Scríobh Ennis go raibh sagart, Affey Gibbons, ar a theitheadh aimsir na bhFíníní. Bhíothas sa tóir air agus d’iarr sé leaba na hoíche i dteach in Iorras Mór. Tugadh sin dó agus thóg sé dhá phiostal amach as a mhála. Bhí muintir an tí in amhras faoi ansin agus chuireadar tuairisc chuig na póilíní. Mholadarsan na piostail a thógáil uaidh. Bhíodar in ann sin a dhéanamh mar go raibh an sagart traochta agus ina chodladh sámh. Gabhadh an sagart agus crochadh é. Ba é a dheartháir a rinne an t-amhrán i gcuimhne air.
Cuireann an t-amhrán an brón in iúl faoin bhfeall agus faoi bhás an tsagairt agus freisin nach raibh muintir ná cairde Affey i láthair lena chaoineadh nuair a cuireadh a chorp os cionn cláir. Bheidís ar fad tagtha le chéile lena aghaidh. Tá an dúlra brónach i mbás an tsagairt. Tá an londubh, an chuach agus an smólach ina dtost, Tá na faoileáin ag caoineadh agus níl na healaí ar Loch Éirne in ann snámh. Ní thagann torthaí ar chrainnte agus níl aon ghrian ann.
Bhailigh Séamus Ennis an t-amhrán ó Sheán Ó Gaora faoi dhó. Scríobh an bailitheoir (l.596) go raibh cuid den amhrán bailithe roimhe sin aige uaidh. Fuair Seán véarsaí breise ansin ó Mhaidhcil Foley (33), Aill na Brón. Bhí cuid de faighte ag Maidhcil ó Éamonn de Búrca agus cuid eile ó Shéamus Cheannabháin, Cora na gCapall.
Affey Gibbons*
Sagart a bhí ann agus ‘g imtheacht ar a’ theicheadh aimsir na bhFenians fadó. Casú isteach annsin go h-Iorrus Mhór é ar a theicheadh (ar a’ run) is tháinic sé ‘dteach agus bhí’n oiread seo ar a chloigeann fógraí ‘ ao’ine dhéanfadh scéal air. D’iarr sé ar a’ teach seo a’ leicidís a’ chodla tamall go’n oidhche é agus dubhairt siad go leiceadh. Thug sé siar a’ suit-case a bhí aige go’n tseomra agus thóig sé dhá phiostal amach as agus leag sé ar cholbha na leap’ iad. Bhí muínntir a’ tighe a’ breathnú air dhá dhéana’ agus dhiún blas gur chuímhreadar go mb’fhéidir gurb’ é bhí ánn. Chuadar go dtí na gárdaí ‘gus reportáladar é agus d’iarrtha na gárdaí cé’n bealach a bhí leis agus dubhradar leó gur ra’ dhá phiostal aige agus gur thóig sé as suit-case iad is gur leag sé ar cholbha na leap’ iad. “Bhuel téigí lib anois” adeir na gardaí, a deir siad “agus tóigí na piostail uaidh agus caithigí síos i mbuicéad uisc’ iad.”
Ár ndó bhí codla na seachtmhaine ar a’ gcréatúir is níor airi’ sé iad. Nuair a bhí sin déanta acub tháinic na gárdaí taoíú ‘muigh is nuair a d’airi’ sé iad chua’ sé ‘tóraidheacht na bpiostal’ ‘sní r’aon phiostal aige. Tóigiú é ‘s crochú é, is rinne ‘dhriotháir órán annsin dó.
“Phlúir ‘sa scoth na Féinne ‘gus úghdair cheart an Bhéarla
A Bhuinneáin Bháin gan aon locht ó’n bpréamh go dtige’n bárr
Nach b’é mo léan mar d’éag tú, thiar i n-íochtar Éire
Gan aon neach go do ghaolta lé thú bhréagú as cíonn chláir.
Sean-fhocal ‘s ní bréag é, seachain is ná taoíbha’
An coithidheachaí má fhéadann tú agus béidh tú níos feárr
Ach mo chreach agus mo léan géar, ‘sé Affey fuair lé léiú é
Mar is fada siar i n-Éirinn dearnú éagcóir air is feáll.
