Níl éinní ar a’ dómhan a bhfaca tú le fós (feabhas)

Nach mbéi aghainn ‘san áit a bhfuil tú,

Caoirí go leór, eallach agus góbhair

Dá mbeaú againn go bhfuighinn-se féar daíobh

Ná’r ro-dheas ár ndóigh an tora ‘gus an gráin.

Agus an bradán ar an abhainn a’ léimní.

 

Tá na caoirí gan dóigh, an crupán ar na buaibh,

Tá ‘n galar ar na góbhair ‘sna h-altaibh,

‘Sa mhéad do mo bhrón, níl annseo ach móin,

‘S a’ chíb dhú ní maith a’ féar í.

 

An méad bradán agus éisc dár snáimh cuan Theileann ariaú

Tearait siad aniar faoin ghárraí

Ní thóirthinn thart mo shúil le tursa agus le cumhaí

Mar tháinig mé ina gclúid ghránna.

 

(Máire a thug an t-órán dom)

Bhí Bríd Bhán Ní Eochaidh seo ‘na cónaí i lár Bhaile Rann na Cille ar an taoibh chlé don bhealach mhór taoibh ó dheas do Theileann agus ós coinne an toighe a bhfuil Padraic Eileann Ó Gallchóir agus bhí sí ar bhean chomh breá agus leag fear súil ariaú orthaí. Tháinic bodach do mhaistear scoile anuas as Mín a’ Bhainne i bparráiste na nGleannta, áit chúil réasgamhail shléibhtiúil nach ró ann ach cíb agus fiontarnach agus nuair a casú air a’ cailín spéiriúil seo thuit sé ‘ngrá léithe gí go ndeir a’ seanachas nach ró mórán grá aicise dó. Mar sin fhéin pósú iad agus thug sé leis ‘na bhaile í. Nuair a chonnaic sí an áit ar fágú í bhuail a’ chumhaí í, agus as a’ chumhaí sin thoisí sí a’ cuma‘n óráin. Chum a’ fear a’ dara cearthú agus thug sí fhéin freagra ‘sa chearthú dheirionach.

(Seán Ó hEochaidh a thug an t-úghdar dom).

Nóta  le hathscríobh an cheoil:

Rinne Ennis nóta ar an athscríobh gur luas ‘mall, rialta’ a bhí leis agus thug sé faoi ndeara freisin go mbaintear  ‘síneadh beag’ as an dara nóta sa dara barra.

Coinleach glas an fhómhair, song / Maighread Ní Dhomhnaill, singing in Irish ; Tríona Ní Dhomhnaill, piano

Coinleach glas an fhómhair, song, i lámh Séamus Mac Aonghusa, CBÉ 1282:245-246

Ceól as Gaoith Dóbhair (Márta 1944)

(Dóbhar Láir)

Coimisiún Béaloideasa Éireann
Conntae: Tír Chonaill   Barúntacht:
Paróiste: Gaoith Dóbhair
Ainm an Sgríobhnóra: Séamus Mac Aonghusa, Fionnglas, Co. Bhaile Átha Cliath
Do sgríobhas síos :na h-amhráin so Mí Mhárta 1943
Ó bhéal-aithris Shíghle (Mhicí) Ní Ghallchobhair
Aos:  82.   Gairm-bheatha: Bean tighe atá in a chomhnuí
I mbaile fearainn: Dóbhar Láir, Tír Chonaill
Agus a saoluíodh agus a tógadh i: Machaire Ghlaisce, Gaoith Dóbhair
Do chuala (sí) na h-amhráin seo 60-80 blian ó shin ó n-a hathair
(Aos an uair sin….) a bhí in a chomhnuí an uair sin
I Machaire Ghlaisce.

Ní amhránaidhe fíor n-a cuid nótaí anois í – níl a ceól cruínn anois.

 

Coinnleach Glas an Fhoghmhair

“Fear a bhí ar Chonnlaigh Ghlais an Fhóghmhair, agus chonnaic sé an ghiorrsach seo”

 

Ar Chonnlaigh Ghlais an Fhóghmhair mo stóirín tráth dhearc mé uaim

Ba dheas do chosa ‘mbróga is ba ró-dheas do leagan súl

Do ghruaidhe ‘s deise ná rósa ‘s do chuirlín ‘bhí tana dlúth

‘Sé mo nua gan muid ár bpósú ar bórd luinge ‘triall ‘un siúil.

