Rugadh agus tógadh Éamon Ó Donnchadha sa gCloigín Gorm i mBaile Átha Cliath. Ba as Plás Mhaoilbhríde i lár chathair Bhaile Átha Cliath dá mháthair agus ba gabha ceartan a bhí ina hathair siúd. Ba as Tuaim Uí Mheára i dTiobraid Árann d’athair Éamoin agus tháinig sé go Baile Átha Cliath ag obair sa státseirbhís. Phós siad agus thóg a seachtar clainne le Gaeilge. Chuir Éamon suim sa gceol agus san amhránaíocht nuair a d’fhreastail sé ar Choláiste Phádraig i nDroim Chonrach agus ba mhinic é i mbun ceoil lena chairde, Ger Galvin agus Fearghas Mac Lochlainn. Mhéadaigh ar an suim seo nuair a chuaigh sé siar go Leitir Móir agus go dtí an Trá Bháin i gConamara. Chuala sé Mairín Uí Chéidigh, a huncail, Coilimín an tSeoighigh agus amhránaithe eile as Conamara ag casadh na n-amhrán. Bhí Éamon faoi gheasa ag draíocht na filíochta, ag ceol na teanga agus ag ealaín na hamhránaíochta ar an sean nós. Tá Corn Uí Riada gnóthaithe trí huaire ag Éamon agus an-tóir aige ar amhráin Raiftearaí.
Is minic Éamon páirteach i gcomórtais an Oireachtais lena sheanchara Fearghas Mac Lochlainn, a chum iliomad lúibín, amhrán saothair agus agallamh beirte.
Phós Éamon Mairéad Ní Cheallaigh. Is iníon í Mairéad le Peige an tSeoighigh as An Sconsa agus le Pádraic Ó Ceallaigh as An Máimín agus cáil agus tradisiún na n-amhrán ar an dá thaobh aici. Tá Éamon agus Mairéad ina gcónaí i nGaeltacht Ráth Chairn. Chaith Éamon fiche bliain ag múineadh i mbunscoil Ráth Chairn. Tá clann ceolmhar tógtha acu féin agus an traidisiún á sheoladh ar aghaidh chuig glúin eile fós.