Tá’n smóilín mhilis bhréagach ‘sna faoi(igh)leáin gheala ‘géar-ghol
Tá’n eala’r bhruach Loch’ Éirne ‘sní féidir léithe snámh
Ach faoi dhuibhthean is faoi Éicliops tá’n ghealach is na réalta
Le cumha ‘ndia’ chroidhe na féile thug a’ sway leis as gach ceárd.
Níl torthaí ar bharra géaga ‘sníl meas a’ góil i n-éifeacht
Níl soillse ‘bith ar a’ ngréin, ‘s tá’n féar glas ó fhás.
Ó Sheán Geary
Aill na Brón
Cearthú eile de “Affey Gibbons” (ó Sheán Geary, Áill na Brón). (616)
Nach minic a chuala ‘ch aoin fhear gur mairig é fhéin a thréig(c)feadh
A Chúige féin ghá bhféadadh sé ‘s bheith ‘n -éanraic go brách
Nach deas a’ fortún a gheáll Mac Dé dhó a shocraíde leath ar Éirinn,
Na dártha beannacht Dé leis ‘s go dtéi sé ar staid na nGrást.
(sine an cearthú deirionnach atá ann).
Affey Gibbons ó Sheán Geary
‘gCill Eala buailiú an dé-smál na Frannca’ theacht go h-Éirinn
Muid a’ scarúint ó n-a chéile mo chreach agus mo chrá
Ó d’imi’ croí na Féinne go flaithis geal na ndéadara(?)
Tá daoiní uaisle ‘géar-ghol, gun léigheann a bheith ‘g a gclánn.
A phlúir ‘sa Scoith na Féinne ‘gus ‘úghdair cheart an Bhéarla
A bhuinneáin bháin gan aon locht ó’n bpréamh go dtige ‘n bárr
Nach b’é mo léan mar d’éag tú, thiar in íochtar Éireann
‘Sgun aon neach go do ghaolta lé thú bhréagú as cíonn cláir.
Nach iomú marcach spéiriúil is cúlógach** glan gléasta
Rachadh (ó) goit’ fhéachaint ‘s thú géanacan*** a’ bháis
Níl clúid ná ceárd in Éirinn ‘dtiocfadh ort cath ná géibhionn
Nach bhfuightheá buachaill spéiriúil a d‘eireóch in do pháirt.
(596)
Sean-fhocal ‘s ní bréag é, seachain is ná taoíobha’
‘n coithíoch choí’ má fhéadann tú ‘gus beigh tú níos feárr
Ach mo chreach agus mo léan géar ‘sé Affey fuair lé léiú é
Mar’s fada siar in Éirinn deárnú éagcóir air is feáll.
Níor bhinne leat ceól na n-éanla’ faoi chiúis na coile craovaí’
Tá’n londú ‘n chuach ‘sa’ chéirseach gun aon smid amháin
Tá’n smóilín mhilis bhréagach, tá na faoighleáin gheala ‘géar-ghol
Tá’n eala ‘r bhruach Loch’ Éirne ‘s dhiún ar féidir léithe snáú.
Níl torthaí ar bharra géaga ‘s níl meas a’ góil in-éifeacht
Níl soighillse ‘bith ar a’ ngréin ghil ‘s tá’n féar glas ó fhás
Ach faoi dhiofan**** is faoi éiclips tá’n ghealach ánn ‘s na réalta
Le cú ‘ndía’ croí na Féinne thug a’ “sway” leis as gach ceárd.
Scríobhas cuid dhe seo cheana ó Sheán ach fúair sé an méid eile ó chonnaic mé cheana é, ó Mhaidhcil Foley (33) Aill na Brón a fuair cuid ó Éamonn a’Búrc agus cuid eile ó Shéamus Cheannabháin, seanachaí nach maireann, Cora na gCapall.
* ainm an tSagairt
** Duine thiúrfá taoí thiar díot ar chapall
*** Saothrú, fáilt, bháis.
**** duibhthean