 

Tá buachaillí na h-áite ag athra’ ‘gus ag írí teann

Is tá lucht na gcocaí árda ‘déanú fáruis le mo chailín donn

Gluaisí (muid thar sáile) Rí na Spáinne* Féil’ Pádruic nó fá Shamhain úr

‘S go gcruachfainn** féar agus fásach agus bheinn ar láimh le mo chailín donn.

 

Gura slán do’n bhliain anuraidh, ní raibh tuirs’ orainn ‘na dhéidh, ná cumhaidh

Níor órduigh Rí ná duine fidil a bh’againn ná cláirseach ciúin

Bhí cuachaín as Béal Muilinn ann, agus cuach bheag eil’ as Conndae’n Dúin

‘Sí ‘n ainnir a thug buaidh uilig orthú a’ bhean dú’ bhain dú mo chiall

 

* Dubhairt Sighle an dá rud.

** (?) “cruaithinn” a dubhairt sí.

 

Nóta  le hathscríobh an cheoil:

Scríobh Ennis ar nodaireacht an cheoil (go sínte, binn) agus sa Laidin ‘Con anima’ [go croíúil]. Mhínigh sé an dá réiltín : ‘sleamhnú ó C go F ins gach cás.

Ag deireadh nodaireacht an cheoil don amhrán seo scríobh sé [deire leis na sé chínn ar bhreacas a gceolta ó Chití Ní Ghallchobhair (21).]

Goidé sin don té sin, song / Maighread Ní Dhomhnaill, singing in Irish

Goidé sin don té sin, song, handwritten by Séamus Ennis, CBÉ 1282:293

Ennis wrote the words  ‘Lighthearted, regular’, above the music transcription.

Ó Shíghle (Mhicí) Ní Ghallchobhair (82), Dobhar Láir, Tír Chonaill

(Féach: Tír Chonaill III Márta 1944)

 

Goidé sin do’n t-é sin

‘GCluin tú mé, ‘Chathaoir, is druid(e) ‘ mo-chómhair

Go dtúra mé teagasc duit leigin do’n ól

B’fheárr duit bean agat is sealbhán bó

Ná bheith cruinniú do leithphighinn ‘s do hata ‘n do dhórn.

 

Grá folaigh ní thug mé do’n aon mhraoi riaú

Nó dá dtórfainn mheallfainn a croí i n-a cliabh

Maoin eallaigh níor chuir mé ariaú ann spéis

Is mrá deasa go leanthú ar aonach mé.

 

Dá marbhainn a’ réabach ‘s dá n-ithfinn an fheoil

Dá ndíolfainn a craiceann ‘s a luach uilig ól

Dá gcaithfinn mo bhríste ‘sa teinidh ‘s é dhóghadh

Goidé sin do’n t-é sin nach mbainfidh sé dhó.

 

Tá céad fear in Éirinn ná’r ól ariaú deóir

Cruinniú na ndéirce ‘s a mhála ar a thóin

Goidé sin do’n té sin nach mbainfit sé dó.

 

(Ó shean-fhear a raibh Éamonn air a d’fhoghluim Síghle é – tá seisean curtha le trí scór blian. Comharsa do Shíghle i Machaire Ghlaisce é.)

Scríobh Ennis ‘go héadrom, rialta’ os cionn athscríobh an cheoil.

Untitled [related to Rory O'Moore], jig / Johnny Óg Connolly, melodeon

Dulamán na binne buí, song / Brian Ó Domhnaill, singing in Irish

Dúlamán na binne buí, song, handwritten by Séamus Ennis, CBÉ 1282:32

Dúlamán na Binne Buí                  ó Dinny Ó Baoill ó n-a mháthair

 

Dúlamán na Binne Buí, Dúlamán Gaedhlach

Dúlamán na Binne Buí, a b’fhearr a bhí in Éirinn.

