Scríobh Ennis go raibh beirt fhear, fear de mhuintir Mhic Dhonncha agus fear de mhuintir de Búrca as taobh thoir de Ghaillimh ag faire ar bhean de mhuintir Mháille. D’eitigh sí an Búrcach le dhul a damhsa i dteach an cheoil ach chuaigh sí ansin ag damhsa leis an bhfear de mhuintir Mhic Dhonncha. Ghlaoigh an Búrcach ansin droch-ainm uirthi agus bhreith Mac Dhonncha ar bharra iarainn agus mharaigh sé an Búrcach leis. Chaith sé lá is bliain ansin ar a theitheadh ag obair i Leitreach Ard. Nuair a bhí lá is bliain thuas aige d’éirigh leis an bhfear a raibh sé ag obair dhó é a shaoradh thrí sheisiún cúirte. D’imigh sé abhaile ansin agus chuaigh sé go Dubh Leitir ar a bhealach abhaile dhó agus chaith sé seachtain ag ól poitín ansin agus d’fhága sé an ‘Cóta Mór Stróicthe’ déanta ansin ag imeacht dhó. Nuair a chuaigh sé abhaile bhí an bhean ar tí pósadh agus nuair a chuala sí go raibh Mac Donnacha tagtha thréig sí an fear eile agus chuaigh sí leis féin.
Bhí an t-amhrán thart ar céad bliana d’aois sna 1940í a shíl Seáinín Choilmín Mac Donncha. San amhrán, tá an fear ag smaoineamh siar ar laethanta a bhí ní ba shona. Tá a mháthair croíbhriste ós rud é go bhfuil a fear céile marbh agus a mac ag imeacht ar fud na tíre. Deir sé nach ndéanfaidh sé cumann le bean ar bith eile feasta mar go bhfaca sé fear eile ag pógadh a stóir. I mbéal Mhic Dhonncha atá an t-amhrán agus é ag imeacht leis agus droch-chaoi air. Tá sé tinn, tuirseach ón síorshiúl.
An Cóta Mór Stróicthe
Seán ‘ac Dhonnacha as Loch Mór (taobh thoir de Ghailli’) a bhí ar a’ bhfear agus Búrcach a bhí ar a’ bhfear eile (as an áit céanna) agus de Mháilleach an bhean a ra’n bheirt ag faire uirthe. D’iarr an Búrcach an bhean a’damsa i dteach an cheóil. D’eitigh sí annsin an Búrcach. D’iarr Mac Dhonncha ‘nnsin í agus chua’ sí a damsa leis. Ghlaoidh an Búrcach annsin droch-ainim ar an bhean óg agus ní rinne Mac Dhonnacha annsin ach breith ar an iarann ar an mbeaic agus an Búrcach a mharbhú leis an iarann. Rith sé annsin agus lean na gardaí é. Chaith sé lá is bliain ansin i Leitreach Árd. Bhí sé ina bhuachaill ag Seán ‘ac Dhonncha eile annsin ar feadh bliana. Fuair Seán ‘ac Dhonncha as Leitreach Ard, fuair sé freeáilte ansin ón seisiún é nuair a bhí lá ‘s bliain thuas aige. D’imigh sé ‘bhaile ansin agus chua’ sé go Dúbh-Leitir ar a bhealach abhaile dhó agus chaith sé seachtmhain ag ól poitín annsin agus d’fhága sé ‘n ‘Cóta Mór Stróicthí’ déanta ansin ag imtheacht dhó. Nuair chua sé abhaile bhí an bhean a’ guil a’ pósadh agus nuair a chuala sí go rá’ sé ‘stigh thréig sí an fear eile agus chua sí leis féin.
Céad anois atá sé díreach ó rinniú an t-amhrán. Bhí an scéal agus an t-amhrán ag m’athair, beannacht Dé le n’anam.
Tá mo chóta mór stróicthí ó Dhónach ‘s é ‘sileadh liom síos,
An t-é chuirfeadh cóir air, mo bhrón, tá sé ‘ bhfad as mo línn,
Tá táilliúir glan cóir ‘san Áird Mhór mar tá Tomáisín Bán*
Agus cuirfe sé green velveteen air is beilt faoina lár.
Ghluais mé thar sáile le Máilligh ar uair a’ mheán-oidch’
Bhuail mé faoi Bhúrcaigh, dream diúltuíú as flaithis na naoíú,
D’fhág siad le fán mé ‘cuir fáirnéis cá gcodlochainn ‘san oidch’,
Thóig siad ‘mo cheó mé ‘stá tóir orm amach faoi Thráighlí.
Tá m’ioscaidí liúnta ó shíor-shiubhal na móinte seo siar,
Tá mo loirigní gearrtha’s níl áit a’am a leigfinn mo scíth,
Tá mé ‘bhfad ó mo mháthair ‘s níl áit a’am a leigfead mo scíth,
Tá súil le Rí na nGrást’ a’am nach mbeidh fan orm ach tamall ‘s cén bhrígh.
‘S tá céad fear a shíleanns má shaothruíonn sé gine nó dhó,
Nach mbainfe sé píghinn as sin choídhch’ nó go gceannuíghidh sé bó,
Ó’s mise nár chuímhr’ ar a’ gcríonnacht, ‘s nár chaith mé go leór,
Ní cuirfear mé choídhch’ gan bráithlín agus connra faoi’n bhfód.
Céad slán duit a Loch Mór, ‘sé mo bhrón gan mé ‘nocht lé do thaoíú
Is iomú sin bóthar fad’ uaigneach ‘ guil eidir mé’s í
‘S ann a bhíodh ceól a’ainn gach Dónach is gaisce ‘na suibhe,
‘S bhí ‘n jug ar a’mbórd ánn ‘s mo stór go fial fairsing á roínnt.
Tá mo mháithrín tinn tréith-lag, ‘s í go h-aonraic ar chaltha na mbád,
A’ gol ‘s a’ caoíneadh chuil’ oidche ‘s ag éirighe dho’n lá,
Tá ‘comrádaidhe sínte ‘gCill Bhríghde agus leac ar a cheánn,
‘S tá ‘mac ‘fud na tíortha ‘na cheánn siamsa ‘s na raluidhe le mrá.
Fad ‘s bhéas mé beó ‘n-Éirinn, ní thréigfe mé imirt ná ól,
Fad ‘s bhéas mé beó ‘n-Éirinn, ní thréigfe mé cualódar óg,
Dhiún fear a phógfadh mo stór ‘s mé bheith ar a shuídhe,
Nach mbainfinn de’n tsrón, nó ba láidir a charaid ‘sa tslighe.
Dar mo mhilleadh ‘s dar mo bhuaile(?)’s dar mo mhóide ní shuidhfe mé síos,
I gcualódar ban óg, go deó deó ní ghotha mé ‘ríst,
Chonnaic mé mo stór ‘sí dhá pógadh ag fear chois a’ tighe,
Thuit a’ sruth deór liom agus hobair go mbrisfeadh mo chroí.
Nóta le hathscríobh an cheoil:
Scríobh Ennis ‘Go réidh’ le nodaireacht an cheoil.