Bríd Ní Mhaoilchiaráin, ag casadh 2 amhrán bailithe ag Séamus Mac Aonghusa i gConamara ó Mháire Nic Dhonncha agus ó Mheaigí Nic Dhonncha
Fínis. Fuair sí bás in 1975 agus í 61. Phós sí Jim Ó Ceoinín, agus rugadh mac amháin dóibh. Scríobh Ennis ina dhialann oifige an 11.04.45 go raibh Bríd agus Meaigí Nic Dhonncha as Fínis tagtha ar cuairt an tráthnóna sin. Scríobh sé gur chaith sé tamall ag caint leo agus tamall ag seinm taifeadtaí dóibh. Bhaineadar an-sásamh as seo. (Féach CBÉ 1296: 342). Scríobh Ennis ina dhialann oifige don 23 Eanáir 1946 gur tháinig Mairéad Nic Dhonncha ar cuairt an tráthnóna sin agus go ndearna sé socruithe léi faoi na hamhráin a bhí sí le casadh ar an gclár raidió ar iarradh ar Ennis é a ullmhú (Féach CBÉ 1297: 250). Dúirt Meaigí agus fonnadóirí eile amhráin mar chuid de shraith clár raidió faoin gceol traidisiúnta a chuir Seán Ó Súilleabháin agus Séamus Ennis i láthair. Bhí Meaigí páirteach sa tríú clár a craoladh ar Raidió Éireann an 26ú Feabhra 1946.
Scríobh sí an cuntas seo a leanas: ‘ Nuair a bhí mise ag teacht suas ar an oileán beag sin thiar i gConamara ní raibh aon chaint ar chéilí ach píosa den oíche a chaitheamh le ceol le cairdín nó feadóg i dteach den bhaile san oíche Dé Domhnaigh. Bhíodh sean agus óg ann agus ní raibh duine amháin sa chruinniú nach raibh in ann amhrán a chasadh nó port a dhamhsa. Go minic, nuair nach mbíodh fear an cheoil sa láthair, bhídís ag damhsa le port béil agus ní bheifeá tuirseach go deo ag éisteacht leothub. Is é an obair is mó a bhí acub sa ngeimhreadh ag déanamh cléibh agus ciseogaí le haghaidh nuair a thiocfadh séasúr iascach. Nuair a bhíodh trá rabharta mhóir ann, bhídís a baint scadáin gainimh ina iasc úr oícheanta gealaigh. Sin port a raibh cáil mhór air, ‘An Rógaire Dubh’. Sa samhradh théidís amach ins na báid mhóra ag iascach ar feadh na seachtaine agus thagaidís abhaile tráthnóna Dé Satharn. Théidís amach aríst tráthnóna Dé Domhnaigh dá mbeadh an aimsir seasmhach ach mura mbeadh, d’fhanaidís go maidin Dé Luain. Corrgheimhreadh thagadh píobaire thart a dtugaidís ‘Creachmhaoil’ air agus d’fhanadh sé san oileán ar feadh ráithe an gheimhridh. Duine ar bith a mbeadh pingine aige, tugtaí don phíobaire é. … Ní dheachaigh mo dheaide, go ndéana Dia grásta air, a chodladh ariamh gan amhrán a rá’
Fínis, Carna (1896–1978). Níor phós Máire agus tá sí curtha i reilig Mhaírois. Scríobh sí chuig Séamus Ennis an 14ú Márta 1945 ag iarraidh cóip eile de ‘An Mharthain Phádraig’ agus trumpa béil a cheannaigh sé di. (Féach CBÉ 1296: 322, 334). Thugadh Ennis cuairt ar oileán Fhínse go minic agus bhí sé an-mhór le muintir Sheáinín Choilmín. Bhíodar lán spraoi, amhrán agus seanchais. Scríobh Ennis faoina chuairt an 7 Nollaig, 1943 nuair a rinne Máire fáistine: ‘Tá siad chomh haerach is bhí siad riamh – chaith Máire cártaí agus cupáin dhom féin is do Phádraig Ó hiarnáin a bhí liom. (Dúirt sí go leor den fhírinne liom féin agus le Pádraig.) Uair amháin, cé gur dhúirt Máire nach raibh fonn uirthi amhrán a chasadh ar an 10 Bealtaine 1945, d’fhéadfadh athrú a theacht air sin.. Dúirt Máire: ‘Dá dtabharfá céad punt dom ní dhéarfainn aon amhrán inniu, tá oiread sin cantail orm – tá mé chomh cantalach le dris,’ agus scríobh sé ‘agus bheadh sí ag gabháil fhoinn i gcionn dhá nóiméad gan iarraidh.’ Agus tréimhse caite thiar aige chuaigh sé ar cuairt chucu ar an 25 Meitheamh 1946 le slán a fhágáil acu. Faoi mar a scríobh sé: ‘Bhí an-fháilte acu romham agus, ar ndóigh, bhí cúpla amhrán againn agus cuireadh síos an tae – léigh Máire mo chupán dom.’