 

1.Bhí Boinnéid agus triúbhas ar a’ dúlamán Gaedhlach

Bhí fionn(?) ar a shúil agus driúcht ar a fhéasóig

Dúlamán 7rl

 

2.Chuir sé scéala chugam go ndéanfait sé teach mór dú

Chuir mé scéala chuige go ndéanfú bothóg fhód mé

Dúlamán 7rl

 

3.Chuir sé scéala chugam go ndéanfait sé leabaí árd dú

Chuir mé scéala chuige go luighfinn ar na cláraí

Dúlamán 7rl

 

4. Chuir sé scéala chugam go gceannohait sé bó dú

Chuir mé scéala chuige na’ mblighfinn í go deó do

Dúlamán 7rl

 

5. Chuir sé scéala chugam go gceannohait sé bea’ach dú

Chuir mé scéala chuige nach suidhfinn é go bráthach do

Dúlamán 7rl

 

6. Chuir sé scéala chugam go gceannohait sé caora dú

Chuir mé scéala chuige nach lomfainn é a choidhche

Dúlamán 7rl

 

7. Chuir sé scéala chugam go gceannohait sé ciar dú

Chuir mé scéala chuige go ra’ mo chionn cíortha

Dúlamán 7rl

 

8. Chuir sé scéala chugam go ró blagaid ar mo dheárthar

Chuir mé scéala chuige go ró cionn deas bán air.

Dúlamán 7rl

 

Nóta  le hathscríobh an cheoil:

Le hathscríobh an cheoil scríobh Ennis: ‘Ar luas ríl’ agus an focal ‘Curfá’ os cionn an cheoil aige. I lár an cheoil, scríobh sé an focal ‘Bhéarsa’ agus ag deireadh an cheoil scríobh sé ‘Curfá aríst’.

Óró londubh buí, song / Brian Ó Domhnaill, singing in Irish

Óró londubh buí, song, handwritten by Séamus Ennis, CBÉ 1282: 20-23

Ennis wrote ‘easily’ in Irish, above the music notation. 

Bhí mé lá breá ‘guil a’ bóthar

‘S óró londú buí

Casú an gruagach uasal óg daoím

‘S óró grá mo chroí

D’fhiafra sé dú-sa an nighean dú an óg-mhraoi

‘S óró londú buí

D’fhriogair mé fhaon gurbh’ í mo bhean phóst’ í

‘S óró grá mo chroí

An dtórthá a h-iasacht uair nó ló daoím

‘S óró londú buí

Ní dhéantha me sin ach dheantha mé an chóir leat

‘S óró grá mo chroí

 

Gó thusa an miollach ‘s racha’ mise an bóthar,

‘S óró londú buí

‘S cebétha a leanthaí sí, bit sí go deó aige,

‘S óró grá mo chroí.

 

Chua seisean an miollach ‘s chua mise an bóthar,

‘S óró londú buí

‘S lean sí an gruagach ó’s aige bhí’n óige,

‘S óró grá mo chroí

 

D’fhan sí ar shiúl ar fiodh trí ráithe

‘S óró londú buí,

‘S phill sí abhaile ‘rís, mallaí gan náire,

‘S óró grá mo chroí.

 

D’fhiafraigh sí daoim caidé mar bhí’n tsláinte

‘S óró londú buí,

Mar is maith le mo charaid ‘s mar ‘s olc le mo námhaid,

‘S óró grá mo chroí.

 

Caidé dheantha-sa dá bhfuínn-se bás uait,

‘S óró londú buí,

Chuirfinn i gconaér bhreá chúig clár thú

‘S óró grá mo chroí.

 

Nuair a chuala mé fhaon na briathra breághtha,

‘S óró londú buí,

Luigh mé siar agus fuair mé’n bás sin,

‘S óró grá mo chroí.

 

Chuir sí beirt ‘n-a coilliú fá dhéin an ádhmaid,

‘S óró londú buí,

Dhá mhaide cuilinn is trí mhaide feárna,

‘S óró grá mo chroí.

 

Chuir sí beirt ‘n-a chéardcha fá dhéin na dtáirní,

‘S óró londú buí,

Táirní móra, reawara, láidre,

‘S óró grá mo chroí.

 

Cuiriú isteach i gconmhnaeir cláir mé,

‘S óró londú buí,

‘S a gceithre slata de’n tsaic ba bhreáice

‘S óró grá mo chroí.

 

Tóigí suas ar ghuailleacha ard’ é,

‘S óró londú buí,

Is caithí sa díg i ndeise go’n tsráid é,

‘S óró grá mo chroí.

 

Ó fan, fan, agus leigigí síos mé

‘S óró londú buí

Go n-innsí mé scéal beag eil’ ar na mná daoibh

‘S óró grá mo chroí

 

Scéal beag indiu agus scéal beag amáireach,

‘S óró londú buí,

Agus scéal beag eil’ achan lá go cionn ráithe,

‘S óró grá mo chroí.

