Lillis Ó Laoire, ag casadh 4 amhrán a bhailigh Séamus Mac Aonghusa i nDún na nGall ó Dhonncha Ó Baoill
(Dinny Pháidí Duncaí), Leitir Catha, Loch an Iúir. B’as Loch an Iúir a athair, Páidí Duncaí (Duncan), Phós Páidí Bidí Thomáis Fheidhlimí as An Airdmhín. Bhí teaghlach seisear iníonacha agus beirt mhac acu – Peigí, Mary, Lizzie (Sibéal), Annie, Rosaleen, Kitty, Tom agus Dinny (Donncha). Bhí Dinny ina phríomhoide i scoil Ghort an Choirce. Phós sé May Ní Channóin a fuair bás óg. Bhí sé ar maos i seanchas agus sa stair áitiúil. Bhailigh sé mórán sean-amhrán agus bhí sé i dteagmháil le hEnrí Ó Muirgheasa nuair a bhí sé i mbun Dhá Chéad de Cheolta Uladh a thabhairt le chéile. Mhair sé ó c. 1901 go dtí na 1960idí. Bhíodh damhsaí sa halla i Leitir Catha aige oíche Dhomhnaigh agus Céadaoine. Ar an 1 Feabhra 1945, scríobh Ennis go raibh litir faighte aige ó Dhonncha Ó Baoill, O.S., cúpla lá roimhe sin ag iarraidh dornán amhrán. Scríobh Ennis: ‘Duine é a thug slám mór ceoil is amhrán agus cúnamh mór dhom in mo chuardach i dTír Chonaill fómhar 1943 agus earrach 1944, agus arís i bhfómhar na bliana sin. Ba lena mhuintir i Leitir Catha a bhí mo lóistín is mé ag obair thiar sna Rosaibh agus ba daoine geanúla i gcónaí iad.’ (Féach CBÉ 1296: 288).
Ba dlúthchairde iad Séamus Ennis agus Donncha Ó Baoill faoi mar a thugtar faoi ndeara sa dialann. Bhí an-tóir ag gach aon nduine acu ar cheol, ar amhránaíocht agus ar iascaireacht. Déantar tagairt do na damhsaí agus na hócáidí sóisialta eile a ndeachadar fhad leo ar bhonn rialta. Scríobh Ennis, mar shampla, don 16 Lúnasa 1943: ‘Chaitheas an oíche óna hocht go dtína dó le Dinny agus a dheirfiúr agus scríobhas slám amhrán uathu. Níl na focail ach go breac acu ach tá siad scríofa síos ag Dinny, deir sé. Fonnadóirí an-bhinn é féin agus Lizzie, a dheirfiúr.’ Dúirt an bailitheoir béaloidis, Seán Ó hEochaidh amhráin ag seisiún amháin. Scríobh Ennis ar an 24 Lúnasa 1943: ‘Chuas síos go dtí Dinny Boyle le mo leabhar agus shocraigh muid ar dhul amach go dtí an trá agus a bheith ag scríobh agus ag snámh. Casadh Seán Ó hEochaidh i nGort an Choirce dhúinn agus shuigh mise síos ar shuíochán an Hotel ar a 11 a.m. le hamhráin a scríobh uaidh fán ghrian. Shuigh Dinny síos agus bhíodar araon ag tabhairt amhrán uathu go dtí a trí a chlog. Chuamar chun dinnéir agus chuas go dtí Dinny arís ina dhiaidh sin agus scríobhas tuilleadh uaidh go dtí a seacht.’ Léiríonn cuntas an 3 Meán Fómhair 1943 an spéis san iascaireacht: ‘Chaitheas an mhaidin ag iascach le Dinny i mbád ar Loch an Iúir – cúig bhric bheaga’ agus ar an 27 Meán Fómhair an bhliain dar gcionn scríobh sé: ‘Bhí Dinny sa mbaile aréir nuair a tháinig mé. Chaith muid an lá inniu ag iascach. Ní bhfuair muid ach cúpla breac geal. Bhí éirí ar bhradán amháin ach chaill sé é.’