Accessibility


Font sizing

Contrast

Monochrome

Sign up to ITMA Archive

Signing up to the ITMA archive provides the ability to save content you find across the site and access directly from your own dashboard.

Register now

Login

An cóta mór stróicthe, song / Caitríona Ní Cheannabháin, singing in Irish

An cóta mór stróicthe, song, handwritten by Séamus Ennis, CBÉ 1280: 251-253

An Cóta Mór Stróicthe

Seán ‘ac Dhonnacha as Loch Mór (taobh thoir de Ghailli’) a bhí ar a’ bhfear agus Búrcach a bhí ar a’ bhfear eile (as an áit céanna) agus de Mháilleach an bhean a ra’n bheirt ag faire uirthe. D’iarr an Búrcach an bhean a’damsa i dteach an cheóil. D’eitigh sí annsin an Búrcach.  D’iarr Mac Dhonncha ‘nnsin í agus chua’ sí a damsa leis. Ghlaoidh an Búrcach annsin droch-ainim ar an bhean óg agus ní rinne Mac Dhonnacha annsin ach breith ar an iarann ar an mbeaic agus an Búrcach a mharbhú leis an iarann. Rith sé annsin agus lean na gardaí é. Chaith sé lá is bliain ansin i Leitreach Árd. Bhí sé ina bhuachaill ag Seán ‘ac Dhonncha eile annsin ar feadh bliana. Fuair Seán ‘ac Dhonncha as Leitreach Ard, fuair sé freeáilte ansin ón seisiún é nuair a bhí lá ‘s bliain thuas aige. D’imigh sé ‘bhaile ansin agus chua’ sé go Dúbh-Leitir ar a bhealach abhaile dhó agus chaith sé seachtmhain ag ól poitín annsin agus d’fhága sé ‘n ‘Cóta Mór Stróicthí’ déanta ansin ag imtheacht dhó. Nuair chua sé abhaile bhí an bhean a’ guil a’ pósadh agus nuair a chuala sí go rá’ sé ‘stigh thréig sí an fear eile agus chua sí leis féin.

Céad anois atá sé díreach ó rinniú an t-amhrán. Bhí an scéal agus an t-amhrán ag m’athair, beannacht Dé le n’anam.

 

Tá mo chóta mór stróicthí ó Dhónach ‘s é ‘sileadh liom síos,

An t-é chuirfeadh cóir air, mo bhrón, tá sé ‘ bhfad as mo línn,

Tá táilliúir glan cóir ‘san Áird Mhór mar tá Tomáisín Bán*

Agus cuirfe sé green velveteen air is beilt faoina lár.

 

Ghluais mé thar sáile le Máilligh ar uair a’ mheán-oidch’

Bhuail mé faoi Bhúrcaigh, dream diúltuíú as flaithis na naoíú,

D’fhág siad le fán mé ‘cuir fáirnéis cá gcodlochainn ‘san oidch’,

Thóig siad ‘mo cheó mé ‘stá tóir orm amach faoi Thráighlí.

 

Tá m’ioscaidí liúnta ó shíor-shiubhal na móinte seo siar,

Tá mo loirigní gearrtha’s níl áit a’am a leigfinn mo scíth,

Tá mé ‘bhfad ó mo mháthair ‘s níl áit a’am a leigfead mo scíth,

Tá súil le Rí na nGrást’ a’am nach mbeidh fan orm ach tamall ‘s cén bhrígh.

 

‘S tá céad fear a shíleanns má shaothruíonn sé gine nó dhó,

Nach mbainfe sé píghinn as sin choídhch’ nó go gceannuíghidh sé bó,

Ó’s mise nár chuímhr’ ar a’ gcríonnacht, ‘s nár chaith mé go leór,

Ní cuirfear mé choídhch’ gan bráithlín agus connra faoi’n bhfód.

 

Céad slán duit a Loch Mór, ‘sé mo bhrón gan mé ‘nocht lé do thaoíú

Is iomú sin bóthar fad’ uaigneach ‘ guil eidir mé’s í

‘S ann a bhíodh ceól a’ainn gach Dónach is gaisce ‘na suibhe,

‘S bhí ‘n jug ar a’mbórd ánn ‘s mo stór go fial fairsing á roínnt.

 

Tá mo mháithrín tinn tréith-lag, ‘s í go h-aonraic ar chaltha na mbád,

A’ gol ‘s a’ caoíneadh chuil’ oidche ‘s ag éirighe dho’n lá,

Tá ‘comrádaidhe sínte ‘gCill Bhríghde agus leac ar a cheánn,

‘S tá ‘mac ‘fud na tíortha ‘na cheánn siamsa ‘s na raluidhe le mrá.

 

Fad ‘s bhéas mé beó ‘n-Éirinn, ní thréigfe mé imirt ná ól,

Fad ‘s bhéas mé beó ‘n-Éirinn, ní thréigfe mé cualódar óg,

Dhiún fear a phógfadh mo stór ‘s mé bheith ar a shuídhe,

Nach mbainfinn de’n tsrón, nó ba láidir a charaid ‘sa tslighe.

 

Dar mo mhilleadh ‘s dar mo bhuaile(?)’s dar mo mhóide ní shuidhfe mé síos,

I gcualódar ban óg, go deó deó ní ghotha mé ‘ríst,

Chonnaic mé mo stór ‘sí dhá pógadh ag fear chois a’ tighe,

Thuit a’ sruth deór liom agus hobair go mbrisfeadh mo chroí.