 

Ach go b’é gur bean a bhí’n mo mháthair

‘S óró londú buí,

D’innseohainn scéal beag eile ar na mhrá daoibh

‘S óró 7rl

 

(Ó Mhaighréad, Bean Uí Ghuibhir, 30 bl. ó shin (bhí sí c. 60 bl. san am) Ga’ Dobhair, a fuair Dinny é.

Scríobh Ennis ‘Go réidh’ os cionn nodaireacht an cheoil.

Óró Londúbh Buí (Óró, Yellow Blackbird)

Ennis wrote that this version from Dinny is the Gaoth Dobhair version of the song. He got it from Mairéad, Bean Uí Ghuibhir, 30 years ago [c. 1914], (she was around 60 at the time), Gaoth Dobhair.

A man and his wife are returning from a wake when they meet a young man who asks the man for his wife. She accompanies the young man who is uncouth. After three seasons she returns home.

[See also Cuach Mo Londubh Buí]

[See NFC 1282: 20-23]

Note to music transcription:

Ennis wrote ‘easily’ in Irish, above the music notation.

An mhaighdean mhara, song / Maighread Ní Dhomhnaill, singing in Irish ; Tríona Ní Dhomhnaill, keyboard

An Mhaighdin Mhara

Is cosamhail gur mheáth tú nó gur thréig tú ‘n greann
Tá sneachta go frasach fá bhéal an ádha (átha?)
Do chúl buidhe daithtí is do bhéilín sámh
Siod chugaibh Máirí Shínidh ‘s í ‘ndéidh an Éirne shnámh (shnáou)

“A Mháithrín mhils,” duairt Máire Bhán
“Fá bhruach an chladaigh is fá bhéal na trágha
Maighdean Mhara mo mháithrín árd
Siod chugaibh Méiri Shínidh ‘s í ‘ndéidh an Éirne shnou.”

“Tá mise tuirseach agus beidh go lá
Mo Mháire Bhruinnthil is mo Phádraic Bán
Ar bhárr na dtonnaí ‘s fá bhéal na h-ádha  (?)(sic)
Siod chugaibh Máirí Theinidh ‘s í ‘ndéidh an Éirne shnou.”

Dó dú ó deighdil ó, song / Bríd Ní Mhaoilchiaráin, singing in Irish

Dó dú ó deighdil ó, song, handwritten by Séamus Ennis, CBÉ 1280: 220-221

Dó Dú ó Deighdil ó (ceolta 10 agus 11)

 

Dó Dú ó Daighdle ó

(Doe, doo o didle ó)

 

Doe, doo ó didle um

‘S grá mo chroí do chos

Doe-ín doo ó didle um

‘Sí dhaimhseóchadh ‘chuile phort

Is didle o doo o didle um.

 

Nach neantóg is bláth buaidhe,

Tá ‘fás ar áit mo thighe

 

‘Sníl seanbhean ná bean óg,

‘Sa mbealach ar mo stór.

 

Nárb’a fada’ch go mba geárr,

Go bhfágha máthair mo ghrá bás.

 

Is grá mo chroidhe do láimh

‘Sí chuirfeadh a’ seól i gcránn.

 

Nach iomú cor is cleas

In do chroí nach bhfuair mé ‘mach.

 

‘Snach gaoith andeas is cóir

‘Tá ‘bhaile lé mo stór.

 

Grá mo chroidhe-se’n t-é,

Nach bhfaca mé ‘ndiu ná ‘nné.

 

‘Snach iomú caora’s molt

Ag mo stór i mbun a’ chroc [chnoc].

 

‘S tá mo ghrá chómh deas

‘Snach bhféadaim éighrighe as

(ó Mháire ‘s ó Mheaigí ‘s ó Sheáinín Choilmín)

 

‘S tá mo stór chomh cóir

Le gloine ‘dteach an óil.

 

‘S duairt mo stór liom péin,

Gan géilleadh go lucht bréag.

 

‘Stá mo chroí cho’ trúm,

Le cloch a caifí ‘dtúnn.


Nóta  le hathscríobh an cheoil:

Scríobh Ennis ar an athscríobh gur dhúirt Máire go brónach é agus scríobh sé ‘go réidh’ leis an gceol. Scríobh sé freisin ‘mar seo a deirtear: ‘’Doe do zo didle ó’.

Seán sa cheo, reel / Paddy Glackin, fiddle ; Dermot McLaughlin, fiddle