Caitríona Ní Cheannabháin, ag casadh 2 amhrán a bhailigh Séamus Mac Aonghusa i gConamara ó Sheáinín Choilmín Mac Donncha agus Vail Bheairtle Ó Donncha
Fínis, Carna (1869–1954). Bhí a athair pósta le Bairbre Ní Iarnáin. Dúirt Seáinín go raibh a mhuintir le ceithre chéad bliain sa tír agus gur tháinig siad as Gleann in Iar-Chonnachta. Bhí spéis aige in amhráin, scéalta, damhsa agus i gcuideachta. Théadh sé ag ceol go Roisín na Mainiach, Maínis agus Glinsce. Bhíodh píobairí agus veidhleadóirí go han-mhinic ann ach tháinig deireadh leis seo thart ar 1890. Thóg sé na hamhráin óna athair agus ó fhear darbh ainm ‘Tone an Aircín’, ar dearnadh amhrán faoi. Bhí Seáinín 25 nuair a phós sé. Bhíodh sé ag seoltóireacht. Bhíodh púcán aige ag iascach le druifí is potaí is eangacha. Nuair a casadh Ennis air, bhí sé gaibhte ar na curachaí. Faoi mar a dúirt Seáinín féin: ‘Chaith muid in airde na púcáin.’ (Féach CBÉ 1280:297-299). Phós sé Máire Ní Chonaola agus bhí naonúr clainne acu. Fuair Máire bás in 1945.
Sa dialann, ba mhinic Ennis ag tagairt do chuairt go Fínis agus chuig Seáinín Choilmín agus a mhuintir. Thug Seáínín Choilmín cuairt ar Ennis ina theach lóistín ar an mórthír freisin. Faoi mar a scríobh an bailitheoir sa dialann an 29 Iúil 1944: ‘Seáinín [Choilmín Mac Donncha] agam ar maidin as Fínis ar a bhealach ar an bportach. Scríobhas tuairisc ar ‘Eileanóir na Ruan’ uaidh agus cuntas beag ar a bheatha. Chuireas in aithne don Ediphone agus do na píobaí é agus thaitin an mhaidin go mór leis.’
Cora na gCapall, Cill Chiaráin (1898–1981). Deartháir do Mhaidhcil agus Winnie é. Ba í Bríd Thomáis Phádraig (née Ní Cheannabháin) a mháthair. Óna athair, a mháthair agus ó sheandaoine thart a fuair sé na hamhráin. Chaith sé tamall ag obair ar phortaigh Chill Dara mar chuid de scéim a bhí á rith ag an Bord Forbartha Móna. Ghnóthaigh sé bonn óir i gcomórtas amhránaíochta an Oireachtais in 1951. Chum sé ‘Seoighigh Inis Bearachain’. Thug iníon dá dheirfiúr, Bríd, aire do Vail nuair a chlis ar a shláinte. Tá Vail curtha i reilig Chill Chiaráin.
Is iomaí cuairt a thug Séamus Ennis ar Chora na gCapall idir 1942 agus 1946 agus bhí an-chion aige ar Vail agus ar Mhaidhcil. Don chuairt dheireanach a luaigh sé sa dialann scríobh sé ar an 17 Iúil 1946: ‘Chuas síos ar ball go dtí Cora na gCapall go dtí clann Bheairtlí Dhonncha agus thugas an oíche ann – beirt iontach chun grinn iad, Vail is Maidhcil, agus ní aireofá oíche dhá caitheamh in éindí leo. Scríobhas dhá amhrán uathu i gcaitheamh mo chuairte leo.’