 

  • Deir Seán Geary (Aill na Brón) liom gur bean an táiliúra, Tomáisín Bán ó Donnachú, An Áird Mhóir, a rinne an ceathrú seo agus a chuir leis an amhrán é, agus nach ra’ sé ‘san amhrán an chéad lá riamh’. Is dócha gur fíor é. S.MacA.

Nóta  le hathscríobh an cheoil:

Scríobh Ennis ‘Go réidh’ le nodaireacht an cheoil.

Cailín deas crúite na mbó, song / Caitríona Ní Cheannabháin, singing in Irish

Cailín deas crúite na mbó, song, handwritten by Séamus Ennis, CBÉ 1280: 135-137

Cailín Deas Crúite na mBó

Bean a bhí ann ‘sa tsean-aimsir agus bhí sí a’ bleaghan bó ar chúl sconnsa agus bhí sí ‘góil ‘Cailín D.C. na mBó’ agus bhí an t-amhrán gáirsiúil. Bhí sagart a’ guil a’ bóthar agus sheas sé ‘g éisteacht léi. Nuair a bhí ’n t-órán críochnuighthe ‘ci ghlaoidh sé amach uirthe ‘gus chuir sé ge bhreithiúnas aithrighe uirthi bheith ag a‘ bPobal an chéad Dónach eile, bráithlín gheal a bheith síos go talth’ uirthe, píosa dhe chráimh capaill in-a béal seasa’ ‘ndoras a’ tséipéil go mbuailfeadh chuile dhuine ghothadh isteach nó ‘mach smugairle uirthe agus dúirt sí go mbeadh. Bhí Bráthair in-a chomhnuidhe comhgarach di agus chuir sé fios uirthe agus chua sí go dtí é, agus d’iarrtha sé dhi a’ ra’ sí go maith a’ tóigeáil órán. Dúairt sí go raibh. D’árrtha’ bráthair a’ t-órán agus seo mar a duairt sé:

 

Éirígí ‘pheacaí ‘gus músclaí agus cuimhrígí ar Eón Mhac na h-Óigh

Ná smaoinígí ar pheacaí na drúise nó ar mhealladh gach cúilfhinnín óg,

Ach blaoigí ar na h-Aingle ghár gcumhdach ‘s ar ár mbáinríoghan bhreagh curtha na nGlór

Ná’r bhreagh dhúinn mar charaid í lá ‘n chúntais

Ná cailín deas cnóidhte na mbó.

 

Tioca’ mac Muire ghá’r bhféachaint

‘Sa chlann bhocht ag Éansall(?) aniar

Teannaigí lióm is céad fáilte

Gon chathair a gheáll m’athair díb.

An Mhaighdean bhreagh bharramhail ‘tá láidir

Mo ghrá thú ‘s tú áilleacht gach ciall

‘S tú mo chongna’ agus our-láimh na práinne

Ag [Agus? RÓ] molaimuid go h-árd ainm Chríost.

 

Tioca’n an t-árd-phríonnsa gan aimhreas

Chun breithiúnas  a thóirt ar gach naomh

Ní leanaim gá’r cumú ná gá gcúmfar

Nach dtiocaí annsiúd le n-a ghlóir.

Tréicí an fhairrige bhrúidiúil

Agus silthe gach neon-charraig bréan (sic)

‘S nuair a shínfheas a’ t-aingeal an trónfid (trumpet)

Beidh gach anam in-a chomhcholainn fhéin.

 

Nach truagh liom lucht drannaim agus dróise

Lucht meisceóireacht trúm agus póit

Ag éirighe ar maidin Dé Dóna’

Agus a’ spalpadh na miúne [?mionnaí RÓ] ag tigh’n óil

Ná failígí t-Aifreann ar aon chor

Níl sólás ar a’ saoghal seo níos fearr

Ach molaimíd míle ‘gus céad buachas[?buíochas RÓ]

Leis a’ tÉan-Mhac a d’fhuiling a’ Pháis.

 

(ó n-athair).    Ó Val Bheartla Ó Donnchú

Dubhairt an sagart léithe nuair a tháinic sí ag a’ bPobal an t-órán a rádh agu,s duairt sé ‘pé brí cé mhúin fios do ghroithe dhuit mhúin sé go maith dhuit é, ach beannacht duitse’ deir sé ‘agus mallacht go bhéal do mhúinte’.

Nóta  le hathscríobh an cheoil:

Scríobh Ennis ‘(Ón duine céadna)’ le nodaireacht an cheoil, is é sin Vail Bheairtle Ó Donncha.

  • 2 Songs
  • • Now Playing:

An cóta mór stróicthe, song / Caitríona Ní Cheannabháin, singing in Irish

0:00
0:00
  • An cóta mór stróicthe, song / Caitríona Ní Cheannabháin, singing in Irish

    • https://staging.itma.ie/playlists/caitriona-ni-cheannabhain-playlist/?track=1
  • Cailín deas crúite na mbó, song / Caitríona Ní Cheannabháin, singing in Irish

    • https://staging.itma.ie/playlists/caitriona-ni-cheannabhain-playlist/?track=2